Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
7
CEÓLTÓIRÍ

creaṫaḋ ball ar an stócaċ—ḃí an ceóltóir draoiḋeaċta ag déanaṁ air! Ḃí an t-uaṫḃás buailte leis! Dá ḃféadfaḋ sé imṫeaċt! Ṫug sé coisméag, aċt má ṫug, ṫug an dall cor codramánta agus idir eatorra leagaḋ agus briseaḋ an lampa árd.

Ní raiḃ ḟios ag an stócaċ cé’n ḟaid ċaiṫeadar beirt annsin n-a dtost sa dorċadas. Ṡíl sé go gcuala sé sgréaċ taoḃ amuiġ—sgread mar leigfeaḋ ainṁiḋe ḃéaḋ gaḃṫa—an ġaoiṫ i mbárraiḃ na gcrann guiṁaise b’ḟéidir....

III

Aċt cé ḃí ag déanaṁ an ċeóil? An aṁlaiḋ go raiḃ an seanḃeiḋlín ag seinnt uaiḋ féin san dorċadas? Ḃí an stócaċ cinnte go raiḃ an gléas ceóil annsin ar an mbórd agus nár corruiġeaḋ é; go raiḃ an dall i n-aice na fuinneóige agus nár ċorruiġ sé—agus siúd é an ceól, an céol diaḃalta ar ar tráċtaḋ go minic n-a ċluasaiḃ!

Ḃí an ceól go mín réiḋ i dtosaċ ar nós páisde ḃéaḋ ag claṁsán ’n-a ċodlaḋ. Ṫáinic borraḋ ann go raiḃ sé cosaṁail le ḋá ġaḋar ḃéaḋ ag aṁastraig ar an ngealaiġ. D’eiriġ sé borb dána fíoċṁar go raiḃ sé ag imṫeaċt ṫart ós a ċionn n-a ruaille- buaille diaḃalta, gur leigeaḋ aon sgréaċ aṁain agus ḃí an áit ċoṁ socair leis an uaiġ....

Leig an fear dall osna.

Baineaḋ creaṫaḋ as an stócaċ....