Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
CEÓLTÓIRÍ

sin d’ḟeicfiḋe an doiliġeas agus an dubrón ionnta....

Is corr-uair ṫiocfaḋ meangaḋ gáiriḋ ar a béal; nuair a ṫiocfaḋ deirṫeá gur mó d’ḟeil an meangaḋ sin dá béal ná aon ṁeangaḋ ṫáinic ar ḃéal mná le do ċuiṁne. Ṡílṫeá go raiḃ friġid an ṁeangaiḋ ṫar éis a ḃeóċaint i gceadóir, nár ṫáinic meangaḋ ar ḃéal ariaṁ go dtáinic ar ḃéal na mná sin.

Ní raiḃ ḟios an bean tuaṫa nó bean uasal ḃí innte: ḃí airgead aici—cuid ṁaiṫ ceapaḋ; ḃí foġluim uirri—cá ḃfios cé ṁéad?

Ḃí sí n-a hiongantas ag a lán—an óige i gcrot ṡeanda, an ṁeiḋreaċt báiḋte ag an mbrón, an béal ḃí meangaċ gáireaċ cainnteaċ ó ḋúṫċas n-a ḃéal daingean cruaiḋ tostaċ. Má ċeap luċt na seafóide agus an aineólais go raiḃ draoiḋeaċt nó diaḃlaiḋeaċt ag baint léiṫi féin agus le n-a mac, agus má ṡeaċain siad an ḃeirt ar an áḋḃar sin, ḃí daoine eile ann agus ċeapadar gur bean a raiḃ rún a baint léiṫi í, agus ṫiuḃraidís a lán, aiṫne ċeart ċur uirri. Aċt má’s draoiḋeaċt ḃí ag baint léiṫi, nó má ḃí rún uaṫḃásaċ aici, ní ḃfuair ceaċtar de’n dá ḋream cuireaḋ ċun a tiġe ariaṁ.

VI

Is beag a rinne sí nár ċuir dream éigin a ċraiceann féin air.

Ḃuail sí amaċ ag siuḃlóid di féin lá. Maidin iongantaċ ṡaṁraiḋ ḃí ann. An ġrian ag súgraḋ le