Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Níor laḃair Antoine Beag focal. Ḃí sé ag feaċaint go smaointeaċ ar na foṫraċaiḃ.

“Innseóċaiḋ aon duine ḋuit é,” ar sise, “le n-a laiṁ féin ċuir sé an áit ṫrí ṫeine....”

Ḃí Antoine Beag an Ċeóil ag ceapaḋ naċ ndéanfaḋ Pól Duḃ a leiṫéid. Ḃíodar beirt ar ṁullaċ an áird. Ḃí maċaire breáġ leaṫan sínte ós a gcoṁair amaċ. Ṫosuiġ an ṁaṫair ag coṁaireaṁ gur ċoṁairiṁ sí fiċe foṫraċ timċeall orra.

“Aṫair Póil Duiḃ ḋíbir na daoine agus a leag na tiġṫe sin uile go léir,” ar sise, “ṁionnuiġ sé agus ṁóidiġ sé naċ ḃfágfaḋ sé teaċ gan dóiġeaḋ idir an dá Loċ Riaḃaċ....”

Ḃí an stócaċ ar buile leis. Dá mbéaḋ sé féin ann an uair sin naċ é ḋéanfaḋ gníoṁ!

“Ṫosuiġ sé ar an sgrios a ḋéanaṁ,” ars an ṁaṫair, “aċt is dóċa gur eiriġ sé tuirseaċ ḋi; fuair sé téad cnáibe ar an úrlár oiḋċe. Ba láidir agus ba ṫeann an téad é. Ċuir an seandiaḃal duḃ spéis an tsaoġail ann. Rug sé air. Ṁeaḋ sé agus ṫomais sé é. Trí feaġ go leiṫ ḃí ann.... ṫáiniċ smaoineaḋ éigin n-a ċeann. Ċaiṫ sé an téad uaiḋ mar ċaiṫṫeá naṫair agus suas leis an staiġre ċoṁ tapaiḋ is ḃí ann. Aċt níor ḟéad sé suaiṁneas a ġlacaḋ annsin. Anuas leis. Ḃí an téad ar an úrlár. Ḃí sgannraḋ air roiṁe. Ḃuail sé cic ann. Ṫainic sgannraḋ air—ḃí diaḃalaiḋeaċt ag baint leis an téad sin—b’éigin dó breiṫ arís air. Ḃí mallaċt ar an téad. Níor ḟéad sé imṫeaċt uaiḋ. Ḃí ceann leis agus lúb ann. Ċuir sé an lúb faoi n-a ṁuineál.... ċaiṫ sé an ceann eile ṫar sail....