Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
34
CEÓLTÓIRÍ

múirneaċ leis an ḃfear sin a ṁill a saoġal uirri ní ḟéadfaḋ sí fanaċt níos fuide sa mbaile. Aċt céard abḟeárr ḋi a ḋéanaṁ? Innseaċt dá mac cérḃ é an dall? Dá ndéintí é sin cé’n meas ḃeaḋ ag a mac uirri féin? Nár ḃeag an sásaṁ ḋi go mba luġa ná sin an meas ḃeaḋ aige ar an dall? An tsnaḋm ait ḃí idir an mbeirt a sgaoileaḋ gan a sgéal brónaċ féin a noċtaḋ dá mac—b’ṡin í an aḋb. Ba trom agus ba tuirseaċ a cuid smaointe agus í ag gaḃail an tsliġe. An sgéal ċeap sí agus d’ innis sí dá mac faoi ’n gcáil ḃí ar ṁuinntir a aṫar sa tseanaimsir, an ḃféadfad sí a ḃréagnuġaḋ anois? Agus ċoṁ mórḋálác is ḃí an stócaċ as an treiḃ dár díoḃṫa é! An ḃféadfaḋ sí innseaċt dó naċ raiḃ sna sgéaltaiḃ ar fad aċt bréaga loma? Céard a ċeapfaḋ an stócaċ nuair a ṫuigfeaḋ sé naċ raiḃ n-a saoġal iomlán le cúig bliadna déag aċt bréag ḃeó? Tuige an raiḃ sí ċoṁ beaċt leis? Tuige ar ṫasbáin sí uaiġ ḋó? Tuige ar ḋuḃairt sí leis gur ann ḃí cnáṁa a aṫar sínte? Agus an ċaoi ṫéiḋeaḋ an ḃeirt aca ar cuairt ag an roilic an ċéad lá de gaċ mí le paidir a ráḋ! Ċuiṁniġ sí anois ar a n-abruiġeaḋ sí le n-a mac faoi a aṫair ḃí san uaiġ; na deáġtréiṫre ḃí ann, an uaisleaċt ḃí ag baint leis, an ḟírinne ḃí n-a ṡúil agus ar a ḃéal, ċuiṁniġ sí anois ar ċoṁ minic is duḃairt sí le n-a mac, an fear seo—an fear seo nár ṁair ariaṁ aċt i n-intinn mná ċéasta—ḃeiṫ mar ḋeáġsompla aigei gcoṁnaiḋe. Ní ḟéadfaḋ sí innseaċt ḋó cérḃ é an ceoltóir dall; aċt dá ndéanfaḋ an ceoltóir dall féin é, má ḃí sé ġá ḋéanaṁ anois féin....