Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
17
CEÓLTÓIRÍ

bláṫaiḃ ioldaṫaċa, an ġaoiṫ andeas go meiḋreaċ ag iarraiḋ cur-isteaċ ar a spóirt. An doṁan mór go béoḋa gliondaraċ.

Aċt ní culaiṫ aéraċ ṡaṁraiḋ ċaiṫ sise. Ní aiteas ḃí n-a croiḋe. An seandolmán glas-uaiṫne ḃí uirri. An boinéad duḃ gránda ar a ceann. A ḋá béal buailte ar a ċéile. Bior n-a ḋá súil. Fuadar fúiṫi.

Ġluais léiṫi ṫar an aḃainn suas sráid an ḃaile ḃig go ndeaċa sí isteaċ sa gcoill atá i ḃfogus do’n Teaċ Mór. Ní fios an túirse ṫáinic uirri, nó an é an ċaoi gur ḃog aoiḃneas na h-áite agus na h-aimsire a croiḋe, aċt ṡuiḋ sí ar ḃainseóig ḃí cois na sliġe. Má’s coinne ḃí déanta aici le duine éigin ann, ní raiḃ aon ḟaitċíos uirri naċ dtiocfaḋ sé. D’ḟan sí ar a suaiṁneas annsin ag éisteaċt le glórṫaiḃ éagsaṁla na coille. Ṫáinic beaċ ṁór ċrónánaċ agus ċaiṫ sí aċar beag ag feaċaint air ag dul ó ḃláṫ go bláṫ ar a saoṫar lae. Ġlaoḋ cuaċ i ngar di agus lean dá ċeól sásta féin. Ḃí smól ar ċraoiḃ ós a cionn. Ní raiḃ aon ċeól aige sean—b’ḟéidir go mb’aṁlaiḋ gur ċuir gné ḃrónaċ na mná ḃí ṡíos faoi cosg leis.

Brón ḃí uirri go cinnte, brón agus imniḋe. Aċ ḃí sí go míṡasta míḟoiġdeaċ freisin. D’aiṫneóċṫá sin uirri, ar an gcaoi ṡáiṫeaḋ sí a sgáṫ fearṫainne síos sa talaṁ go niṁneaċ ó am go h-am....

Ġeit sí. Tóg sí a ceann. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. Ḃí daṫ anḃán ar a h-éadan. Maraċ an ḟéaċaint ḃí n-a súiliḃ ṡílṫeá gur imeagla ḃí uirri.

Ċuala sí torann. Ḃí fear ag teaċt, maide treóir

C