Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
5
CEÓLTÓIRÍ

Ṫóg Pól Duḃ an ḃeiḋlín agus ṫosuiġ ag ceól- tóireaċt ḋó féin. Ar ċlos do Ċrosaċ an céol breáġ meiḋreaċ ḃí istiġ, stad sé de ċaiṫeaṁ na truslóg, agus ṫosaiġ ag daṁsa ar fud an halla ḟada ḋorċa agus ag mallaċtaḋ a ṁaiġistir, agus mionn mór neaṁċoitċianta ġá ṫaḃairt aige i n-aġaiḋ gaċ coiscéime—aċt is ró-ċinnte go ḃfuiġeaḋ fear eile ḋéanfaḋ a leiṫéid droċ-íde ón ḃfear aimsire céadna.

II

Níorḃ é Crosaċ aṁain ċuala céol an Tiġe Ṁoir an oiḋċe sin. Ḃí stócaċ i n-aice na h-áite agus ḃí sé ag éisteaċt leis ó ṫosaiġ sé. Cuireaḋ iongantas air, cuireaḋ aoiḃneas air; cuireaḋ uaṫḃás air mar cuireaḋ go minic ċeana. Dá ḃféadfaḋ sé an ceoltóir draoiḋeaċta ḟeiceál! Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ draoiḋeaċt nó diaḃalaiḋeaċt ḃeiṫ ag baint le n-a leiṫéid de ċeól ḃreáġ aoiḃinn meiḋreaċ? Ḃí an dánaċt sa stócaċ ó ḋúṫċas, agus an fiosraċt, agus an dúil niṁe aige i gceól: ní ḃeaḋ an suaiṁneas i ndán dó go ḃfeicfeaḋ sé le n-a ṡúiliḃ cinn an ceóltoír draoiḋeaċta agus an ceól ’á ġaḃail aige, bíoḋ is gur bagruiġeaḋ air go minic gan a ḋul i ngar do’n áit ar ċor ar biṫ. Aċt mara gaḃfaḋ sé i n-aice na h-áite cé’n ċaoi mbéaḋ ceól aoiḃinn nuaḋ aige le seinnt ar a ḃeiḋlín féin? Agus gan an ceól breág d’ ḟoġluim sé ó ḃeiṫ ag éisteaċt i ngan ḟios gaċ oiḋċe le ceóltóir an Tiġe