Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

“Taḃair ruaḋóg tosaiġ ḋom,” ars an dall, “agus beiḋ greas againn le ċéile ar an dá ḃeiḋlín.”

“Ní ḃeiḋ”

Duḃairt sé an focal ċoṁ borḃ dána sin gur ġeit an dall. Scannruiġ an ṁáṫair ċoṁ corruiġṫe is ḃí a mac.

“Ní ḃeiḋ aon ċeól againn le ċéile feasta,” arsa Antoine, “ní ḃeiḋ aon ḃaint againn le ċéile feasta. Imṫiġ aḃaile agus ná feictear annseo arís ċoiḋċe ṫú!”

Ṡíl an dall i dtosaċ gur ar buile ḃí an fear óg. É ḋíbirt as an teaċ! A ráḋ naċ mbeaḋ aon ċeól aca le ċéile feasta! Ṫuig se gan mórán moille gur i ndá ríriḃ ḃí sé.

“Imṫiġ!” arsa Antoine.

Rug an dall ar a hata, ar a ṁaide treóir agus ar a ḃeiḋlín, agus amaċ leis faoi spéirṫiḃ neiṁe agus gan fios aige cé’n fáṫ gur díbriġeaḋ é....

“Ar ċuala tú an sgéal, an sgéal mór?” arsa a ṁáṫair i gcogar ḟaiteaċ. A sgéal féin ár ndóiġ ḃí i gceist aici.

“Ċualas agus táim ag imṫeaċt....”

“Ag imṫeaċt! Ag imṫeaċt, a Antoine!” agus ḃí sgannraḋ n-a glór, “ár ndóiġ níl tú ag imṫeaċt uaim mar ġeall air sin, ḃfuil anois?” agus ṡíl sí a ḋá láiṁ a ċaiṫeaṁ timċeall ar ṁuineál a mic. Naċ uirri ḃí an mí-áḋ nár innis an sgéal dó sul ar ċuala sé ó ḋuine eile é!

“Tá mé ag imṫeaċt anois, a ṁáṫair.”