Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
8
CEÓLTÓIRÍ

An céol arís! Ċuala sé foġar ag gaḃail ṫart sa seómra mar ḃéaḋ ḋa ċolúr ag molaḋ a ċéile agus ag déanaṁ gráḋ le ċéile lá gréine earraiġ. Ṫáinic cosaṁlact glór ban ar ġlór colúir díḃ; í ag casaoid agus ag gearán agus ag bagairt; í ag caoi agus ag impiḋe agus ag aṫċuinge; glór fir le clos tríd an gceól, é ag plamás agus ag bladar, gá meallaḋ agus gá bréagaḋ, le briaṫraiḃ boga binne....

Ċeap an stócaċ go ḃfaca sé annsin ós coṁair a ḋá ṡúil iad. An fear n-a ṡeasaṁ agus an ḃean ar a glúnaḃ; ise go h-impiḋeaċ, eisean go ceanndána; ise go bagarṫac, eisean ag taḃairt a duḃṡlán— aċt céard sin? Béic uaṫḃásaċ ón ḃfear, sgread péine!

Ġeit an stócaċ. Ḃí sé cinnte gur ḃéic duine ċuala sé, gur eiriġ timpíst éigin dón te ḃí i n-aonḟeaċt leis sa seómra. Ḃí sé ar tí laḃairt, ar tí caḃruġaḋ leis an té gortuiġeaḋ aċt gur ṫosuiġ an ceól aris. Ceól magaṁail ḃí ann an uair seo, ceól sgigeaṁail, an ceól ḃéaḋ ag diaḃal ḃéaḋ ṫar éis dioġaltas ḃaint amaċ.

“I n-ainm Dé céard tá déanta agat?”

Ḃí an stocaċ dearḃṫa gur laḃair an dall, go gcuala sé an ceól magaṁail, go ḃfaca sé an raḋarc ċonnaic sé féin.

“I n-ainm Dé céard tá déanta agat,” ars an glór arís go doiliġeasaċ, ar nós taise seanċeóltóra ḃeaḋ go míṡuaiṁneaċ n-a uaiġ ḋorċa gan a ġléas ceóil. Aċt sul má fuair sé freagra, ṫosuiġ an ceól arís. Ḃí boige ann anois, boige agus binne