Ceóltóirí
I
Ba le Pól Duḃ an Teaċ Mór agus a raiḃ de ṫalaṁ ṫart air, agus má ḃí suas le leiṫ ċéad seómra ann, níor ḃac sé aċt le aon tseómra aṁain mar is ann ḃíoḋ a ċaṫaoir ṁór ṡuaiṁnis féin, an bórd ar a leagtaiḋe lón ċuige, agus a ṡeanḃeiḋlín ḃíoḋ ar croċaḋ i n-aice na caṫaoireaċ nuair naċ mbíoḋ sé i ngreim ag fear an Tiġe Ṁóir.
Aċt ní minic ḃíoḋ an seanḃéiḋlín ar croċaḋ. Ní raiḃ de ċáirdiḃ ag Pól Duḃ aċt a ġléas ceóil, agus fear ḃíos ar aon ċaraid sa saoġal áluinn seo ní maiṫ leis aon aċar fada ċaiṫeaṁ as a ċuideaċtain. Le cúig bliaḋna déag d’aimsir ní raiḃ Pól Duḃ agus a ḃeiḋlín míle bealaiġ ó n-a ċéile. Gaċ uile oiḋċe sa mbliaḋain, ċloisṫeá ceól sa Teaċ Mór. Dá ḋeireannaiġe ṡiuḃalṫá an bealaċ cloisṫeá na ceólta breáġṫa ann; dá ṁoiċe ḃeaḋṫá do ṡuiḋe ar maidin ḃeaḋ fuamanna binne le clos agad. Agus is iomḋa sgéal agus sgéal sgéil ḃí ag gaḃail ṫart faoi ċeól an Tiġe Ṁóir. Duḃraḋ—(Dia idir sinn agus gaċ anaċain!) duḃraḋ narḃ é fear an Tiġe Ṁóir ḃíoḋ ag gaḃail an ċeóil ann ar ċor ar biṫ aċt taiḋḃsí na ndaoine cuireaḋ ċun báis ann san am ḃí ṫart! Ḃí dream eile ann a ċreid gurab é an diaḃal féin ḃíoḋ ag céolteóireact ann, go b’ sin [ 2 ]cuid de’n ṁargaḋ ḃí idir fear an Tiġe Ṁóir agus an sean ḃuaċaill—an diaḃal ḃeiṫ n-a ṁaiġistir ceóil aige le na ḃeó! Ċuirfeaḋ cuiḋ eile ’n-a luiġe ort naċ ceól ḃíoḋ ann ar ċor ar biṫ aċt caoineaċán na marḃ—glórṫa mí-ṡuaiṁneaċa ó’n tsíoraiḋeaċt— mar ní raiḃ aon ḟear de ḃunaḋ Ṗóil Ḋuiḃ le cúig glún anuas naċ ḃfuair an-ḃás éigin....
Aċt má ċuala a lán an ceól, cá raiḃ an t-é d’ḟéadfaḋ a raḋ go ḃfaca sé an ceóltóir? Ní raiḃ sé ann. San oiḋċe nuair ḃíoḋ Pól Duḃ n-a suiḋe n-a ċaṫaoir ṁóir ṡuaiṁnis agus an seanḃeiḋlín faoi n-a uċt aige, ḃíoḋ dallóga troma duḃa ar na fuinneógaiḃ, agus lampa árd n-a ṡeasaṁ ar an urlár le n-a ais. Ḃíoḋ na dallóga duḃa troma céadna orra i lár an lae ġil gréine, agus an lampa árd céadna ar lasaḋ le n-ais, aċt mo léan! Ní raiḃ call leis an lampa sin de ló ná d’oiḋċe—ḃí an ceóltóir iongantaċ n-a ḋall....
Ḃí an ceóltóir, ḃí Pól Duḃ n-a ṡuiḋe oiḋċe n-a ċaṫaoir ṁóir agus an seanḃeiḋlín i ngreim aige nuair bualaḋ cnag beag ar an doras. Ḃí ḟios aige cé ḃí ann. Níor ṫáinic aon duine isteaċ ṫar tairsiġ an tseómra sin le cúig bliaḋna déag, aċt Sean-Crosaċ an t-aon searḃóġantaiḋe aṁain ḃí sa Teaċ Mór. Aċt b’éigin do Ṡean-Ċrosaċ féin foiġid a ġlacaḋ ag an doras gur ḟág a ṁáiġistir an gléas ceóil uaiḋ, gur ḋeasaiġ sé na spéaclairí móra gorma ar a ṡróin leis na puill gránda ḃí ’n-a ċloigeann a ḟoluġaḋ. Níor facṫas ariaṁ é gan na speacláirí sin: ó dallaḋ é ní leigfeaḋ an ṁórċúis ḋó a loit noċtaḋ do éinne.
[ 3 ]Ṫainic an fear aimsire isteaċ.
Ṫóg Pol Duḃ a ċeann. D’ḟéaċ i dtreó an tsoluis. Leig air féin go raiḃ fearg air.
“A Ċrosaiġ,” ar seisean, “is baoġallaċ go gcaiṫfead sgaraḋ leat mara ndéanfaiḋ tú an obair níos fearr.”
“Ce’n obair a ṁaiġistir?” agus ṡílṫeá go raiḃ iongnaḋ ar Ṡean-Ċrosaċ.
“Cé’n obair an eaḋ? Féaċ ar an lampa sin—”
D’ḟéaċ Sean-Ċrosaċ air. Ḋearc sé faoi agus ós a ċionn agus ṫarais. Tóg sé é. D’árduiġ sé an ḃuaicis. D’ísliġ arís í. D’ḟan aċar beag deas ag féaċaint ar an lampa agus gan fios aige céard ḃí ar cearr leis. Ba dóiġ leat air naċ ḃfaca sé ariaṁ lampa ṡáruiġ é ar ġile ná ar ġlaine ná ar ḋéanaṁ.
Ḃí sé ar tí a ṁolaḋ nuair ṫainic raċt feirge bréige ar a ṁaiġistir.
“Tá gloine an lampa sin ċoṁ salaċ le do ṡeanṡróin,” ar seisean de ġlór ṁór, “glantar í go beó!” agus ḃuail sé aṫṁóg ar an mbórd.
Rug Sean-Ċrosaċ ar an lampa, le n-a ġlanaḋ. Ḃí sé ġ’á iomċar amaċ nuair sgread a ṁaiġistir air.
“Fan!”
D’ḟan Crosaċ. Beaṫa ṡearḃóġantaide toil a ṁaiġistir b’éidir.
“Gaḃ anonn agus cuimil do ḃos de’n ḃórd sin ṫall.”
Rinne an fear aimsire é. Rug a ṁaiġistir ar laiṁ air, go raiḃ an ḃos a cuimliġead de’n ḃórd faoi [ 4 ]ṡolus geal an lampa aige. Ṡílṫeá go raiḃ sé ag sgrúduġaḋ na boise, go ḃfaca sé a raiḃ de ḋeanaċ air.
“Dústa trí lá,” ag taḃairt breiṫeaṁnais air ḃí sé, ċeapfaḋ duine.
Rug an fear aimsire ar ċirteaċ leis an mbórd a ġlanaḋ.
“Sgrios! Ná feictear annseo arís anoċt ṫú!”
“Aċt an punċ a ṁaiġistir—”
“Sgrios adeirim nó—”
Ní ḋeárna Sean-Ċrosaċ aon ṁoll go raiḃ sé ar an taoḃ eile de’n doras. Annsin ṫug sé trí léim agus ní fios cé ṁéad truslóg le cur i n-iúl ḋó féin, agus do pé ar biṫ taise ḃí ag déanaṁ airneáin san halla fada dorċa gur amadán ḃí n-a ṁaiġistir agus a ċeapaḋ go gcuirfeaḋ sé i gcéill dósan— ċonnaic de ló agus d’ oiḋċe é—go raiḃ aṁarc na súl aige. Aċt má ḃí ḟios ag Crosaċ gur dá ṡúil gan ḃeoḋaċt ḃí ar ċúl na spéacláirí gorma, níor leig sé rún a ṁaiġistir le éinne eile: is beag duine ċífeaḋ an fear árd duḃ ag gaḃail an bóṫar go mall cúramaċ le n-a ṁaide treóir a ċeapfaḋ go raiḃ aon niḋ ba ṁeasa ná sgoltaċa ag gaḃail dó. Nár ṡiuḃal sé an bóṫar ċoṁ díreaċ le cáċ? Ce’n fáṫ go gcaiṫfeaḋ sé spéacláirí maraċ go raiḃ gaḃaḋ aige leó? Agus cé’n gaḃaḋ ḃeaḋ ag dall leó? Moille beag raḋairc agus na sgoltaċa—sin a raiḃ air de réir na ndaoine ṫart; agus bḟeárr le Pól Duḃ ná cuid ṁaiṫ dá maoin ṡaogalta nár ceapaḋ a ṁalairt, naċ gceapfaḋ an fear aimsire féin é.
An ṁórċúis b’éidir, nó....
[ 5 ]Ṫóg Pól Duḃ an ḃeiḋlín agus ṫosuiġ ag ceól- tóireaċt ḋó féin. Ar ċlos do Ċrosaċ an céol breáġ meiḋreaċ ḃí istiġ, stad sé de ċaiṫeaṁ na truslóg, agus ṫosaiġ ag daṁsa ar fud an halla ḟada ḋorċa agus ag mallaċtaḋ a ṁaiġistir, agus mionn mór neaṁċoitċianta ġá ṫaḃairt aige i n-aġaiḋ gaċ coiscéime—aċt is ró-ċinnte go ḃfuiġeaḋ fear eile ḋéanfaḋ a leiṫéid droċ-íde ón ḃfear aimsire céadna.
II
Níorḃ é Crosaċ aṁain ċuala céol an Tiġe Ṁoir an oiḋċe sin. Ḃí stócaċ i n-aice na h-áite agus ḃí sé ag éisteaċt leis ó ṫosaiġ sé. Cuireaḋ iongantas air, cuireaḋ aoiḃneas air; cuireaḋ uaṫḃás air mar cuireaḋ go minic ċeana. Dá ḃféadfaḋ sé an ceoltóir draoiḋeaċta ḟeiceál! Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ draoiḋeaċt nó diaḃalaiḋeaċt ḃeiṫ ag baint le n-a leiṫéid de ċeól ḃreáġ aoiḃinn meiḋreaċ? Ḃí an dánaċt sa stócaċ ó ḋúṫċas, agus an fiosraċt, agus an dúil niṁe aige i gceól: ní ḃeaḋ an suaiṁneas i ndán dó go ḃfeicfeaḋ sé le n-a ṡúiliḃ cinn an ceóltoír draoiḋeaċta agus an ceól ’á ġaḃail aige, bíoḋ is gur bagruiġeaḋ air go minic gan a ḋul i ngar do’n áit ar ċor ar biṫ. Aċt mara gaḃfaḋ sé i n-aice na h-áite cé’n ċaoi mbéaḋ ceól aoiḃinn nuaḋ aige le seinnt ar a ḃeiḋlín féin? Agus gan an ceól breág d’ ḟoġluim sé ó ḃeiṫ ag éisteaċt i ngan ḟios gaċ oiḋċe le ceóltóir an Tiġe [ 6 ]Ṁóir naċ iomḋa lá bróin ḃéaḋ air féin agus ar a ṁaṫair ḃoċt?
Rug an fiosraċt agus an dúil ḃí aige i gceól agus i n-eaċtraiḃ contaḃairteaċ’ an buaiḋ ar ar ċuala sé ariaṁ faoi ’n gceóltóir diaḃalta. D’eiriġ leis éaluġaḋ leis isteaċ sa Teaċ Ṁór agus Crosaċ ag daṁsa ḋó féin san halla fada, go ndeaċa sé isteaċ i séomra an ċeóltóra.
Ṫáinic uaṁan air nuair ṡeas sé i láṫair an ċeól- tóra—ḃí ná spéacláirí bainte ḋe aigesean, an ḃeiḋlín le n-a ais ar an mbórd, a ċeann duḃ deáġċumṫa mongaċ faoi, agus brón ṫar aon ḃrón dá ḃfaca an stócaċ ariaṁ n-a éadan....
Ṫáinic taċtaḋ éigin ar an stócaċ boċt. Ḃí truaiġ aige do ḟear an ḃróin. Ḃí fonn air laḃairt leis, aċt ní leigfeaḋ eagla ḋó é. Ḃí fonn air breiṫ ar an ḃeiḋlín agus croiḋe an ċeóltóra ṫógḃáil leis an gceól áluinn d’ḟoġluim sé uaiḋ féin i ngan ḟios, dá leigeaḋ eagla ḋó é....
Ċorruiġ sé. Ṁoṫuiġ an dall é, ṫóg sé a ċeann agus is annsin ċonnaic an stócaċ an t-uaṫḃás ċuirfeaḋ creaṫaḋ ar ċroiḋe cróḋa, ċonnaic sé i gceadóir súile millte an ċeóltóra....
Níor ḟéad sé anál a ṫarraingt ar feaḋ aċair ḃig. Leis an uaṁan ḃí air níor ḟéad sé corruiġṫe. Ṡíl sé éaluġaḋ leis. Ní raiḃ ann cos a ḃogaḋ, aċt é n-a ċoluṁain ḟaiteaċ annsin agus a ḋá ṡúil greamuiġṫe i n-éadan ṁillte an daill.
D’éiriġ an ceóltóir n-a ṡeasaṁ. Céard ḃí faoi a ḋéanaṁ? Cé’n droċ-íde ṫiuḃraḋ sé ar an t-é a raiḃ sé de ḋánuiġeaċt ann cur isteaċ air? Ṫáinic [ 7 ]creaṫaḋ ball ar an stócaċ—ḃí an ceóltóir draoiḋeaċta ag déanaṁ air! Ḃí an t-uaṫḃás buailte leis! Dá ḃféadfaḋ sé imṫeaċt! Ṫug sé coisméag, aċt má ṫug, ṫug an dall cor codramánta agus idir eatorra leagaḋ agus briseaḋ an lampa árd.
Ní raiḃ ḟios ag an stócaċ cé’n ḟaid ċaiṫeadar beirt annsin n-a dtost sa dorċadas. Ṡíl sé go gcuala sé sgréaċ taoḃ amuiġ—sgread mar leigfeaḋ ainṁiḋe ḃéaḋ gaḃṫa—an ġaoiṫ i mbárraiḃ na gcrann guiṁaise b’ḟéidir....
III
Aċt cé ḃí ag déanaṁ an ċeóil? An aṁlaiḋ go raiḃ an seanḃeiḋlín ag seinnt uaiḋ féin san dorċadas? Ḃí an stócaċ cinnte go raiḃ an gléas ceóil annsin ar an mbórd agus nár corruiġeaḋ é; go raiḃ an dall i n-aice na fuinneóige agus nár ċorruiġ sé—agus siúd é an ceól, an céol diaḃalta ar ar tráċtaḋ go minic n-a ċluasaiḃ!
Ḃí an ceól go mín réiḋ i dtosaċ ar nós páisde ḃéaḋ ag claṁsán ’n-a ċodlaḋ. Ṫáinic borraḋ ann go raiḃ sé cosaṁail le ḋá ġaḋar ḃéaḋ ag aṁastraig ar an ngealaiġ. D’eiriġ sé borb dána fíoċṁar go raiḃ sé ag imṫeaċt ṫart ós a ċionn n-a ruaille- buaille diaḃalta, gur leigeaḋ aon sgréaċ aṁain agus ḃí an áit ċoṁ socair leis an uaiġ....
Leig an fear dall osna.
Baineaḋ creaṫaḋ as an stócaċ....
[ 8 ]An céol arís! Ċuala sé foġar ag gaḃail ṫart sa seómra mar ḃéaḋ ḋa ċolúr ag molaḋ a ċéile agus ag déanaṁ gráḋ le ċéile lá gréine earraiġ. Ṫáinic cosaṁlact glór ban ar ġlór colúir díḃ; í ag casaoid agus ag gearán agus ag bagairt; í ag caoi agus ag impiḋe agus ag aṫċuinge; glór fir le clos tríd an gceól, é ag plamás agus ag bladar, gá meallaḋ agus gá bréagaḋ, le briaṫraiḃ boga binne....
Ċeap an stócaċ go ḃfaca sé annsin ós coṁair a ḋá ṡúil iad. An fear n-a ṡeasaṁ agus an ḃean ar a glúnaḃ; ise go h-impiḋeaċ, eisean go ceanndána; ise go bagarṫac, eisean ag taḃairt a duḃṡlán— aċt céard sin? Béic uaṫḃásaċ ón ḃfear, sgread péine!
Ġeit an stócaċ. Ḃí sé cinnte gur ḃéic duine ċuala sé, gur eiriġ timpíst éigin dón te ḃí i n-aonḟeaċt leis sa seómra. Ḃí sé ar tí laḃairt, ar tí caḃruġaḋ leis an té gortuiġeaḋ aċt gur ṫosuiġ an ceól aris. Ceól magaṁail ḃí ann an uair seo, ceól sgigeaṁail, an ceól ḃéaḋ ag diaḃal ḃéaḋ ṫar éis dioġaltas ḃaint amaċ.
“I n-ainm Dé céard tá déanta agat?”
Ḃí an stocaċ dearḃṫa gur laḃair an dall, go gcuala sé an ceól magaṁail, go ḃfaca sé an raḋarc ċonnaic sé féin.
“I n-ainm Dé céard tá déanta agat,” ars an glór arís go doiliġeasaċ, ar nós taise seanċeóltóra ḃeaḋ go míṡuaiṁneaċ n-a uaiġ ḋorċa gan a ġléas ceóil. Aċt sul má fuair sé freagra, ṫosuiġ an ceól arís. Ḃí boige ann anois, boige agus binne [ 9 ]ḃainfeaḋ an t-olc ó ċroiḋe daonna. Ḃí dubrón agus croiḋe-ḃruġad agus céasaḋ intinne ġá noċtaḋ sa gceól sin, peacaiġ damanta ag iarraiḋ maiṫea- mnais ar Ḋia, diaḃail ag magaḋ fúṫa agus ġá mbrostugaḋ ċun iarraiḋ eile gan tairḃe ṫaḃairt...
D’éaluiġ osna ó’n dall. Ṡíl an stócaċ a ṫeanga a ḃogaḋ. Dá ḃféadfaḋ sé laḃairt leis an dall, dá ḃféadfaḋ sé iarraiḋ air cosg a ċur leis an gceól- tóir draoiḋeaċta ḃí ag baint na meaḃraċ de!
Ní raiḃ call leis. Níor ṫosuiġ an ceól arís. Dá mbéaḋ solus sa seómra, d’ḟeicfeaḋ an stócaċ an fear dall n-a ṡuiḋe n-a ċaṫaoir ṡuaiṁnis é ġá luas- gaḋ anonn agus anall le cuṁa agus le doiliġeas agus le dubrón; agus dá mbéad an solus naċ mbronntar aċt ar an mbeagán aige, ṫuigfeaḋ sé faṫ an ċuṁa sin, noċtóċaiḋe ḋó naċ easbaiḋ aṁairc, ná éadan millte ḃí ag cur air, ḃéaḋ ḟios aige gur minic agus ro-ṁinic san oiḋce le cúig bliaḋna déag gur ḃuail taom bróin dá ṡort é i ngan ḟios do’n tsaoġal, agus naċ raiḃ ḟios a aḋḃair ag neaċ aċt ag an dall boċt féin aṁain....
IV
“A Antoine!”
Ní ċreidfeaḋ an stócaċ a ċluasa. Laḃraḋ leis. Luaḋaḋ a ainm mar ṡíl sé—aċt cé’n ċaoi mbéaḋ a ḟios ag an dall cé’n t-ainm ḃí air. Ḋraoiḋeaċt na h-áite agus na h-uaire ḃí ag baint na meaḃraċ de.
Ċuir sé cluas air féin. Ní raiḃ le cloisint aige [ 10 ]aċt an dall agus cainnt aisteaċ do-ṫuigṫe ar siuḃal aige. Leis féin ḃí sé ag cainnt ṡíl an stócaċ —nó leis an diaḃal nó an taise ḃíoḋ ag ceóltóir- eaċt ḋó. Ḃí sé ag braṫ ar éaluġaḋ ó’n áit ṁalluiġṫe, aċt ṫiuḃraḋ sé an leaḃar gur laḃraḋ leis arís:
“A Antoine!”
Ġeit sé. Níor laḃair. Ní ḋeárna sé aċt ḋul anonn go dtí an áit a raiḃ an fear dall n-a ṡuiḋe agus an taom bróin air, agus laṁ a leagaint ar ġualainn air le fóirṫín air.
“Cé sin?” ars an dall agus é sgannruiġṫe i ndá ríriḃ. “Cé sin adeirim?”
B’ḟuras d’aiṫint air gur ċeap sé go raiḃ sé leis féin ar feaḋ an aċair.
“Cé ṫusa?”
“Mise Antoine—Antoine Beag ó Gríoḃṫa—nár ġlaoḋ tú orm ar ball beag?”
Má ḃí ceapaḋ ag an dall i dtosaċ gur spioraid nó taise oiḋċe nó clúraċán éigin ḃí aige ann, ṫuig sé gan móill nár ḃ’eaḋ aċt stócaċ óg.
“Agus céard ṫug ann ṫú?” ar seisean.
“An ceól”
“Agus cé’n ċaoi ar eiriġ leat ṫeaċt isteaċ?”
D’innis Antoine Beag sin dó. Ḃí greim ag an dall air ar eagla go n-imṫeóċaḋ sé. Ní ḟaca ceaċtar aca a ċéile annsin sa dorċadas aisteaċ sa Teaċ Mór. Níor ċuala siad aċt a nglórṫa féin.
“’Raiḃ tú i ḃfad annseo gur laḃair tú?” Ṡílṫeá go raiḃ imniḋe ar an dall.
[ 11 ]“Ḃí: ó ṫosaiġ an ceól—an ceól draoiḋeaċta sin ḃíos annseo ’ċ uile oiḋċe—”
Ċuir an dall isteaċ air.
“Dúil sa gceól ṫug annseo ṫú: Ḃfuil ceól agat féin?”
“Tá beagán—”
Duḃráḋ leis port a ṡeinnt. Ḃí Antoine Beag n-a ċeóltoir ó ḋúṫċas. Is beag ceól dá gcuala sé ariaṁ naċ ḃféadfaḋ sé aiṫris ḋéanaṁ air. Ċroċ sé suas port aeraċ, ceól meiḋreaċ a ḃog croiḋe an daill. Ċas sé ar an bport go dtáinic boige agus binne ann, ar nós an ċeóil ḃí ġá ġaḃail tamall beag roiṁe sin.
Má ḃí súile gan beoḋaċt gan léargus ag fear an Tiġe Ṁoir, ḃí cluasa aige rinne obair cluas agus súl ḋó. An ceól dár ġaḃ sé féin, agus ḃí ġá ċleaċtaḋ ag an stócaċ ċoiṁṫiġeaċ seo, ċuir sé i gcuiṁne do’n dall eaċtraí n-a ṡaoġal féin sul ar ḃuail an dorċadas é. Ġoil na seanċuiṁní ċoṁ mór sin air ’s go mb’éigin dó cosg a ċur leis an gceóltóir óg....
Ḃí sé amuiġ san oiḋċe nuair sgar an ḃeirt ċeóltóirí le ċéile. Ḃí ḟios ag an ḃfear dall gur aḋḃar maiṫ ceóltóra ḃí san ógánaċ, aċt ḃí iongantas air go dtig sé cuireaḋ ḋó ṫeaċt arís oiḋċe eile.
A ċeóltoir ḋaill céard a ċuir do ċeann a leiṫéid a ḋéanaṁ agus cuireaḋ ṫaḃairt do stócaċ óg naċ ḃfaca tú ariaṁ ċeana? Naċ iongantaċ leat féin é a ċéoltóir—fear mar ṫú naċ raiḃ duine do ṫeaċ agad le cúig bliaḋna déag? Agus ó ṡíl an stócaċ céadna gur luaḋuiġ tú a ainm, go raiḃ cineál [ 12 ]aiṫne draoiḋeaċta agat air, naċ raiḃ ceart agat innseaċt dó naċ aṁlaiḋ ḃí an isgéal?
V
I ndiaiḋ a ċéile d’eiriġ dlúṫ-ċáirdeas idir an mbeirt—idir Pól Duḃ, fear an Tiġe Ṁóir, agus Antoine Beag ó Gríoḃṫa, nó Antoine Beag an Ċeóil mar tugaḋ air. Is corr-oiḋċe naċ mbíoḋ Antoine Beag an Ċeóil ar cuairt ann, agus is annaṁ naċ dtiuḃraḋ sé port nuaḋ aḃaile leis. Dá mbéaḋ sé gan teaċt ḃíoḋ uaigneas ar Ṗól. Ḃíoḋ se mí- ṡasta cantalaċ. Ḃeireaḋ sé ar a ḃeiḋlín agus ḃaineaḋ greadaḋ ceóil as. Ċaiṫeaḋ sé uaiḋ arís é: cé’n ṁaiṫ ḃéiṫ ag gaḃail ceóil gan luċt éiste agat? Ġlaoḋaḋ sé ar Ṡean-Ċrosaċ. Deiread sé leis go mbéaḋ air sgaraḋ leis, naċ raiḃ sé ag déanaṁ a ġnóṫa mar ba ċóir, naċ raiḃ ann aċt sgafaire leisgeaṁail gan maiṫ....
Ḃualaḋ sé amaċ faoí’n spéir annsin. Ṡiuḃlaḋ sé leis féin ar an mbán le n-a ṁaide treóir agus cluas air. Fuamanna beaga aisteaċa na h-oiḋċe ba ḃreáġṫa leis an dall. Ní bíoḋ fuaim díḃ naċ mbíoḋ ḟios aige cé as a dtáinic sé agus céard a rinne é; dá leigfeaḋ bó géim aisti ḃéaḋ ḟios aige cé’n t-aċar uaiḋ ’raib sí. D’aiṫneóċaḋ sé ’ċ uile ċrann sa gcoill ar an gceól ġníṫeaḋ an ġaoiṫ n-a ċraoḃaċaiḃ—agus ḃíoḋ leas-ainm aige ar gaċ ceól díḃ—ċeól na guiṁaise ḃíoḋ ag síorċaoineaḋ na marḃ, ceól na fuinnseóige ḃíoḋ ċoṁ meiḋreaċ le [ 13 ]bainrioġain na síḋe oiḋċe Ḃealtaine, ceól na gcrann daraċ ḃíoḋ go maorḋa agus go soluṁanta—ba ḃinn le cluais an daill iad uile. Ṫéiḋeaḋ sé go dtí easaċ ḃí i ngar do’n Teaċ Mór agus ċaiṫeaḋ sé cuid ṁaiṫ de’n oiḋċe ag éisteaċt le n-a ġlór. Dá mbéaḋ baisteaċ ann dob aṁlaiḋ dob ḟearr leis é. Annsin ḃíod raḃarta mór uisge dul le fanaiḋ ann agus d’ḟanaḋ an dall ag éisteaċt leis an tormán agus aoiḃneas air.
Is minic fuair Antoine Beag an Ċeoil annsin le cois an easaiġ é, a ḃairéad bainte ḋe aige, a ċeann mór mongaċ duḃ i n-áirde, an ġealaċ ag soillsuiġaḋ anuas air, cluas air ag éisteaċt le ceóltaiḃ oiḋċe na cruinne....
Ṫeiḋeaḋ an ḃeirt ċarad aḃaile le ċéile annsin agus ḃíoḋ ceólta le clos sa Teaċ Mór go fáinne an lae go minic.
Ḃí cáil an ċeóil amuiġ ar Antoine Ḃeag. Is minic tugtaí cuireaḋ ḋó ḋul ar an mbainis seo nó ar an gcéiliḋ sin. Agus ṫeiḋeaḋ. Níorb ḟeárr leis rud ar biṫ ná a ċlisteaċt ṫasbáint. Ḃí sé tugṫa suas ḋó naċ raiḃ fear ceóil sa taoḃ sin tíre aċt é féin. Ṡáruiġ sé uile go léir iad.
Aċt cá ḃfuair sé an ceól aisteaċ iongantaċ ḃíoḋ ġá ġaḃail aige? Ní raiḃ ceapaḋ ag éinne gur sa Teaċ Mór ṫóg sé é: Ḃí droċ-ċail ar an áit, mór-ṁór san oiḋċe, agur níor facṫas é dul ann nó ag teaċt as ariaṁ: dá dteiḋeaḋ féin naċ beag an ḟáilte ḃéaḋ roiṁe ag an dall crosta dorċa? Sin é ceapaḋ.
Fiafruiġeaḋ dá ṁaṫair cá’r ḟoġluim sé an ceól [ 14 ]—an ceól draoiḋeaċta mar tugaḋ air. Aċt ḃí sise ċoṁ dall le cáċ. Ní raiḃ ḟios aici aċt oiread cá mbíoḋ sé ag déanaṁ an airneáin. Ṁéaduiġ sin an t-iongantas. I leabaiḋ a ċéile ṫosuiġ daoine ag ceapaḋ naċ stócaċ saoġalta ḃí i n-Antoine Beag an Ċeóil. Naċ mbíoḋ sé ag imṫeaċt leis de ṡiuḃal oiḋċe ṫar na bántaiḃ ar nós duine naċ raiḃ “ceart?” Cad ċuige nár ṁéaduiġ sé? Cad ċuige naċ raiḃ sé breáġ mór ar nós stócaiġ dá aois? Agus an daṫ ḃí air! Ar ndoiġ níor facṫas ariaṁ malraċ ḃí ċoṁ tnáiṫte leis, ċoṁ bán sna ceannaċaiḃ leis, ċoṁ caol sna guailniḃ leis, ċoṁ h-éadtrom leis—ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ ṫar cúig cloċa meaḋċain agus ceiṫre bliadna déag caiṫte aige! Maidir le n-a ḋá ṡúil—ḃí doiṁneaċt agus ciall na seaċt suaḋ ón Oirṫear ġá noċtaḋ ionnta! Agus an ċainnt aisteaċ ḃíoḋ aige go minic—ár ndoiġ dá mba ógánaċ “ceart” ḃí ann ní laḃraḋ sé ar an mbealaċ sin....
Duḃairt bean le bean eile go raiḃ ḟios aice cá ḃfuair Antoine Beag an ceól; go raiḃ sé n-a rún agus nár ṁaiṫ léiṫi an sgéal a leaṫaḋ air—aċt ó’s ise ḃí ann, nár misde léiṫi a innseaċt, go raiḃ ḟios aice naċ ngaḃfaḋ an sgéal níos fuide, nár ṁaiṫ léiṫi doċar a ḋéanaṁ go éinne beó, naċ ndeárna ariaṁ agus naċ ndéanfaḋ ċoiḋċe.... agus ḃí an-ċogarnaċ aca!
Duḃairt an ḃean eile leis an ngaoiṫ aniar go raiḃ laṁ-istiġ ag Antoine Beag an Ċeoil—agus ag a ṁaṫair—leis na daoine maiṫe, gur uaṫa d’ ḟoġluim sé an ceól; agus maraċ gur innis an [ 15 ]ġaoiṫ aniar do ṁnaoi eile é, ce’n ċaoi a mbéaḋ ḟios aici-sean go mbíoḋ Antoine Beag an Ċeóil agus a ṁaṫair ag imṫeaċt san oiḋċe ag marcaiḋeaċt ar ḋá sguaib agus ceólta diaḃalta a ṁusglóċaḋ do ṁairḃ ġá ngaḃail aca?
Seaċnuiġeaḋ an clúraċán bídeaċ sin Antoine Beag an Ċeóil. Ní ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ ḋul ar ḃainis ná ar ḋáil, má ḃí ceól aoiḃinn féin aige. Seaċnuiġeaḋ a ṁáṫair mar an gcéadna. Dá ḃfeiceaḋ fear iasgaireaċta ar maidin í, d’ḟillfeaḋ sé aḃaile. Dá ḃfeiceaḋ bean í, tar eis eirġe ḋi, ċuirfeaḋ sí coṁarṫa na Croise uirri féin. Is beag duine a raiḃ sé de ḋánaiḋeaċt ann cuairt ṫaḃairt ar a teaċ. Fanaḋ amaċ uaiḋ mar fanaḋ amaċ ó’n Teaċ Mór féin san oiḋċe....
Aċt ní aṁlaiḋ ḃí an sgéal nuair ṫáinic sí san áit i dtosaċ, í féin agus a mac. Ní raiḃ ḟios cé as a dtángadar, nó cé dár díḃ iad, nó cé’n cineál daoine iad.
Tugaḋ faoi deara gur bean faoi leiṫ ḃí innti, go raiḃ nósa faoi leiṫ aici, naċ raiḃ dúil aici ḋul ar cuairt annseo ná annsúd, ná cainnt a ḋéanaṁ faoi aon rud ḃain léiṫi féin. Ḃí sí óg—n-a baintreaḃaiġ óig—aċt má ḃí sí óg féin ċaiṫ sí éadaiġ d’ḟeilfeaḋ ní bḟeárr dá máṫair. Ṡeandolmán glas-uaiṫne caiṫte agus boinéad de’n ċineál gránda caiṫtí leiṫċéad bliaḋain ó ṡoin is mó ḃíoḋ uirri. Má ḃí sí cúig bliadna déag agus fiċe b’ṡin a méid, aċt ḃí sí ag eirġe liaṫ, go mór-ṁór ós cionn a ḋá cluais, agus má ḃí an óige agus an ṁeiḋir le feiceál n-a ḋá súil ġlais ar uairiḃ, is minice ná [ 16 ]sin d’ḟeicfiḋe an doiliġeas agus an dubrón ionnta....
Is corr-uair ṫiocfaḋ meangaḋ gáiriḋ ar a béal; nuair a ṫiocfaḋ deirṫeá gur mó d’ḟeil an meangaḋ sin dá béal ná aon ṁeangaḋ ṫáinic ar ḃéal mná le do ċuiṁne. Ṡílṫeá go raiḃ friġid an ṁeangaiḋ ṫar éis a ḃeóċaint i gceadóir, nár ṫáinic meangaḋ ar ḃéal ariaṁ go dtáinic ar ḃéal na mná sin.
Ní raiḃ ḟios an bean tuaṫa nó bean uasal ḃí innte: ḃí airgead aici—cuid ṁaiṫ ceapaḋ; ḃí foġluim uirri—cá ḃfios cé ṁéad?
Ḃí sí n-a hiongantas ag a lán—an óige i gcrot ṡeanda, an ṁeiḋreaċt báiḋte ag an mbrón, an béal ḃí meangaċ gáireaċ cainnteaċ ó ḋúṫċas n-a ḃéal daingean cruaiḋ tostaċ. Má ċeap luċt na seafóide agus an aineólais go raiḃ draoiḋeaċt nó diaḃlaiḋeaċt ag baint léiṫi féin agus le n-a mac, agus má ṡeaċain siad an ḃeirt ar an áḋḃar sin, ḃí daoine eile ann agus ċeapadar gur bean a raiḃ rún a baint léiṫi í, agus ṫiuḃraidís a lán, aiṫne ċeart ċur uirri. Aċt má’s draoiḋeaċt ḃí ag baint léiṫi, nó má ḃí rún uaṫḃásaċ aici, ní ḃfuair ceaċtar de’n dá ḋream cuireaḋ ċun a tiġe ariaṁ.
VI
Is beag a rinne sí nár ċuir dream éigin a ċraiceann féin air.
Ḃuail sí amaċ ag siuḃlóid di féin lá. Maidin iongantaċ ṡaṁraiḋ ḃí ann. An ġrian ag súgraḋ le [ 17 ]bláṫaiḃ ioldaṫaċa, an ġaoiṫ andeas go meiḋreaċ ag iarraiḋ cur-isteaċ ar a spóirt. An doṁan mór go béoḋa gliondaraċ.
Aċt ní culaiṫ aéraċ ṡaṁraiḋ ċaiṫ sise. Ní aiteas ḃí n-a croiḋe. An seandolmán glas-uaiṫne ḃí uirri. An boinéad duḃ gránda ar a ceann. A ḋá béal buailte ar a ċéile. Bior n-a ḋá súil. Fuadar fúiṫi.
Ġluais léiṫi ṫar an aḃainn suas sráid an ḃaile ḃig go ndeaċa sí isteaċ sa gcoill atá i ḃfogus do’n Teaċ Mór. Ní fios an túirse ṫáinic uirri, nó an é an ċaoi gur ḃog aoiḃneas na h-áite agus na h-aimsire a croiḋe, aċt ṡuiḋ sí ar ḃainseóig ḃí cois na sliġe. Má’s coinne ḃí déanta aici le duine éigin ann, ní raiḃ aon ḟaitċíos uirri naċ dtiocfaḋ sé. D’ḟan sí ar a suaiṁneas annsin ag éisteaċt le glórṫaiḃ éagsaṁla na coille. Ṫáinic beaċ ṁór ċrónánaċ agus ċaiṫ sí aċar beag ag feaċaint air ag dul ó ḃláṫ go bláṫ ar a saoṫar lae. Ġlaoḋ cuaċ i ngar di agus lean dá ċeól sásta féin. Ḃí smól ar ċraoiḃ ós a cionn. Ní raiḃ aon ċeól aige sean—b’ḟéidir go mb’aṁlaiḋ gur ċuir gné ḃrónaċ na mná ḃí ṡíos faoi cosg leis.
Brón ḃí uirri go cinnte, brón agus imniḋe. Aċ ḃí sí go míṡasta míḟoiġdeaċ freisin. D’aiṫneóċṫá sin uirri, ar an gcaoi ṡáiṫeaḋ sí a sgáṫ fearṫainne síos sa talaṁ go niṁneaċ ó am go h-am....
Ġeit sí. Tóg sí a ceann. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. Ḃí daṫ anḃán ar a h-éadan. Maraċ an ḟéaċaint ḃí n-a súiliḃ ṡílṫeá gur imeagla ḃí uirri.
Ċuala sí torann. Ḃí fear ag teaċt, maide treóir [ 18 ]n-a ġlaic aige, spéacláirí gorma ar a ṡúiliḃ agus é ag imṫeaċt roiṁe go mall cúramaċ.
D’eiriġ sí n-a seasaṁ. Ḃí sí corruiġṫe go mór. Má’s coinne ḃí déanta aici le Pól Duḃ, le fear an Tiġe Ṁóir, rinne sí rud aisteaċ. D’éaluiġ léiṫi agus ċuaiḋ i ḃfolaċ air ar ċúl sgeiċe. Ba ċosaṁail naċ raiḃ ḟios aici nár call di ḋul i ḃfolaċ air, naċ ḃfeicfeaḋ sé í pé ar biṫ áit a mbéaḋ sí.
Aċt má ḃí faitċíos uirri go ḃfeicfeaḋ Pól Dub í ba ṁó ná sin an fonn ḃí uirri gaċ uile ċor dá gcuirfeaḋ seisean de ḟeiceál. Nuair a baintí truslóg as ar an gcasán cloċaċ, nuair ḃuaileaḋ sé cos i n-aġaiḋ cloiċe, dá mbéaḋ sé ag útamáil go ro-ṁinic le n-a ṁaide treóir, ġeiteaḋ sí, ṫiocaḋ corruġaḋ croiḋe uirri, leigeaḋ sí osna beag aisteaċ aisti....
Ṡeas seisean díreaċ ar a haġaiḋ amaċ. Ċuir sé cluas air féin. Ḃí sé ag éisteaċt le rud éigin ḃí i ngar ḋó. Ṗreab a croiḋe: an raiḃ ḟios aige go raiḃ duine éigin n-a aice?
Ḃí fonn uirri éaluġaḋ léiṫi sul a ḃfeicfiḋe í. Ḋéanfaḋ freisin maraċ go raiḃ ḟios aici naċ ḃféadfaḋ gan a ḋul amaċ ar an réiḋ ós coṁair a ṡúl.
A ḃean, dá mbéaḋ ḟios agad naċ raiḃ beóḋaċt sna súiliḃ sin!
Ḃain seisean a ḃairéad de. Ḃí sé ag éisteaċt. Ḃí ceól éigin n-a ċluasaiḃ—ceól na beiċe ḃí ag dul ó ḃláṫ go bláṫ ar a saoṫar lae b’ḟéidir—mar ṫáinic an feiṫide beóḋa sin amaċ as an tom agus ċuaiḋ i ḃfolaċ i mbroinn bláṫa ċorcra ḃí ag fás ag cosaiḃ [ 19 ]an ḟir. Ċuaiḋ seisean ar a ġlúnaiḃ le pé ar biṫ siosgarnac ḃí aice istiġ sa mbláṫ a ċlos. Ṫuit na spéaċláirí gorma dá ṡúiliḃ, agus annsin ċonnaic an ḃean ḃí i ḃfolaċ ar ċúl na sgeiċe an t-uaṫḃás céadna is ċonnaic a mac sgaṫaṁ roiṁe sin, ċonnaic sí súile millte an ḟir ḃí ós a coṁair amaċ....
Leig sí aon ḃéic uaṁain aṁain agus ġread léiṫi sna ḃfáisgiḃ.
Níor ṫáinic iaḃ uirri gur ṡroiċ sí sráid an ḃaile ḃig.
Rinne sí rud aisteaċ annsin. Laḃraḋ faoi go minic n-a ḋiaiḋ sin. Ḃuail sí isteaċ i dteaċ an ṗosta.
“Cé hé an fear mór spéacláraċ ḃíos ag imṫeaċt leis sa gcoill?” ar sise le bean an ṗosta. Aċt ní raiḃ sa gceist sin aċt leiṫ sgéal le ceist eile a ċur. Ḃí aiṫne aici ar Ṗol Duḃ.
Ḃí iongnaḋ ar ḃean an ṗosta: naċ raiḃ aiṫne ag an saoġal Fodlaċ ar Ṗól Duḃ? Duḃairt sí sin.
“Ḃfuil sé dall?” ars an ḃean eile.
“Dall? céard a ḃeireaḋ dall é?”
“Ċeapṫá ar a ṡiuḃal go raiḃ,” arsa bean an dolmáin ġlas-uaiṫne, agus ċas sí ar a sáil, agus d’imṫiġ léiṫi gan cuiṁneaṁ ar íoc ar na stampaiḃ fuair sí.
Ḃí a mac roimpi nuair ċuaiḋ sí aḃaile.
“A Antoine,” ar sise, “ḃfuil aiṫne agat ar Ṗól Duḃ, fear an Tiġe Ṁóir.
Cuireaḋ sgannraḋ ar an stócaċ. Ḃí sé faoi rún gan innseaċt do éinne beó go raiḃ sé mór le Pól Duḃ: cé’n aiṁreas ḃí ar a ṁáṫair? Cé’n t-eólas [ 20 ]ḃí aici? Ḃí sé i dteannta. Níor innis sé bréag léiṫi ariaṁ; an mbéaḋ air tosuġad anois nó a ġeasa a ḃriseaḋ?
“Ċualas tráċt air,” air seisean, “naċ é sin an fear ḃíos ag gáḃail ceóil gaċ uile oiḋċe?”
“Ar ċuala tú ariaṁ go raiḃ sé dall?” ar sise.
“Níor ċualas,” arsa Antoine Beag an Ċeóil go fírinneaċ, níor ċualas ariaṁ é.”
Aċt ċeap bean an ṗosta, agus ċeap Antoine Beag an Ċeóil freisin é, naċ gliondar ḃí uirri aċt a ṁalairt nuair ċuala sí go raiḃ na súile ag Pól Duḃ.
A ḃean atá ar do ġlúnaiḃ annsin san seómra leat féin, a ḃean nár ċreid an deáġsgeal hinnsiġeaḋ ḋuit faoi ḟear an Tiġe Ṁóir, cé’n fáṫ go ḃfuil tú ċoṁ beannaċtaċ sin súile do ċoṁarsan ḃeiṫ gan léargus?
VII
Má ḃí Antoine Beag an Ċeóil gan cuireaḋ ċun bainse ḟáġail ċoṁ minic is ġeiḃeaḋ roiṁe sin, má ḃí daoine ann a ṡeaċain é féin agus a ṁaṫair is aṁlaiḋ is mó ḃí uain aige ḋul ar cuairt ag Pól Duḃ agus seóda nuaḋa ceóil ḟoġluim. Dá mbéaḋ sé oiḋċe gan a ḋul ann ḃíoḋ muisíam ar ḟear an Tiġe Ṁóir. Dá mbéaḋ sé an dara oiḋċe gan cuairt ṫaḃairt air, ní saoġal sona suaiṁneaċ ḃíoḋ ag Crosaċ.
Ḃí fear an Tiġe Ṁóir ṫar éis íde na madaḋ agus [ 21 ]na muc ṫaḃairt ar Ċrosaċ boċt oiḋċe, nuair rug sé ar a seanḃeiḋlín. Ṫosuiġ sé ar an gceól le n-a anam corruiġṫe a ċiúnuġaḋ. Ceól bog éadtrom ḃain sé as i dtosaċ—an ġaoiṫ andeas ag súiriġe le liliḃ an loċa; aċt leis an aimsir ṫáinic borraḋ agus bioḋgaḋ sa gceól—anfa mór geiṁriḋ ag aṁastraiġ go bagarṫaċ faoi ṫonntaiḃ glasa; d’eiriġ an ceól míḟoiġideaċ míṡásta—gaḋar olc a sgiob- faiḋe cnáṁ feóla uaiḋ: arḃ iongnaḋ an ceól ḃeiṫ mí ḟoiġideaċ agus an ṁoill ḃí ar Antoine Beag?
Ní fada an t-aċar go raiḃ Pól Duḃ gan aon ċeól. Casaḋ cantalaċ dá dtug sé dá ḃoġa agus réabaḋ ruaḋóg tosaiġ an ḃeiḋlín. Cuartuiġeaḋ an teaċ. Ḃí gaċ aon ruaḋóg le faġail acṫ ruadóg tosaiġ. Ní raiḃ aon eólas ag Crosaċ ar ruaḋógaiḃ ḃeiḋlín, ná ar ḃeiḋleadóireaċt, agus nuair a ṡíneaḋ sé ruaḋóg eile seaċas an ruaḋóg tosuiġ ċun a ṁaiġistir, a ráḋ go raiḃ aige sa deire, naċ eisean a leigeaḋ an sgread niṁneaċ air!
“An loċrann!”
Lasaḋ an loċrann. Ḃí fonn ar Ċrosaċ fiafruiġe da ṁaigistir dall céard ḃí faoi ḋéanam a leiṫéid d’oiḋċe. Níor leig eagla ḋó é ḋéanaṁ.
“Mo ċóta mór!”
Cuireaḋ an cóta mór air. Síneaḋ an maide treóir ċuige.
“Tá an oiḋċe dorċa agus an boṫar garḃ,” ars Pól Duḃ mar ḃéaḋ sé ag gaḃail leiṫsgéal le Crosaċ, “ní doċar ḋuit mé ṫreóruġaḋ píosa de n ḃealaċ.”
Amaċ leó faoi ’n spéir.
“Croċ suas an loċrann.”
[ 22 ]Rinne Crosaċ aṁlaiḋ.
“Ní’l na súile go ró-ṁaiṫ mar sin anoċt agam,” ars an maiġistir dall go truaiġṁéalaċ, ag leigint air go raiḃ beoḋaċt n-a ṡúiliḃ agus léargus.
“Tá an oidċe dorċa a ṁaigistir—”
“Fíor ḋuit—”
“Agus b’ḟéidir naċ ḃfuil na spéaċlairí ró-ġlan a ṁaiġistir— ” “Sin é tá orra.”
Ṫug sé cúl dá ḟear aimsire, dá ṫréoraiḋe agus ṫosuiġ ag glanaḋ na spéacláirí le naipcín; aċt ár ndóiġ dá mbéaḋ sé ġá nglanaḋ go maidin ní ḟeicfeaḋ na súile millte sin réalt ná ré tríoṫa arís ċoiḋċe.
“Ċíḋfiḋ tú an bóṫar níos feárr anois a ṁaiġistir,” arsa Crosaċ go bréagaċ.
An plamásaiḋe! Is maiṫ a ḃí a ḟios aige naċ raiḃ aon ċaoi dob’ ḟeárr le deaġċroiḋe ċur n-a ṁaiġistir ná leigint air go raiḃ aṁarc aige.
Ba iongantaċ an oiḋċe í ag an t-é a mbéad súile n-a ċeann leis an áilneaċt ḟeiceál. Ṫar éis teaċt amaċ as an gcoill don ḃeirt, d’eiriġ leis an ngealaċ éaluġaḋ ó na sgamaill ḃí ar a tóir ó ṫosaċ na h-oiḋċe. Ċuidiġ an ġaoiṫ léiṫi. Cuireaḋ ruaig ar na sgamaill, agus ḃíodar ag imṫeaċt leó treasna na spéire, ar nós airm ar a ṫeiṫeaḋ, agus an ġealaċ go maorḋa agus go buaḋaċ n-a ndiaiḋ....
“Támuid ag an gcrosḃóṫar anois,” arsa Crosaċ ċat ḃí faitċíos air fiafruiġe díreaċ cá raiḃ a dtriall.
[ 23 ]Bualaḋ cos a ṁaigistir i n-aġaiḋ cloiċe ḃí sa tsliġe.
“Naċ ḃfuil ḟios agam féin go ḃfuilmid ag an gcrosḃóṫar a ṡeanamadáin,” ar seisean go niṁneaċ “ċroċ suas an loċrann sin agus ná bíoḋ an oiread sin cainnte agat.”
Ḃí a ṁaiġistir anċantalaċ go cinnte. Ċaiṫeaḋ sé a ḃogaḋ.
Tráṫṁail go leór leig budóg ḃí i bpáirc le n-a n-ais géim aisti.
“An ḃfeiceann tú an ḃudóg sin a ṁaiġistir?”
“Ċím.”
“Díolaḋ indé le buistéir í. Fiċe punnt—naċ daor atá na beiṫiḋiġ anois?”
Níor tugaḋ freagra air aċt ba léir ḋó go raiḃ a ṁaiġistir níos sásta.
“Is dóċa go ḃfuil ḟios agat cá ’l coṁnaiḋe ar stócaċ beag darḃ ainm Antoine ó Gríoḃṫa ṫart annseo?”
Ṗreab Ċrosaċ. Dá ḃfiafróċaiḋe ḋe cá raiḃ an diaḃal n-a ċoṁnaiḋe ní ḃeaḋ níos mó iongantas air. Ní raiḃ ḟios aige aċt an oiread le cáċ go mbíoḋ an stócaċ óg ar cuairt go mionn minic ag an Teaċ Mór. Pé ar biṫ póirṫín de ṡeómra tobac agus easgaine ḃí aige ḋó féin san árus sin, ní raiḃ cead aige é ḟágail aċt nuair a ġlaoḋaḋ an maiġistir air. Agus má ċuala sé glór a ṁaiġistir ó am go h-am, ár ndóiġ naċ raiḃ cead ag amadán de ṁaiġistir dall ḃeiṫ ag coṁrád leis féin.
“Teaċ Antoine uí Ġríoḃṫa—” agus iongantas nár ḟéad sé ceilt air.
[ 24 ]“Seaḋ: naċ duigeann tú mé? Teaċ Antoine uí Ġríoḃṫa—” agus ḃain sé fad agus fuinneaṁ as gaċ focal i gcluais an ḟir aimsire, gur léim an duine sin le sgannraḋ.
Ḃí dúil aige a ráḋ le n-a ṁaiġistir gan a ḋul isteaċ n-a leiṫéid de ṫeaċ, áit a mbíoḋ an diaḃal féin ar cuairt de ṡiuḃal oiḋċe; ḃí fonn air innseaċt dó cé na cleasa uaṫḃáis ḃíoḋ gá n-imirt ag muinntir an tiġe. Ċuirfeaḋ sé coṁarṫa na Croise air féin maraċ go raiḃ a laṁ ḋeas i ngreim ’n-a ṁaiġistir.
“An teaċ—sin é é,” arsa Crosaċ go faiteaċ.
“Gread leat aḃaile mar sin.”
Ní raiḃ uaiḋ aċt gaoiṫe an ḟocail. D’imṫiġ leis n-a ṡodar, gur ṡroiċ sé an Teaċ Mór, go ndeaċa sé isteaċ n-a ṡeomra easgaine, gur ċaiṫ sé cuid ṁór de’n oiḋċe ann, ag ceapaḋ agus ag cleaċtaḋ na mionn ruaḋ.
Ṫóg Pól Duḃ an laiste agus isteaċ leis sa gcéad ṫeaċ dá ndeaċa sé isteaċ ann le cúig bliadna déag aċt a ṫeaċ féin aṁain.
VIII
Ḃí ceól ġá ġaḃail ag Antoine Beag i seómra ar ċúl an tiġe. Ċuala an dall é, agus ċeap i dtosaċ gur i n-aon aireagal leis féin ḃí an ceóltóir.
“Sé an ċaoi gur réabaḋ ruaḋóg tosaiġ an ḃeiḋlín orm—agus ṫosuiġ an dall ag bualaḋ a ṁaide treóir i n-aġaiḋ an ḃalla ag iarraiḋ ḋul isteaċ.
Deiriġ an ḃean ḃí n-a suiḋe léiṫi féin cois teine. [ 25 ]D’eiriġ sí agus daṫ an ḃais n-a leicinn. Ḃí a súile ar nós duine d’ḟeicfeaḋ uaṫḃás, a teanga ar nós cnáiṁ ċruaiḋ do lúbṫá do ḃéal, fonn uirri sgread a leigint aċt gan innti focal féin a ċur de.
Níor ṁoṫuiġ an dall ann í. Antoine Beag an Ċeóil ḃí aige dar leis.
“An ruaḋóg tosaiġ réabaḋ orm, agus má tá ceann agadsa—” ar seisean agus é n-a ṡeasaṁ i gceartlár an urláir.
Ċuala Antoine é. Ṫáinic sé aniar, agus is air ḃí an t-áṫas go dtáinic a ṡeanoide ceóil ar cuairt aige.
Gléasaḋ an dá ḃeiḋlín, agus ní fada go raiḃ ceól meiḋreac ag an mbeirt ċeóltóir. Ċuireadar an ċéad ṗort díḃ i n-aonḟeaċt, agus annsin ṫosuiġ an dall leis féin. Ḃí coinneal ar lasaḋ ar an mbórd le n-a ais, agus ’ċ uile uair ḃaineaḋ sé craṫaḋ as a ċeann mór mongaċ, agus as na guailuiḃ láidre, le bríġ agus le fuinneaṁ a ḃaint as an gceól, d’ḟeic- fiḋe mar ḃéad sgáṫ faṫaiġ grinn ag daṁsa ar an mballa aolġeal ar a ċúl. Uaireannta ḃíoḋ súile maṫar an stócaiġ greamuiġṫe i sgáṫ an ḟaṫaiġ: uaireannta eile ní ḃíoḋ le feiceál aici aċt an céoltóir mór dall agus a ċroiḋe ḋá ċur san gceól aige.
B’ḟuras d’aiṫint ar an mbeirt ċeóltóir nár ṁoṫuiġeadar an ḃean sa láṫair ar ċor ar biṫ, nár ṫugadar faoi deara ċoṁ ċorruiġṫe is ḃí sí. Dá dtugaḋ féin is cinnte go sílfiḋe gurab é an céol iongantaċ ba ċionntaċ leis.
Laḃair sí.
[ 26 ]“A Antoine!”
Ċuaiḋ an stócaċ anonn ċuici. Ṫosuiġ sí ag cogarnaċ leis, aċt má ṫosuiġ níor ḟéad sí na súile ċoinneál de’n ċeóltóir dall.
Ċuala seisean an glór. Leag sé an ḃeiḋlín ṫart. D’eiriġ de ṗreib agus má ḃí uaṫḃás ar an mnaoi ar ḟeiceál an daill di, ba ṁó ná sin an t-uaṫḃás ḃí ar an dall nuair ċuala sé glór na mná. Ṫosuiġ sé ag fiafruiġe cé hí, nó cé as a dtáinic sí, nó an taiḋḃse mná ó’n tsean-aimsir í. B’aisteaċ do-ṫuigṫe an feic ag Antoine Beag é: a ṁáṫair agus sgannraḋ croiḋe agus anma uirri roiṁ a ṡeanċaraid; eisean ċoṁ h-eaglac léiṫi, agus é ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ cé ḃí aige ann.
Ṡílṫeá go raiḃ eagla ar an mnaoi an ceóltóir ḟeiceál sa rioċt sin. B’ ṡin é ṡíl Antoine ḃí uirri, agus nuair ċuir sí cogar n-a ċluais a ráḋ leis a ḋul ar lorg doċtúra, ḃí sé cinnte go raiḃ a ṡeanoide ceóil gan a ḃeiṫ ar foġnaṁ agus ġread leis.
Aċt ní raiḃ sa teaċtaireaċṫ sin aċt leiṫsgéal. Ní le doċtúir ḃí an gáḃaḋ aċt le....
Ḃí an dall ġá ceistnuiġaḋ agus gan eólas cinnte dearḃṫa aige go raiḃ sí ann.
“Cé laḃair? Cé laḃair adeirim?” Deireaḋ sé go himniḋeaċ, aċt ní ḃfuair sé freagra uaiṫe go raiḃ Antoine Beag glanta.
Annsin ṫáinic a misneaċ ċuici.
“’Tuige ar ṫáinic tú annseo?” deir sí, “naċ raḃ ḟios a’d naċ fáilte ḃéaḋ roṁat sa teaċ seo?”
“Ce ṫusa i n-ainm Dé?” agus creaṫaḋ n-a ġlór.
“Cé mise an eaḋ? Naċ n-aiṫniġeann tú mé?”
[ 27 ]“Ċualas an glór sin ċeana aċt ní féidir gur tú....
Ḃí an dall ag útamáil leis le na láṁaiḃ ag iarraiḋ ḋul go dtí an áit ar ṡíl sé an ḃean ḃeiṫ. Ní raiḃ ann aċt fíorḋroċ ṡolus ó ċoinnil ḃí ar an mbórd. Ṫóg sise é. Ċroċ suas é go raiḃ pé ar biṫ solus ḃí ann ag sgallaḋ anuas ar a h-éadan.
“Naċ ḃfeiceann tú anois mé?” ar sise, agus í n-a seasaṁ ós a ċoṁair amaċ go mórḋálaċ, “naċ dóiġ leat go ḃfuil mé ċom daṫaṁail is ḃí nuair sgar muid ó ċéile cúig bliaḋna déag ó ṡoin....”
Stop seisean. Ṡín sé laṁ amaċ le greim ḟáġail uirri aċt ó ḃí sí cúpla coisméig ró-ḟada uaiḋ níor eiriġ leis.
“Naċ ḃfeiceann tú mé?” ar sise agus an solus croċta aici.
“Ní ḟeicim.”
“Níl na suíle ar fognaṁ agat mar sin.” ar sise go sgigeaṁail. “Níl....”
Ṫáinic truaiġ n-a ġlór.
“Níl beoḋaċt na éifeaċt ’mo ṡuiliḃ ó’n oiḋce sin.... A Ṁuirġéid—”
Ṡíl sé breiṫ ar laiṁ uirri. Níor eiriġ leis.
“A Muirġéid,” ar seisean go truaiġṁéalaċ, aċt naċ raiḃ an ṁórḋáil ró-ḟada ó’n méala n-a ġlór, “a Ṁuirġéid,” ar seisean, “d’ḟulaing mé uaṫḃás ifrinn de ṗiantaiḃ cuirp agus anama ó ṡoin. Ḃíoḋ aiṫriġe orm de ló agus d’oiḋċe. Maiṫtear ḋom anois....”
Ṡín sé a laṁ amaċ. Níor rug sise uirri. Croiḋe cloiċe ḃí innti....
[ 28 ]Má ḃí duine aca dall féin, ḃí an pictiúr céadna ós coṁair súl na beirte. Seómra beag glan i n-uaċtar tiġe i gcaṫair ṁóir. Bean óg n-a suiḋe léiṫi féin. Í cráiḋte. A ḋá súil ag sileaḋ deór. Cnag beag ar an doras. Tig fear óg luṫfar daṫaṁail isteaċ. Fáiltiġṫear roiṁe go deóraċ. Ceistniġṫear í faoi áḋḃar a bróin. Innsiġṫear sin dó. Is clos dóiḃ, is clos do’n dall agus do’n ṁnaoi atá ós a ċoṁair amaċ cuid de’n ċoṁráḋ a ṫárla cúig bliaḋna déag ó ṡoin:
An fear óg—Agus deir an doċtúir gur mar sin atá an sgéal agad?
An ḃean óg—Sin é deir sé: tá sé cinnte ḋe.
An fear óg—Agus cá ḃfios doṁsa gur liom é; cá ḃfios dom gur mise an t-aṫair....?
An ḃean óg—Imṫiġ! Agus ná feictear arís ċoiḋċe annseo ṫú!
Aċt an rún díoġaltais ṫáinic n-a croiḋe! An ċaoi ar ḟás agus gur ṁéaduiġ, gur ḃorruiġ agus go dtáinic fuinneaṁ ann! Ní ḟéadfaḋ aċt an ḃean féin cur síos air sin. Ní ḟéadfaḋ sise féin a ráḋ leat aċt gur ṁéaduiġ an fonn díoġaltais n-a croiḋe go mb’éigin di an fear a losgaḋ, gur imṫiġ léiṫi ġá ċuartuġaḋ ar fud na caṫraċ, go dtáinic sí air i ngan ḟios, gur ċaiṫ sí niṁ sgólta éigin idir an dá ṡúil air, gur imṫiġ sé leis n-a ġeilt sgréaċaċ mire....
Cúig bliaḋna déag ó ṡoin!
A Ṁuirġéid an ċroiḋe ċloiċe! Naċ cóir ḋuit anois maiṫeaṁnas ṫaḃairt do’n ḟear dall, do’n truaġán cráiḋte atá ós do ċoṁair amaċ agus é ġá [ 29 ]iarraiḋ ort? Cé’n aiṫne ḃí aige ort an uair sin aċt aiṫne ḃeag? Agus má ċuala sé droċċáil ort, agus má ċreid sé sgéalta fút naċ raiḃ fíor, ní iarrtar ort a ráḋ naċ ndeárna sé coir id’ aġaiḋ, ní iarrtar ort aċt na spéaclairí gorma sin a ḃaint ḋá ṡuiliḃ, agus a ḟiafruiġe ḋíot féin, nár ḋíol sé as a ċoir, naċ ḃfuil maiṫeaṁnas tuillte aige....
A Ṁuirġéid an ċroiḋe ċloiċe, bíoḋ truaiġ agat ḋó, naċ mbeiḋ anois a Ṁuirġéid?
Ḃí an ḃeirt aca n-a dtost go ceann sgaṫaiṁ. Olc i gcroiḋe na mná. Luṫġáir uirri gur eiriġ léiṫi iomlán a díoġaltais a ḃaint as, an oiḋċe uaṫḃasaċ sin cúig bliaḋna déag ó ṡoin. Eisean agus iongantas air, agus alltaċt air, agus uaṁan air, go raiḃ an ḃean sin a ṁasluiġ sé, agus a ṫréig sé, agus a ġráḋuiġ sé n-a óige tagṫa ar ais, an ḃean sin a ṁill a ṡaoġal air, agus ḃí lán d’urċóid agus d’olc ḋó anois féin. Nár ċuala sé go raiḃ sí faoi ’n gcreafóig bliaḋntaiḃ fada ó ṡoin, nár ċuala agus nár ċreid? Nár ċuir sé a tuairisg ṫall is i ḃfus gan tairḃe?
“Agus.... agus.... agus tusa maṫair Antoine?” ċuaiḋ sé anċruaiḋ air an ċeist a ċur.
“Mé.”
Ḋeiriġ an dall smaointeaċ. Ṡílṫea gur leis féin ḃí sé ag cainnt nuair a duḃairt:
“Agus d’inis sé ḋom go raiḃ sé cáiṫre bliaḋna déag caiṫte....”
[ 30 ]“Cúig bliaḋna déag i gceann míosa—”
“Is fada, fada an t-aċar é.... aċt dá mbeaḋ ḟios agamsa go raiḃ tú beó—ṫú-ḟéin agus do ṁac .... tú ḟéin agus ár mac—”
Ċuir an ḃean isteaċ air go fioċṁar.
“De réir do ċuid cainnte ċuir tú aiṫne air ċeana, aċt fógruiġim anois ort gan aon ḃaint ḃeiṫ agat leis feasta. Is dóċa gur innis tú ḋó cé’n gaol ḃí agat leis—
“Níor innis. Ní raiḃ ḟios agam é. Ní raiḃ ḟios agam go mba tusa a ṁaṫair. Níor ċeapas aċt go mba gasúr beag tuaṫa é agus dúil aige i gceól: aċt ó tá ḟios agam anois é—”
Ní raiḃ sé d’uain aige innseaċt di céard ḃí faoi a ḋéanaṁ. Ṫainic buile ar an mnaoi.
“Fógruiġim ort,” as sise, “gan bacaḋ leis. Mise rug é. Mise ṫóg é—liom ḟéinín ḟéin aṁain; agus coinneóċad greim air an ḟad is beó mé. A Ṗóil Duiḃ, ní ḋeaċa mé a ċodlaḋ aon oiḋċe le cúig bliaḋna déag gan mo ṁallaċt mór a ċur ort. Níor ċaiṫ mé lá ar feaḋ an aċair ḟada sin gan buiḋeaċas ṫaḃairt do Ḋia gur eiriġ liom cuid ḃeag de mo ḋíoblas ḃaint amaċ—”
Ḃí an dall ag iarraiḋ bealaċ a ḋéanaṁ treasna an úrláir agus ḋá ḃualaḋ féin i n-aġaid an trosgáin ḃí sa tsliġe.
“A Ṗóil Duiḃ,” ar sise, “níor ċeapas ge dtí le goirid go raiḃ tú dall amaċ ’s amaċ. Dá mbéaḋ ḟios, ba ṁóide mo ṡonas ar an saoġal é. Aċt an luṫġáir ṫáinic ar mo ċroiḋe an lá ċeana! An gliondar ḃí orm nuair ċonnaiceas sa gcoill ṫú, agus [ 31 ]tú ag bualaḋ na gcos i n-aġaiḋ gaċ cloiċe ṫiocaḋ roṁat sa gconaire!”
Ṫáinic fuinneaṁ mór n-a glór. Sgaiṫtí ḃíoḋ sé cosaṁail le fairrge ḟíoċṁar buile istiġ i n-uaiṁ ḋorċa; sgaiṫtí eile ar nós gaoiṫe le talaṁ nó anfa sna seilmeidiḃ. Ċuala an dall an glór sin ċeana agus an fuinneaṁ agus an ġráin ċéadna ann; ċuala sé cúig bliaḋna déag ó ṡoin é—an raiḃ an daṫaṁlaċt agus an áilne ċéadna innti is ḃí an uair sin? Ṫiuḃraḋ sé bliaḋnta fada dá ṡaoġal an ḃean ḃí ós a ċoṁair amaċ a ḟeiceál....
“A Ṁuirġéid,” ar seisean, agus é ag iarraiḋ greim láiṁe ḟaġáil uirri, “a Ṁuirġéid, naċ dóiġ leat gur ḃain tú do ḋíoltas amaċ ċeana,” agus ḃain sé ḋe na spéacláirí móra gorma go raiḃ an dá ṗoll ġránda ḃí n-a ċloigeann le feiceál aici.
Seas sé ós a coṁair amaċ, a ċeann mór i n-aér aige go dána mar ḃeaḋ sé a ráḋ—
“Féaċ obair do láṁ.”
Aċt sé an ċaoi go dtáinic seirḃe n-a glór siúd.
“A Ṗóil Duiḃ,” ar sise, agus má ḃí seirḃe n-a glór ḃí sé bog sgigeaṁail freisin, “a Ṗóil Duiḃ, d’ ḟéaċas isteaċ sna súiliḃ sin i ḃfad ó ṡoin. Súile gorma ḃí do ċeann an uair sin; súile gorma bréagaċ’; súile gorma mealltaċ’ bladaraċ’; súile gorma geanaṁla ċuirfeaḋ cluain ar aon ṁnaoi—is minic agus is ró-ṁinic d’ḟéaċ mé isteaċ ionnta—”
“A Ṁuirġéid"” ars an dall, “Ḃí ceapṫa agam Antoine Beag a ċur ar sgoil ag foġluim ceóil tar lear, ḃí ceapṫa agam é ḋéanaṁ sul a raiḃ ḟios agam cé’rḃ é ar ċor ar biṫ—”
[ 32 ]Ċuir an ḃean isteaċ air agus buile uirri.
“Ní ḋéanfaiḋ tú é! Ní ḋéanfaiḋ tú é adeirim!” ar sise, “Nár ḟógair mé ort gan baint ḃeiṫ agat leis feasta. Liomsa é—liomsa aṁáin. Agus má innsiġeann tú ḋó cé ṫú....”
“Sin rud naċ ndéanfad gan an cead uaitse.”
Tógaḋ an laiste ar an doras.
“Geallaḋ uait—” rug sí air go himpiḋeaċ. Ċuir sé i n-iúl di go raiḃ sé sásta an geallaḋ ṫaḃairt di.
“Geallaḋ uait naċ n-innseóċaiḋ tú ḋó cé ṫú,” ar sise.
Fuair sí an geallaḋ.
Osgluiġeaḋ an doras. Ṫáinic Antoine Beag an Ċeóil isteaċ.
“Tá an taom ṫart,” ars an ḃean go réiḋ socair, “níl gáḃaḋ le doċtúir anois.”
“Beiḋ céol againn mar sin,” arsa Antoine go luṫġáireaċ agus rug sé ar a ḃeiḋlín féin. Rug an dall ar an ḃeiḋlín eile.
“Tá sé deireannaċ san oiḋċe; tá sé ṫar am ḋul a ċodlaḋ,” arsan ḃean.
“Cúpla port, a ṁáṫair.”
Ḃí an cúpla port aca. Ḃí agus ḋá ċeann déag. D’ḟan an ṁaṫair n-a suiḋe ċois teine. Ní ag éisteaċt leis an gceol ḃí sí, aċt ag féaċaint ar an mbeirt. Ṫug sí faoi deara gan mórán moille ċoṁ mór is ḃíodar le ċéile. Ḃí bróid ar a mac go dtáinic an ceoltóir breáġ, an dall iongantaċ, ar cuairt ċuca; ḃí lúṫġair croiḋe air go raiḃ an seanċara dá dtug sé gean ag gaḃail ceóil dó cois [ 33 ]a ṫeallaiġ féin. Ḃí sé soiléir ag an mnaoi cé’n uraim agus cé’n gráḋ ḃí ag a mac don dall, agus ba ṡaiġead i gcroiḋe aice gaċ aon ḟéaċaint dá dtug an gasúr ḋó. Ṡíl sí freisin go raiḃ an dall anṁór- ḋálaċ; go raiḃ sé ag taḃairt a duḃṡláin, go raiḃ sé ag iarraiḋ innseaċt di go raiḃ ceangal níos dlúiṫe idir é féin agus an gasúr ná an gaol fola agus naċ ḃféadfaḋ sise an ceangal sin a sgaoileaḋ ċoiḋċe ná go bráṫaċ....
Rinne sí a diṫċeall ó am go ham an dáil ċeóil a sgapaḋ. Ṫeip uirri gaċ uair. B’éigin di sa deireaḋ an leabaiḋ ṫaḃairt uirri féin ar eagla go mbrisfeaḋ a gol uirri n-a láṫair.
A Ṁuirġéid, cé’n fáṫ go raiḃ tú gan codlaḋ an oiḋċe sin? A Ṗóil Duiḃ, cé na ceólta millteaċa ḃí do ċroiḋe ag dul aḃaile ḋuit le fáinne an lae agus an ceóltóir óg sin dá dtug tú an dá ġean dod’ ṫreóir?
IX
D’ eiriġ maṫair Antoine nuair d’imṫiġ na ceóltóirí agus amaċ léiṫi. Má ḃí an seandolman glasuaiṫne féin uirri agus an boinéad beag gránda, agus má ḃí a ḋá béal buailte ar a ċéile, agus éadan bán cráiḋte uirri ḃéaḋ ḟios ag an t-é ba luġa breiṫeaṁnais naċ raiḃ innti aċt bean óg—bean óg agus fuadar niṁneaċ fúiṫi.
Ar an Teaċ Mór ṫug sí aġaiḋ. Ní raiḃ sé cinnte céard ḃí fúiṫi ḋéanaṁ ann; aċt ó d’imṫiġ a mac [ 34 ]múirneaċ leis an ḃfear sin a ṁill a saoġal uirri ní ḟéadfaḋ sí fanaċt níos fuide sa mbaile. Aċt céard abḟeárr ḋi a ḋéanaṁ? Innseaċt dá mac cérḃ é an dall? Dá ndéintí é sin cé’n meas ḃeaḋ ag a mac uirri féin? Nár ḃeag an sásaṁ ḋi go mba luġa ná sin an meas ḃeaḋ aige ar an dall? An tsnaḋm ait ḃí idir an mbeirt a sgaoileaḋ gan a sgéal brónaċ féin a noċtaḋ dá mac—b’ṡin í an aḋb. Ba trom agus ba tuirseaċ a cuid smaointe agus í ag gaḃail an tsliġe. An sgéal ċeap sí agus d’ innis sí dá mac faoi ’n gcáil ḃí ar ṁuinntir a aṫar sa tseanaimsir, an ḃféadfad sí a ḃréagnuġaḋ anois? Agus ċoṁ mórḋálác is ḃí an stócaċ as an treiḃ dár díoḃṫa é! An ḃféadfaḋ sí innseaċt dó naċ raiḃ sna sgéaltaiḃ ar fad aċt bréaga loma? Céard a ċeapfaḋ an stócaċ nuair a ṫuigfeaḋ sé naċ raiḃ n-a saoġal iomlán le cúig bliadna déag aċt bréag ḃeó? Tuige an raiḃ sí ċoṁ beaċt leis? Tuige ar ṫasbáin sí uaiġ ḋó? Tuige ar ḋuḃairt sí leis gur ann ḃí cnáṁa a aṫar sínte? Agus an ċaoi ṫéiḋeaḋ an ḃeirt aca ar cuairt ag an roilic an ċéad lá de gaċ mí le paidir a ráḋ! Ċuiṁniġ sí anois ar a n-abruiġeaḋ sí le n-a mac faoi a aṫair ḃí san uaiġ; na deáġtréiṫre ḃí ann, an uaisleaċt ḃí ag baint leis, an ḟírinne ḃí n-a ṡúil agus ar a ḃéal, ċuiṁniġ sí anois ar ċoṁ minic is duḃairt sí le n-a mac, an fear seo—an fear seo nár ṁair ariaṁ aċt i n-intinn mná ċéasta—ḃeiṫ mar ḋeáġsompla aigei gcoṁnaiḋe. Ní ḟéadfaḋ sí innseaċt ḋó cérḃ é an ceoltóir dall; aċt dá ndéanfaḋ an ceoltóir dall féin é, má ḃí sé ġá ḋéanaṁ anois féin....
[ 35 ]Ḃí an ḃean ḃoċt céasta. A sgéal mór féin a ċeilt ar a mac an rud is mó ḃí uaiṫi ariaṁ; dá mbeaḋ an t-aon ḟear beó d’ḟéadfaḋ í ḃréagnugaḋ ġá ḋéanaṁ le n-a mac anois féin! Aċt an ġeallaṁaint ṫug sé ḋi—is iomḋa caoi ḃéaḋ ag fear le dul ṫar geallaṁaint dá dtogróċaḋ sé é....
Ġluais léiṫi. Sgamaill n-a gné. Ifrionn n-a croiḋe. Uirri féin ḃí an milleán aici go dtáinic sí san áit ar ċor ar biṫ. Dá ḃfanfaḋ sí sa gcaṫair ṁóir ní ḟeicfeaḋ a mac an dall ċoiḋċe. Ní ḃéaḋ sí anois agus eagla anma uirri go noċtóċaiḋe ḋó a sgéal féin. Ḃain sí díoltas de Ṗól Duḃ aċt nárḃ ḟéidir léiṫi a ḟeiceál; agus díoltas naċ ḃfeictear níl ann aċt díoltas bréige, mór-ṁór ag mnaoi. Ó ċuala sí cá raiḃ coṁnaiḋe air, níor ḃain suaiṁneas intinne di go ḃfeicfeaḋ sí cé’n saoġal ḃí aige, go mbeaḋ eólas cinnte aici an raiḃ sé n-a ḋall amaċ ’s amaċ. Agus nuair a duḃraḋ leiṫi naċ raiḃ, naċ uirri ṫuit an croiḋe! Aċt nárḃ ḟiú a lán ag bean dá leiṫéid na súile gan beoḋaċt ḟeiceál i gceann an ḟir a ṫréig agus a ṁill í....
Ġread léiṫi. Fuadar fúiṫi. Beó smaointe aisteaċa ag eirġe n-a ceann ar nós na súilíní feictear ag eirġe aníos go bárr uisge ḃéaḋ ar fiuċaḋ. Ní aoiḃneas go díoltas. Ní díoltas go léargus. Ḃí uirri ṫeaċt annseo nuair ċuala sí go raiḃ Pól Duḃ ann—ḃí uirri a ṫeaċt pé ar biṫ céard a ṫiocfaḋ as. Aċt go noċtóċaiḋe a saoġal lom bréagaċ náireaċ féin dá mac! Go sgiobfaiḋe agus go ngoidfiḋe uaiṫi an t-aon duine aṁain ar an saoġal seo dá dtug sí [ 36 ]gean! Go n-eireóċaḋ leis an t-é dá dtug sí fuaṫ a croiḋe é ḋéanaṁ! Naċ raiḃ a ḋíoltas uaṫḃásaċ féin ġá ḃaint amaċ ag Pól Duḃ?
Ḃí braonaċa móra alluis léiṫi. Méad cuileóige i ngaċ uile ḃraon díḃ. A croiḋe n-a ṫormán. A h-anam n-a h-anfa.
Ġeit sí. Sílṫeá gurab é an ċaoi gur sáiṫeaḋ biorán te isteaċ i mbeó a cluaise. Maraċ easbaiḋ anála ḃeiṫ uirri leigfeaḋ sí sgread. Leaṫ na súile uirri. Ḃog an béal cruaiḋ. Laḃair sí. D’éaluiġ na focla uaiṫi i ngan ḟios di féin mórán:
“An saoi is eólaiġe ṁair ariaṁ, ní raiḃ ḟios aige i gcoṁnaiḋe céard ḃí n-a ċroiḋe féin; cá ḃfios domsa céard tá ’mo ċroiḋe-sa anois? Cá ḃfios domsa narḃ é an seanġráḋ ḃí agam ar Ṗól Duḃ ṫug orm go diaṁair ṫeaċt san áit seo le n-a ḟeiceál arís sul caillfiḋe sinn?”
A Ṁuirġéid!....
X
Ḃí an maidneaċan ann faoi seo. Níor airiġ Mairġéad go raiḃ sí buailte leis an mbeirt beagnaċ. Aċt ó ḃí siad n-a seasaṁ ar ṫulaċ leaṫtaoḃ na sliġe agus a ndruim léiṫe ní ḟéadfaidís í ḟeiceál.
Ḃí an ġrian ar tí eirġe. Déarfaḋ duine a mbéaḋ friġid na filiḋeaċta ann go raiḃ coire ṁór i ḃfolaċ ar ċúl na maolċnoc agus daṫanna nuaḋa nár facṫas ariaṁ ċeana ’á measgaḋ san gcoire sin ag [ 37 ]draoi de ḋaṫadóir. Aċt ní ar an áilneaċt sin ḃí an áird ag an mnaoi, aċt ar an mbeirt ḃí ar an tulaċ. Dá mbeaḋ ḟios aici céard ḃí ġá ráḋ ag an dall! Ḃí sé ag cainnt go dúraċtaċ leis an stócaċ ḃí le n-ais: an féidir go raiḃ sé ag innseaċt dó rún a gcroiḋe? An féidir go raiḃ sé ag ráḋ leis cé’n aiṫne ḃí aige uirri féin san am ḃí ṫart? Gaċ cor dá gcuireaḋ sé ḋe, gaċ casaḋ ḃeireaḋ sé dá laṁaiḃ, gaċ creaṫaḋ ḃeireaḋ sé dá ċeann mór mongaċ le briġ a ḃriaṫra a ṁéaduġaḋ, ċonnaic sí go soiléir é i naġaiḋ na spéire ioldaiṫte ṫoir, agus ḃain a ciall féin as. Uaireannta d’ḟeiceaḋ sí a éadan agus an dúṫraċt le taḃairt faoi deara ann; uair eile ṡíl sí gur aiṫniġ sí ar ċasaḋ dá dtug sé dá laiṁ go raiḃ an sgéal ar fad innsiġṫe aige agus ṫuit an croiḋe uirri. Táinic droċḃlas searḃ n-a béal. Do liaṫ an saoġal áluinn órḋa seo uirri....
Ḃí fál sgeiċe leaṫtaoḃ na sliġe. Ċuaiḋ sí ar a ċúl féaċaint a ḃféadfaḋ sí druideaḋ leó le cuid de’n ċainnt a ċlos i ngan ḟios. Níor eiriġ léiṫi. Ní raiḃ an ġaoiṫ faḃaraċ, aċt marar ċuala sí an ċainnt ní raiḃ aṫruġaḋ dá laġad dá dtáinic i ngné ceaċtar díḃ naċ raiḃ le feiceál go lán tsoiléir aici.
Ḃí aġaiḋ a mic tugṫa ar an dall, áird an tsaoġail aige ar a ċuid cainnte, uraim an tsaoġail aige ḋó. Ṫóg an dall a láṁ, ċoinniġ i n-áirde í, agus é ag cur de.
Ċuiṁniġ an ḃean ḃí i ḃfolaċ ar lá eile. Ḃí sí féin agus an dall óg an uair sin. Ḃí sé ag cur síos ar gaċ áilne dá raiḃ le feiceál—an spéir agus an ġrian [ 38 ]ag dul faoi, an ḟairge ṁór n-a codlaḋ faoi ’n an ngealaiġ, céadḃláṫa an earraiġ, lil bán ag snaṁ go suanṁar ar ḃárr loċa, meangaḋ gáiriḋ ar ḃéal agus i súil na mná is annsa leat ar an saoġal....
An focal fileaḋta duḃairt sé faoi ’n meangaḋ ṫáinic ar a béal féin an lá sin, ḃí sé n-a cluasaiḃ anois. Ṫosaiġ seanċuiṁní ag bruġaḋ isteaċ uirri dá buiḋeaċas agus í i ḃfolaċ annsin ar ċúl na sgeaċ ag féaċaint ar a mac agus ar a aṫair. Ní raiḃ breiṫeaṁnas aici ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig aċt a ḃreiṫeaṁnas siúd. Ní raiḃ súile aici aċt a ṡúile-san. Dá n-abróċaḋ seisean go raiḃ aon rud dá ḃfacadar análuinn ḃí sé aṁlaiḋ. Dá gceapfaḋ sé go mb’ ḟiú ḋóiḃ ḋul annseo nó annsiúd dob ḟiú é ar ndóiġ.
Ċuiṁniġ sí annsin gur ar rudaiḃ d’ḟeicfiḋe leis an tsúil is mó ċuireaḋ sé síos agus é ag tráċt ar áilne an tsaoġail. Agus ní raiḃ súil aige anois: an raiḃ aon áilneaċt le feiceál aige ar an saoġal aċt an oiread léiṫi fein?
Dá mbéaḋ ḟios aici é! Dá ḃféadfaḋ sí a ċlos anois! Ḃí sé ag cur síos go fileaḋta ar eirġe- gréine, ar eirġe-gréine ċonnaic sé n-a óige agus an ḃean ḃí ar ċúl na sgeaċ le n-a ṫaoḃ. Gaċ uile aṫruġaḋ dá dtáinic ar an spéir ó’n gcéad ġealaḋ san oirṫear go raiḃ an ġrian ós cionn talaṁ, ṫráċt sé air go bríoġṁar agus go h-áluinn; an duḃ ag dul i nguirme, an gorm ag dul i ngile, an ġileaċt ag iompugaḋ n-a airgead, an t-airgead ag iompuġáḋ go h-ór, agus gaċ mion-aṫruġaḋ ṫagaḋ ar gaċ daṫ díḃ sin, gur ċeap an stócaċ go raiḃ raḋarc draoiḋeaċta éigin ag an dall agus go raiḃ sé ag [ 39 ]cur síos ar an eirġe gréine ḃí ós a gcoṁair amaċ an ṁaidin ḃeannuiġte úd.
“.... ṫáinic fáinne óir ar ḃárr an ṁaolċnuic annsin,” ars an dall; ċroċ sé suas a ḋá laiṁ le cur i gcéill do’n stócaċ cé mar d’eiriġ an fáinne aníos as an talaṁ, “fáinne beag óir agus ṫosaiġ sé ag dul i méid agus i méid, agus giḋ go raiḃ sé anḟada uaim ar fad ċorruiġ sé an croiḋe ionam....”
“Féaċ! Féaċ! Féaċ!” ars an stócaċ, “an fáinne óir! féaċ é!”
Níor ċuiṁniġ sé gur dall ḃí le n-a ais. Níor ċuiṁniġ an dall féin air.
“An fáinne óir agus é ag eirġe aníos as an talaṁ go mall maorḋa....”
“Fáiltiġṫear roiṁe,” ars an dall.
Rug sé ar a ḃeiḋlín. Rug an stócaċ ar a ḃeiḋlín féin agus ṫosuiġ ag gaḃail ceóil, go gceapṫá naċ ag fáiltiuġaḋ roiṁ an ngréin ḃíodár ar ċor ar biṫ aċt go raiḃ an ġrian leisgeaṁail ṁaorḋa ag eirġe aníos le n-a gcuid ceóil aoiḃinn a ċlos.
Tógaḋ croiḋe na mná ḃí ar ċúl na sgeaċ. Aċt ní h-é an ceól ṫóg a croiḋe aċt gur aiṫniġ sí ar iomċur na beirte naċ raiḃ aon díoġḃáil déanta go fóill, nár hinnsiġeaḋ fós dá mac cé’n ḃaint ḃí eatorra trúir. Ḃí ceapṫa aici cur isteaċ orra agus a mac ḃreiṫ léiṫi aḃaile sul a ndéanfaiḋe an doċar naċ ḃféadfaiḋe a leiġeas. D’eiriġ sí amaċ ar an mbóṫar. Ḋruid sí leis an mbeirt ċeóltóir, aċt níor moṫuiġeadar ann í go raiḃ sí aċar beag deas n-a seasaṁ le n-a dtaoḃ.
Ġeit an ḃeirt. Ḃí sise corruiġe go mór.
[ 40 ]“Tá sé i n-am agat ḃeiṫ do leabaiḋ, a Antoine,” ar sise, “siuḃal uait aḃaile.”
“Ní ḃeiḋ mé i ḃfad anois, a ṁaṫair. Caiṫfiḋ mé Pól a ṫreórugaḋ aḃaile: níl na súile ar foġnaṁ aige.”
Dá ḃféadfaḋ sí innseaċt dó cé’n fáṫ! Níor laḃair sí focal beag féin.
“Agus b’ ḟéidir,” ars an stócaċ arís, “agus b’ḟéidir a ṁaṫair,” ar seisean, “go dtiocfá-sa linn; níl an bealaċ ró-ḟada mar sin.”
Ċuaiḋ. B’éigin di é. Mara ngaḃfaḋ cár ḃfios di naċ ndéanfaiḋe an díoġḃaíl sul a filleaḋ a mac?
Ġluais leo triúr agus dob ait an triúr iad. Ḃí croiḋe lán ag Antoine Beag an Ċeóil. Naċ raiḃ aiṫne curṫa ag a ṡeanċaraid dall aonraic ar a Ṁaṫair! Naċ mbeidís mór le ċéile feasta! Le ċoṁ gliondaraċ is ḃí sé féin níor ṫug sé faoi deara a ḃeirt ċoṁluadar. Ní ḟaca sé ċoṁ corruiġṫe is ḃí Pól Duḃ. An ġráin croiḋe ḃí i súiliḃ a ṁaṫar tráṫ ḋearcaḋ sí ar an dall—níor léir ḋó sin aċt an oiread. Agus an ċainnt ḃí aige! An stócaċ boċt aineólaiġ! Níor ṫuig sé go raiḃ gaċ focal ṫainic amaċ as a ḃéal ar nós saġaid i gcroiḋe na beirte b’ annsa leis ar biṫ—an ḃeirt ṫug ar an saoġal é.
Ní raiḃ an ġrian ṫar a trí ḟad féin ó ṫalaṁ agus í n-a luiġe go suanṁar ar leaḃaiḋ néalta órḋa. Ḃí leisg uirri ṡílṫeá eirġe as an leabaiḋ áluinn sin agus aġaiḋ ṫaḃairt ar na spéarṫaiḃ fuara uaċtaraċa. Easbaiḋ ceóil b’ éidir—aċt níorḃ eaḋ. Ḃí fuiseóg agus ceól ċoṁ breáġ aici is ṫáinic ariaṁ ó ḃeiḋlín ġá meallaḋ i n-áirde sna spearṫaiḃ....
[ 41 ]“A ṁaṫair,” ars an stóċaċ, “naċ mbeiḋ tú mór le Pól feasta? Sé tá i n-ann an ceól a ġaḃail! Sé tá i n-ann cur síos ar rudaiḃ!”
Agus siúd ar aġaiḋ é ag molaḋ an daill.
Ċonnaic sé an ġrian leisgeaṁail n-a leabaiḋ néalta.
“Agus an ċaoi ċuir sé síos ar ball beag ar éirġe na gréine! Má tá moille raḋairc féin air ní raiḃ daṫ dá dtáinic san spéir ṫóir ó d’ ḟágamar an teaċ nár innis sé ḋom: nár innis a Ṗóil?”
Níor tugaḋ freagra air. Ní ar a ċuid cainnte ḃí áird ag an mbeirt. Ní air ḃíodar ag cuiṁneaṁ aċt ar ṁaidin eile agus an ḃeirt aca óg. An ṁaidin sin ċonnaic an ḃeirt aca an ġrian ag eirġe go maorḋa. Ise aṁain d’ḟéadfaḋ í feicéal anois....
“Agus maidir leat-sa a Ṗóil, ní raiḃ ceart agat gan teaċt ar cuairt againn roiṁe seo. Naċ minic d’ iarr mé ort ṫeaċt? Na súile b’ḟéidir—seaḋ sin leiṫsgéal; aċt tiocfaiḋ tú ó ám go h-ám, naċ dtiocfaiḋ anois?”
“Corruair ḟágaim an teaċ.”
“Tá ḟios agam sin aċt tiocfaiḋ tú oiḋċe Dia Doṁnaiġ agus beiḋ oiḋċe ceóil againn. Beiḋ mise mo ṫreóir agat. Naċ dtiocfaiḋ tú anois a Ṗóil?” ars an stócaċ go h-impiḋeaċ, aċt níor laḃair an dall.
“Abair leis a ṫeaċt a ṁaṫair. Déan.”
Níor laḃair sise aċt oiread leis an dall. Ḋearc an stócaċ ar an mbeirt. An raiḃ siad ag éisteaċt leis ar ċor ar biṫ? Ḃí féaċaint aisteaċ i súiliḃ a ṁaṫar. Ḃí sí ag féaċaint uaiṫi ar rud éigin nár [ 42 ]léir ḋó féin. Agus an dall—ḃí seisean go neaṁ- aireaċ freisin. Ceól nuaḋ áluinn gá ċeapaḋ aige b’ḟéidir....
D’eiriġ an stócaċ n-a ṫost. Ní raiḃ aon ċeart aige ḃeiṫ ag cur isteaċ ar an mbeirt b’annsa le n-a ċroiḋe, aċt cead ṫaḃairt d’iongantas na h-uaire agus na h-áite an croiḋe a ṫógḃáil ionnta.
Aċt níorḃ í an uair láiṫreaċ seo, ná an áit láiṫreaċ ḃí ag baint na cainnte díḃ, aċt iongantas uaire agus áite eile, cuṁraċt na talṁan ann, ceól éanlaiṫ ann, an ġrian ag eirġe ann, an ḃeirt aca féin ann taoḃ le taoḃ, agus béal ar ḃéal....
“A Ṗóil!”
Ḃíoḋg an dall as an aisling sin. Ar laḃraḋ leis? An ó’n mnaoi ḃí sa laṫair anois nó o’n mnaoi ḃí leis cúig bliadna déag ó ṡoin ṫáinic an ċainnt?
Ise—an ḃean ḃí sa laṫair anois aduḃairt an focal. Agus leis an mac ḃí le n-a taoḃ a ṁeallaḋ ṫosuiġ sí ag cainnt faoi rudaiḃ beaga suaraċa leis an dall. Ní déanfaḋ sé cúis dá gceapfaḋ an mac céadna go raiḃ aiṫne aca ar a ċéile san am ḃí ṫart agus go raiḃ olc aca ḋá ċéile ḋá ḃárr. Ḃí a mac géarċúiseaċ. Ċaiṫfeaḋ sí ḃeiṫ ar a h-aire. An snaḋm cáirdis ceangluiġeaḋ idir a mac agus a ċeólċara a sgaoileaḋ, b’ṡin í an obair ṁór ḃí róimpi amaċ....
Sroiċeadar doras an Tiġe Ṁóir. Ní raiḃ Antoine Beag sásta imṫeaċt go n-osglóċaiḋe é. Bualaḋ air. Dúisiġeaḋ Sean-Ċrosaċ n-a ṗluais codalta agus easgaine aċt níor eiriġ sé. Bualaḋ arís ar an doras. Leag sé cos ar an urlár. Ṫug sé mionn. [ 43 ]Bualaḋ arís ar an doras. D’eiriġ sé amaċ ar an urlár. Ċuir a ċeann amaċ ṫríd an ḃfuinneóig. Nuair a ċonnaic sé an ḃeirt ḃí i n-aonḟeaċt le n-a ṁaiġistir ċaiṫ sé trí smugairle taoḃ ṫiar ḋe le teann iongantais agus duḃairt:
“I n-ainm an Aṫar agus an Ṁic agus an Spioraid Naoṁ, ḃfuil deireaḋ an doṁain ann?”
XI
Nuair Ḃí Antóine Beag an Ċeóil agus a ṁaṫair ag dul aḃaile an ṁaidin sin, ṡíl sí an snaḋṁ cáirdis a sgaoileaḋ ar ḃealáċ eile.
Faoi ’n am seo ḃí Antoine ag tosuġaḋ ar ċuid ḃeag de stáir na tíre a léiġeaḋ; agus corr-oiḋċe nuair naċ mbíoḋ fonn mór ceóltoireaċta air ḃíoḋ sé ag innseaċt dá ṁaṫair cé’n droċ-íde ḃeirfeaḋ sé do’n sgriosadóir seo nó do’n ropaire úd dá mbeaḋ sé beó le n-a linn.
Ċuiṁnig an ṁaṫair ar an olc ḃíoḋ ar an stócaċ ḋoiḃ siúd rinne slad agus creaċ ar Éirinn.
Ḃí foṫraċ seantiġe le hais na sliġe.
“Muinntir Nualáin ḃíoḋ annsin a Antoine,” ar sise, “caiṫeaḋ amaċ iad fiċe bliaḋain ó ṡoin. Fuair an tseanḃean agus beirt de na páisdiḃ bás leis an ocras.... díreaċ annseo,” agus ṡeas sí ag féaċaint ar an seanteaċ.
Ċuir a mac i gcéill di cé’n gráin ḃí aige do’n droċtiġearna rinne an gníoṁ.
“Aṫair Ṗóil Duiḃ ċaiṫ amaċ iaḋ....”
[ 44 ]Níor laḃair Antoine Beag focal. Ḃí sé ag feaċaint go smaointeaċ ar na foṫraċaiḃ.
“Innseóċaiḋ aon duine ḋuit é,” ar sise, “le n-a laiṁ féin ċuir sé an áit ṫrí ṫeine....”
Ḃí Antoine Beag an Ċeóil ag ceapaḋ naċ ndéanfaḋ Pól Duḃ a leiṫéid. Ḃíodar beirt ar ṁullaċ an áird. Ḃí maċaire breáġ leaṫan sínte ós a gcoṁair amaċ. Ṫosuiġ an ṁaṫair ag coṁaireaṁ gur ċoṁairiṁ sí fiċe foṫraċ timċeall orra.
“Aṫair Póil Duiḃ ḋíbir na daoine agus a leag na tiġṫe sin uile go léir,” ar sise, “ṁionnuiġ sé agus ṁóidiġ sé naċ ḃfágfaḋ sé teaċ gan dóiġeaḋ idir an dá Loċ Riaḃaċ....”
Ḃí an stócaċ ar buile leis. Dá mbéaḋ sé féin ann an uair sin naċ é ḋéanfaḋ gníoṁ!
“Ṫosuiġ sé ar an sgrios a ḋéanaṁ,” ars an ṁaṫair, “aċt is dóċa gur eiriġ sé tuirseaċ ḋi; fuair sé téad cnáibe ar an úrlár oiḋċe. Ba láidir agus ba ṫeann an téad é. Ċuir an seandiaḃal duḃ spéis an tsaoġail ann. Rug sé air. Ṁeaḋ sé agus ṫomais sé é. Trí feaġ go leiṫ ḃí ann.... ṫáiniċ smaoineaḋ éigin n-a ċeann. Ċaiṫ sé an téad uaiḋ mar ċaiṫṫeá naṫair agus suas leis an staiġre ċoṁ tapaiḋ is ḃí ann. Aċt níor ḟéad sé suaiṁneas a ġlacaḋ annsin. Anuas leis. Ḃí an téad ar an úrlár. Ḃí sgannraḋ air roiṁe. Ḃuail sé cic ann. Ṫainic sgannraḋ air—ḃí diaḃalaiḋeaċt ag baint leis an téad sin—b’éigin dó breiṫ arís air. Ḃí mallaċt ar an téad. Níor ḟéad sé imṫeaċt uaiḋ. Ḃí ceann leis agus lúb ann. Ċuir sé an lúb faoi n-a ṁuineál.... ċaiṫ sé an ceann eile ṫar sail.... [ 45 ]ar maidin ḃí luċa an Tiġe Ṁóir ag deanaṁ fleiḋe ar a ċolainn, agus ḃí a anam....”
Ḃí uaṫḃás ar Antoine Beag an Ċeóil an bás rug ar aṫair a ċarad.
“Agus maidir le n-a aṫair siúd—piostal ċuir deireaḋ leis an mbeiṫeaṁnaċ sin. D’ḟéaċ sé isteaċ ró-ḟada n-a ḃéal.... frioṫaḋ cnaṁ as a ċloigeann fiċe slat ó’n áit rinne sé an gníoṁ....”
Ġoil an sgéal sin go mór ar Antoine. Truaiġ aṁain ḃéaḋ aige do’n ḟear a caiṫeaḋ, maraċ gur innis a ṁaṫair ḋó cuid ḃeag dá ṫréiṫriḃ.
“Agus a aṫair siúd arís,” ar sise, “san loċ Riaḃaċ a báiṫeaḋ é. Maraċ gur ḃáiṫ sé é féin, dá ṫoil féin, cé’n fáṫ go dtáinic fuarloċ san aḃainn gur cartuiġeaḋ a uaiġ, gur tugaḋ a ċonra le sruṫ.... agus nuair aḋlacaḋ arís san talaṁ coisreagan é, nár tugaḋ le sruṫ arís é an oiḋċe ċéadna?”
Agus ṫosuiġ sí ag innseaċt ḋá mac faoi eaċtraiḃ muinntir’ Ṗóil Duiḃ. Dá mb’ḟíor ḋi é ba ṁór an peacad aon duine aca a leigint a ṫeaċt i n-aois ḟir.
“An fear atá ann anois....”
Ḃí fúiṫi an cáineaḋ ba ṁeasa fuair aon ḟéar aríaṁ ṫaḃairt ḋó. Ḋearc Antoine Beag uirri. Ní ḟaca sé ariaṁ ċeana an ċosaṁlaċt sin i n-éadan a ṁaṫar. An ġráin agus an fuaṫ n-a súiliḃ. Fonn uirri laḃairt aċt eagla uirri go noċtóċaiḋe a sgéal féin ṫríd an gcainnt niṁneaċ ḃí ar ḃárr a teangan.
“Siuḃal leat,” ar sise go tobann agus an ġráin agus an faitċíos ag coiṁlint le ċéile n-a gnúis.
Ġluais leó timċeall fiċe slat gan focal a ráḋ. Stad sí go tobann.
[ 46 ]“A Antoine,” ar sise, “a Antoine a ċroiḋe istiġ,” ar sise agus ṫug sí barróg dó gan aon tsúil aige le n-a leiṫéid, “a Antoine a ċuid,” ar sise, agus í ar a ḋá ġluin, “a Antoine, abair liom naċ ngaḃfaiḋ tú ann feasta, impiġim ort gan aon ḃaint ḃeiṫ agat leis feasta. Tá mallaċt ar an ḃfear sin, mallaċt mná a milleaḋ.... abair liom anois naċ ngaḃfaiḋ tú ar cuairt ann feasta go seaċtnóċaiḋ tú é mar seaċnuiġṫear an diaḃal....”
Ḃí Antoine n-a ṫost ar feaḋ tamaill ḃig. Ḃí sé ag féaċaint uaiḋ ṫar an maċaire go doiliġeasaċ.
“Aċt an ceól a ṁaṫair! an céól aoiḃinn!” ar seisean.
D’eiriġ an ḃean dá glúnaiḃ. Ṫuig sí naċ raiḃ sé n-a cumas an snaḋm ḃí idir an mbeirt ċeóltóirí a sgaoileaḋ ar an dóiġ sin.
XII
An imniḋe ḃíoḋ uirri! Dá mbéaḋ Antoine Beag gan ṫeaċt aḃaile i n-am d’ḟanaḋ sí n-a suiḋe ag fanaċt leis agus an croiḋe ġá ċráḋ innti go raiḃ sé sa Teaċ Mór agus go gcloisfeaḋ sé an sgéal ó Ṗól. Agus nuair a ṫiocfaḋ sé aḃaile ḃíoḋ cineál sgáṫ uirri roiṁe. Dá ḃféaċfaḋ sé uirri go smaointeaċ —nós ḃí aige—ṡíleaḋ sí go raiḃ deire leis an gcáirdeas ḃí eatorra arísgo bráṫaċ, gur h-innsiġeaḋ gaċ uile ṡórt ḋó ar olc léiṫi féin. Ḃí sí ġá céasaḋ aige agus é léiṫi sa teaċ; ḃí sí gá céasaḋ aige agus é ó ḃaile....
[ 47 ]Ṡuiḋeaḋ sí ag cniotál cois teine san oiḋċe go dtiocfaḋ sé aḃaile. Ḃíoḋ an bórd faoi réir aici; an tualán ar fiuċaḋ ós cionn na teine; cíte gá fuaraḋ ar lic na fuinneóige.
Cuireaḋ sí an sgéal trí ċéile n-a h-intinn féin. Ṫug Pól geallaḋ ḋí—aċt naċ iomḋa caoi le geallaḋ a ḃriseaḋ seaċas é réabaḋ ó céile i n-aon turas? Aċt an mbéaḋ fonn ar Ṗól an sgéal innseaċt? Ḃí sí cinnte go mbéaḋ an fonn sin air ’s ċoṁ mór le ċéile is ḃí an ḃeirt. Aċt naċ mbeaḋ eagla air go dtaoḃóċaḋ Antoine Beag le n-a ṁaṫair agus go mbeaḋ sé féin fágṫa gan caraid ar an saoġal? Naċ raiḃ an sgéal níos náiriġe aige féin? Aċt naċ iomḋa craiceann d’ḟéadfaḋ sé cuir air?
An díoltas ḃain sí amaċ i ḃfad ó ṡoin—maraċ é sin, ní ṫiocfaḋ sí san áit ṁallaiġṫe seo go deó, maraċ é sin ní ḃéaḋ a mac mór le Pól Duḃ, maraċ sin ní ḃéaḋ sí ciapṫa cráiḋte céasta anois: ár ndóiġ, ní ḟéadfaḋ sí gan mallaċt ḃeiṫ uirri agus a leiṫéid a ḋéanam? Agus ba ḋóiġ léiṫi go mba cuid de’n ṁallaċt go raiḃ gean a h-aon ṁic gá cailleaḋ aici. An díoltas sin ḃain sí amaċ— ṫosuiġeaḋ sí ag maċtnaṁ air go dtiocaḋ an pictúir go soiléir ós coṁair a súl, go mbíoḋ uaṁan uirri roimpe féin, roiṁ an ngráin ḃí n-a croiḋe féin....
Ṡíl sí tráṫ go raiḃ an ġráin sin múċta. Ṡíl sí é sin nuair ḃain sí a díoltas de Ṗól Duḃ. Is ar éigin leig sí uirri féin nuair ṫáinic sí san áit i dtosaċ le toraḋ a gníṁ díoltais a ḟeiceál, go mb’é an fuaṫ ba [ 48 ]siocair le n-a turas. Aċt aiṫḃeóḋaḋ an seanḟuaṫ ḃí n-a croiḋe ó ṫús. Méaduiġeaḋ é. Faduiġeaḋ é. Naċ raiḃ a mac múirneaċ, an mac ṫóg sí le duaḋ agus le saoṫar, níos geanaṁla ar Ṗól Duḃ ná uirri féin? Agus ċoṁ mórḋálaċ is ḃíoḋ Pól Duḃ! An t-aon rud ar an saoġal dá dtug sí gráḋ ó ċroiḋe a ḟuadaċ uaiṫi! Ḃí a ḋíoltas féin ġá ḃaint amaċ aige i ndeire na dála....
Ḃuaileaḋ sí amaċ i n-aon turas le Pól Duḃ ḟeiceál ag útamáil leis n-a ḋall, agus ag bualaḋ a ċos i n-aġaiḋ na gcloċ sa tsliġe. Ċuireaḋ sí a díoltas féin i gcomórtas leis an ndíoltas ḃain seisean amaċ agus ḃíoḋ sí leaṫṡásta. Aċt ṫiocfaḋ raḃarta feirge uirri dá mbéad a mac féin i ḃfoċair an daill gá ṫreóruġaḋ agus ag éisteaċt le n-a ċóṁráḋ maiṫ. Aċt níor ṫáinic gníoṁ mar ṫoraḋ ar an ḃfeirg. Níor ṫáinic de ḃláṫ ariaṁ ar an ḃfeirg sin aċt briseaḋ croiḋe....
XIII
Agus d’imṫiġ na bliaḋanta ar an dóiġ sin go raiḃ Antoine Beag oċt mbliadna déag d’aois, go raiḃ sé n-a ógánaċ measarḋa árd gan mórán toirte ann; súile lonnraċa n-a éadan ḃán ar nós ḋá liaṫróid marmair ṫumfaiḋe i n-uisge; folt cataċ de ṁín- ġruaig síodaṁail ar a ċeann, aċt naċ ḃféadfaḋ a ḋiṫċeall é ċeansuġaḋ ná é ċóiriuġaḋ; glór bog duṫraċtaċ aige—ċeapṫá agus é ag laḃairt leat nár ḋuḃairt sé an cainnt ċéadna sin ariaṁ aċt [ 49 ]leatsa aṁáin; é beó bíoḋgṁail ar a ċois agus n-a iomċur; ógánaċ naċ ngaḃfaḋ ṫart ar an tsráid gan daoine ḃeiṫ ag féaċaint air.
Níor aṫruiġ na trí bliadna an sgéal ar an triúr mórán. Ní aiṫneóċṫá ar Ṗól Duḃ go raiḃ an aimsir ag sleaṁnuġaḋ ṫart; ḃí máṫair an ḟir óig beagáinín beag níos caiṫte, beagán níos niṁniġe ná ariaṁ. Aċt ní ṡílfeaḋ aon duine uirri go raiḃ fúiṫi gníoṁ mór eile a ḋéanaṁ, leis an ḃfear sin a ṁill a saoġal uirri agus a mac a ċur ó ċéile go deó na ndeór....
Aċt ḃí. Ní ḟéadfaḋ sí an saoġal ḃí aici a ṡeasaḋ níos fuide. Ṫiuḃraḋ sí Pól Duḃ agus a mac le ċéile. D’innseóċaḋ sí a sgéal féin d’Antoine i láṫair Póil Duiḃ. Ċuirfeaḋ sí a craiceann féin air. Noċtóċaḋ sí ḋó i mbriaṫraiḃ toġṫa gaċ ar ḟulaing sí ó casaḋ Pól Duḃ léiṫi an ċéad lá. Ní ċeilfeaḋ sí aon rud air; ċoṁ mór le ċéile is ḃíodar i dtosaċ; go mb’é an ċéad ḟear é dá dtug sí gean; an sórt duine ḃí ann an uair sin; an teanga ḃladaraċ ṁealltaċ ḃí n-a ċeann; ċoṁ hóg is ḃí sí féin agus ċoṁ neaṁeólasaċ ar an saoġal is ḃí sí; an imniḋe ḃí uirri; an fonn ḃí uirri í féin a ḃáṫaḋ nuair ṫuig sí go raiḃ an anaċain déanta; an ċainnt aduḃairt Pól Duḃ nuair d’innis sí an sgéal ḋó; an buile ḃí uirri; an ċaoi ṡíl sí díoltas ḃaint de Ṗól; an t-uaṫḃás ḃí uirri nuair a ḃain—ċuirfeaḋ sí síos go glan soiléir orra uile go léir i láṫair na beirte....
Aċt an ḃeirt ṫaḃairt le ċéile—n-a teaċ féin dá mb’ḟéidir é—ní ḃéaḋ sé sin ró-éasgaiḋ. Ní raiḃ Pól [ 50 ]Duḃ aċt aon uair aṁáin ann, an uair ṫáinic sé ar ṫóir ruaḋóige tosaiġ ḃeiḋlín—an dtiuḃraḋ sí cuireaḋ ḋó ṫeaċt? An dtiocfaḋ sé dá ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ féin agus ċoṁ minic castaiḋe Antoine leis ar a ṁalairt de ċaoi? Ċeap sí go mb’ḟeárr fanaċt go dtiocfaḋ sé uaiḋ féin....
Ḃí an sgéal ḃí le hinnseaċt ceapṫa aici. Ṫoġ sí gaċ focal go cúramaċ. Ċuir sí i ndiaiḋ ċéile go healaḋanta iad. Laḃair sí ós árd iad agus í léiṫi féin. Ḃain sí cuid de’n niṁ as an gcuid seo de’n sgéal. Ċuir sí briġ agus fuinneaṁ i gcuid eile. An truaiġṁéal i n-uaċtar annseo sa sgéal. Breiṫ- ṫoraiḋeaċt i gcuid eile. Agus ċleaċtuiġ sí an ċainnt leis na tréiṫre seo ṫaḃairt amaċ n-a n-iomlán, gur ċeap sí naċ ḃféadfaḋ aon duine éisteaċt le n-a stáir gan a ráḋ gurab é Pól Duḃ ba ċionntaċ....
Ní fada an t-aċar go ḃfuair sí fail ar an sgéal innseaċt. Deireannaċ san oiḋċe cé ḃuail isteaċ ar an úrlár ċuici, agus a ṡeanḃeiḋlín faoi n-a asgail aċt Pól Duḃ féin.
Agus seo é an fáṫ ḃí aige leis an gcuairt a ṫaḃairt:
Máirt Cásga ḃí ann agus ḃí coinne déanta aige le Antoine leis an oiḋċe a ċaiṫeaṁ ag ceóltóireaċt sa Teaċ Mór. Ḃí gaċ uile ṡórt faoi réir aige— teine ṁaiṫ san ngráta, na dallóga troma ar na fuinneógaiḃ, an lampa árd ar lasaḋ le n-a ais díreaċ mar ḃí an ċéad oiḋċe casaḋ Antoine leis i dtosaċ, na spéacláirí céadna gorma ar a ṡúiliḃ....
Aċt céard ḃí ar an ḃfear óg naċ raiḃ sé ag [ 51 ]teaċt? Ḃí sé ṫar a h-oċt a ċlog, agus ġeall sé ḃeiṫ ann ar a seaċt. D’eiriġ sé agus ṫosuiġ sé ag siuḃal anonn ’s anall go míḟoiġdeaċ. Ba léir ó’n gcaoi a raiḃ an brat-úrláir caiṫte faoi n-a ċosaiḃ gur iomḋa míle míle uair ṡiuḃal sé an casán céadna sin. Uaireannta d’ḟanaḋ sé tamall n-a ṡeasaṁ agus cluas air go gcloisfeaḋ sé torann cos a ċarad óig ar an ngainiṁ taoḃ amuiġ. Aċt níor ċuala sé an torann sin, agus lean sé dá ṡiuḃlóid ar nós seanleoṁain faoi ġlas.
Bualaḋ an naoi. Ḃí sé tuirseaċ ag fanaċt leis. An dtiocfaḋ sé ċoiḋċe?
Rug sé ar an seanḃeiḋlín go mí-ṡásta. Ḃain sgréaċġail as. Beiṫiḋeaċ allta i gcruaḋċás ḃí ann, ṡílṫeá.
Annsin leis an ḃfuinneaṁ a ċuir sé ann réab sé an ruaḋóg tosaiġ....
Ḃí sé gan ceól gan cara annsin. Ṫug sé seaċt mionn déag, agus gaċ mionn aca ní b’aistiġe ná a ċéile, go ndeaċa sé go pluais easgaine Ṡean-Ċrosaiġ, gur ḋúisiġ sé as a ṡáṁṡuan é le teann na mionn, gur ċuir iallaċ air an lóċrann ’ḟaġáil agus é ṫreóruġaḋ go teaċ an ḟir óig....
“An ċéad ruaḋóg briseaḋ orm,” an focal aduḃairt sé nuair ṫóg sé an laisde.
Níor ċuir bean an tiġe aon ḟáilte roiṁe. Ċuiṁniġ sí ar oiḋċe eile nuair ṫáinic sé agus an sgéal céadna aige. Ó’n oiḋċe sin amaċ ní raiḃ aon tsuaimneas aici. An oiḋċe sin ṫug sí faoi deara i dtosaċ ċoṁ mór is ḃíodar le ċéile. An oiḋċe sin ṫuig sí cé’n ceangal do-sgaoilte ḃí eatorra—aċt [ 52 ]anoċt ḃéaḋ fail aici a sgéal féin a noċtaḋ ar a bealaċ féin i láṫair a mic, anoċt sgaoileaḋ sí an snaḋm ḃí ag a ċeangal le n-a bliaḋantaiḃ....
“Briseaḋ an ruaḋóg tosaiġ orm,” ars an dall.
An leiṫsgéal céadna ḃí aige anoċt is ḃí an oiḋċe sin. Aċt ní ḃfuiġeaḋ sé ruaḋóg nuaḋ ó n-a mac anoċt; ní ḃéaḋ oiḋċe ceóil aca le ċéile mar ḃí an oiḋċe úd. Ní ḃéaḋ oiḋċe ceóil aca arís ċoiḋċe....
“Níl Antoine sa mbaile.”
Ġeit sé. Naċ é d’aiṫniġ an glór!
“A Ṁuirġéid,” ar seisean,” naċ ḃfuil sé ṫar am agat maiṫeaḋ ḋom?”
“Ní ṁaiṫfead ċoiḋċe ná go deó.”
Ní aṁáin nár ṁaiṫ sí ḋó aċt ḃí lúṫġáir croiḋe uirri go gcuirfeaḋ a mac ruaig air as an teaċ nuair a ṫiocfaḋ sé agus nuair ċloisfeaḋ sé an sgéal ó n-a béal féin.
Is beag naċ raiḃ sí láġaċ muinntearḋa leis!
“Tá súil agam naċ mbéiḋ Antoine i ḃfad,” ar seisean.
Ní ċeapfaiḋe aċt go mba ṡeanlánaṁain ós cionn na teine iad, agus nárḃ eaḋ freisin ar ḋóiġ? Níor laḃraḋ mórán; ḃí an iomarca aca le ráḋ dá dtosnóċaidís. Eisean ar ṫaoḃ na láiṁe clé; ise ar ṫaoḃ na láiṁe deise; an bórd eatorra agus an lampa ar lasaḋ air; clog beag ar an matal agus gaċ aon tic-tic uaiḋ go míṡásta míḟoiġdeaċ cas cantalaċ. Ṡílṫeá go mbíoḋ Pól Duḃ ag féaċaint ar an gclog sin go ḃfeicfeaḋ sé cé’n t-am é—a ċeól míḃinn ḃí ġá ḃoḋraḋ. Nuair a d’ḟéaċfaḋ sé ar an gclog ar an nós sin, deireaḋ sise:
[ 53 ]Ní ḃeiḋ sé i ḃfad anois. Tá sé luaṫ san oiḋċe fós.
Aċt naċ uirri ḃí an sgannraḋ naċ ḃfanfaḋ sé! Naċ í ḃí faiteaċ naċ dtiocfaḋ a mac i n-am leis an sgéal sin ḃí ceapṫa aici a ċlos! Mara dtiocfaḋ ní sgaoilfiḋe an snaḋm an oiḋċe sin....
Agus d’ḟan an ḃeirt, an ḃean a raiḃ an ġráin n-a croiḋe, agus an fear dá dtug sí gráḋ tráṫ agus ṫug gráḋ dá mac anois, cois teine ar feaḋ i ḃfad ’s i ḃfad go dtiocfaḋ an fear óg ṫugadar ar an saoġal oċt mbliadna déag ó ṡoin aḃaile ċuca....
XIV
Nuair d’ḟág Antoine an teaċ i dtús na hoiḋċe ḃí faoi ḋul díreaċ go dtí an Teaċ Mór. Aċt nuair ṡroiċ sé an baile beag atá idir an dá áit ḃí a lán de ḟearaiḃ óga na tuaṫa bailiġṫe ann. Ḃíodar corruiġṫe go mór. Ḃí sgéal mór éigin aca. Riṫ fear óg díḃ amaċ ċuige. Ḃí fiaḋántas n-a ṡúil agus filiḋeaċt ar a ṫeangain.
“Ioḋbairt fola!” ar seisean, “íoḋbairt fola ar son na béiṫe naċ gcaillfear ċoiḋċe!”
Níor ṫuig Antoine i gceart é. Ġluais leis go Mullaċ an Áird, áit a raiḃ cuid ṁaiṫ daoine bailiġṫe. B’iongantaċ an raḋarc ḃí le feiceál annsin. Maiġ Life ṡíos faoi. An aḃainn ar nós péiste móire airgeada ag gluaiseaċt léiṫi faoi ċoilltiḃ tiuġṫa agus ṫar bántaiḃ agus curaiġiḃ [ 54 ]míne. Sluaġ mór ar an Mullaċ. Sgéal mór ag gaċ éinne agus gan aon ḃeirt ar aon sgéal.
Ḃíodar uile go léir ag féaċaint i dtreó Ḃaile Áṫa Cliaṫ.
Cluineaḋ pléasgaḋ mór.
Rug fear árd ar láiṁ ar Antoine. Ḃí creaṫaḋ n-a ġlór.
“An seanċaṫ ġá ṫaḃairt arís!” ar seisean, “an seanċaṫ naċ stopfaiḋ go mbéiḋ Éire ag Éireannaiġiḃ.”
Níor laḃair Antoine. Ḃí sé n-a ṡeasaṁ leis féin amaċ ó’n sluaġ ag éisteaċt le pléasgaḋ na ngunnaí móra.
Tógaḋ a ċroiḋe. Músgluiġeaḋ a ṁisneaċ. Ṫáinic cineál meisge air....
Níor ḟéad sé aġaiḋ ṫaḃairt ar an Teaċ Mór. A-ḃaile ċuaiḋ sé agus a ċroiḋe agus a anam corruiġṫe ar nós nár corruiġeaḋ le ceól ariaṁ iad.
Meisge na náisiúntaċt’ ḃí air, nuair ḃuail sé isteaċ n-a ṫeaċ féin.
D’ḟéaċ sé ar a ṁáṫair. D’ḟéaċ sé ar Ṗól Duḃ.
“Is fada gur ṫáinic tú,” arsa Pól go casaoideaċ, “tá mé annseo le ḋá uair a ċluig ag fanaċt leat.”
Ṫáinic gráin i gcroiḋe an ḟir óig do’n dall. De ḃunaḋ Gall b’eaḋ é, agus naċ raiḃ a ċinneaḋ siúd ag troid i n-aġaiḋ a ċinniḋ féin le n-a ciantaiḃ? Nár ṫasbáin an dall féin ḋó claiḋeaṁ ḃí ag a ṡeanaṫair lé’r ḃain sé an ceann de ṫaoiseaċ sa mbliaḋain 1798? Cé’n fáṫ go raiḃ sé féin mór le n-a leiṫéid de ḋuine ariaṁ? Ar ndóiġ níor ḃféidir gráḋ tíre agus gráḋ ceóil a ċur i gcomórtas le ċéile?
[ 55 ]“Taḃair ruaḋóg tosaiġ ḋom,” ars an dall, “agus beiḋ greas againn le ċéile ar an dá ḃeiḋlín.”
“Ní ḃeiḋ”
Duḃairt sé an focal ċoṁ borḃ dána sin gur ġeit an dall. Scannruiġ an ṁáṫair ċoṁ corruiġṫe is ḃí a mac.
“Ní ḃeiḋ aon ċeól againn le ċéile feasta,” arsa Antoine, “ní ḃeiḋ aon ḃaint againn le ċéile feasta. Imṫiġ aḃaile agus ná feictear annseo arís ċoiḋċe ṫú!”
Ṡíl an dall i dtosaċ gur ar buile ḃí an fear óg. É ḋíbirt as an teaċ! A ráḋ naċ mbeaḋ aon ċeól aca le ċéile feasta! Ṫuig se gan mórán moille gur i ndá ríriḃ ḃí sé.
“Imṫiġ!” arsa Antoine.
Rug an dall ar a hata, ar a ṁaide treóir agus ar a ḃeiḋlín, agus amaċ leis faoi spéirṫiḃ neiṁe agus gan fios aige cé’n fáṫ gur díbriġeaḋ é....
“Ar ċuala tú an sgéal, an sgéal mór?” arsa a ṁáṫair i gcogar ḟaiteaċ. A sgéal féin ár ndóiġ ḃí i gceist aici.
“Ċualas agus táim ag imṫeaċt....”
“Ag imṫeaċt! Ag imṫeaċt, a Antoine!” agus ḃí sgannraḋ n-a glór, “ár ndóiġ níl tú ag imṫeaċt uaim mar ġeall air sin, ḃfuil anois?” agus ṡíl sí a ḋá láiṁ a ċaiṫeaṁ timċeall ar ṁuineál a mic. Naċ uirri ḃí an mí-áḋ nár innis an sgéal dó sul ar ċuala sé ó ḋuine eile é!
“Tá mé ag imṫeaċt anois, a ṁáṫair.”
[ 56 ]Ṫug sé póg ḋi go díl. Ṫosuiġ sise ag caoineaḋ.
“A Antoine! a Antoine! Ná himṫiġ uaim! ná himṫiġ ó do ṁáṫair aonraic!”
Aċt d’éaluiġ sé uaiṫi agus gan fios sgéil ṁóir a ṁáṫar aige, d’imṫiġ sé leis ar eagla go laġdóċaiḋe a ṁisneaċ, go dtiocfaḋ lagaḋ ar a anam....
Ṫug sé aġaiḋ ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus na Flaiṫis n-a ċroiḋe....