Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
32
CEÓLTÓIRÍ

Ċuir an ḃean isteaċ air agus buile uirri.

“Ní ḋéanfaiḋ tú é! Ní ḋéanfaiḋ tú é adeirim!” ar sise, “Nár ḟógair mé ort gan baint ḃeiṫ agat leis feasta. Liomsa é—liomsa aṁáin. Agus má innsiġeann tú ḋó cé ṫú....”

“Sin rud naċ ndéanfad gan an cead uaitse.”

Tógaḋ an laiste ar an doras.

“Geallaḋ uait—” rug sí air go himpiḋeaċ. Ċuir sé i n-iúl di go raiḃ sé sásta an geallaḋ ṫaḃairt di.

“Geallaḋ uait naċ n-innseóċaiḋ tú ḋó cé ṫú,” ar sise.

Fuair sí an geallaḋ.

Osgluiġeaḋ an doras. Ṫáinic Antoine Beag an Ċeóil isteaċ.

“Tá an taom ṫart,” ars an ḃean go réiḋ socair, “níl gáḃaḋ le doċtúir anois.”

“Beiḋ céol againn mar sin,” arsa Antoine go luṫġáireaċ agus rug sé ar a ḃeiḋlín féin. Rug an dall ar an ḃeiḋlín eile.

“Tá sé deireannaċ san oiḋċe; tá sé ṫar am ḋul a ċodlaḋ,” arsan ḃean.

“Cúpla port, a ṁáṫair.”

Ḃí an cúpla port aca. Ḃí agus ḋá ċeann déag. D’ḟan an ṁaṫair n-a suiḋe ċois teine. Ní ag éisteaċt leis an gceol ḃí sí, aċt ag féaċaint ar an mbeirt. Ṫug sí faoi deara gan mórán moille ċoṁ mór is ḃíodar le ċéile. Ḃí bróid ar a mac go dtáinic an ceoltóir breáġ, an dall iongantaċ, ar cuairt ċuca; ḃí lúṫġair croiḋe air go raiḃ an seanċara dá dtug sé gean ag gaḃail ceóil dó cois