Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
4
CEÓLTÓIRÍ

ṡolus geal an lampa aige. Ṡílṫeá go raiḃ sé ag sgrúduġaḋ na boise, go ḃfaca sé a raiḃ de ḋeanaċ air.

“Dústa trí lá,” ag taḃairt breiṫeaṁnais air ḃí sé, ċeapfaḋ duine.

Rug an fear aimsire ar ċirteaċ leis an mbórd a ġlanaḋ.

“Sgrios! Ná feictear annseo arís anoċt ṫú!”

“Aċt an punċ a ṁaiġistir—”

“Sgrios adeirim nó—”

Ní ḋeárna Sean-Ċrosaċ aon ṁoll go raiḃ sé ar an taoḃ eile de’n doras. Annsin ṫug sé trí léim agus ní fios cé ṁéad truslóg le cur i n-iúl ḋó féin, agus do pé ar biṫ taise ḃí ag déanaṁ airneáin san halla fada dorċa gur amadán ḃí n-a ṁaiġistir agus a ċeapaḋ go gcuirfeaḋ sé i gcéill dósan— ċonnaic de ló agus d’ oiḋċe é—go raiḃ aṁarc na súl aige. Aċt má ḃí ḟios ag Crosaċ gur dá ṡúil gan ḃeoḋaċt ḃí ar ċúl na spéacláirí gorma, níor leig sé rún a ṁaiġistir le éinne eile: is beag duine ċífeaḋ an fear árd duḃ ag gaḃail an bóṫar go mall cúramaċ le n-a ṁaide treóir a ċeapfaḋ go raiḃ aon niḋ ba ṁeasa ná sgoltaċa ag gaḃail dó. Nár ṡiuḃal sé an bóṫar ċoṁ díreaċ le cáċ? Ce’n fáṫ go gcaiṫfeaḋ sé spéacláirí maraċ go raiḃ gaḃaḋ aige leó? Agus cé’n gaḃaḋ ḃeaḋ ag dall leó? Moille beag raḋairc agus na sgoltaċa—sin a raiḃ air de réir na ndaoine ṫart; agus bḟeárr le Pól Duḃ ná cuid ṁaiṫ dá maoin ṡaogalta nár ceapaḋ a ṁalairt, naċ gceapfaḋ an fear aimsire féin é.

An ṁórċúis b’éidir, nó....