This page has not been proofread.
Ṫug sé póg ḋi go díl. Ṫosuiġ sise ag caoineaḋ.
“A Antoine! a Antoine! Ná himṫiġ uaim! ná himṫiġ ó do ṁáṫair aonraic!”
Aċt d’éaluiġ sé uaiṫi agus gan fios sgéil ṁóir a ṁáṫar aige, d’imṫiġ sé leis ar eagla go laġdóċaiḋe a ṁisneaċ, go dtiocfaḋ lagaḋ ar a anam....
Ṫug sé aġaiḋ ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus na Flaiṫis n-a ċroiḋe....