Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Ní ḃeiḋ sé i ḃfad anois. Tá sé luaṫ san oiḋċe fós.

Aċt naċ uirri ḃí an sgannraḋ naċ ḃfanfaḋ sé! Naċ í ḃí faiteaċ naċ dtiocfaḋ a mac i n-am leis an sgéal sin ḃí ceapṫa aici a ċlos! Mara dtiocfaḋ ní sgaoilfiḋe an snaḋm an oiḋċe sin....

Agus d’ḟan an ḃeirt, an ḃean a raiḃ an ġráin n-a croiḋe, agus an fear dá dtug sí gráḋ tráṫ agus ṫug gráḋ dá mac anois, cois teine ar feaḋ i ḃfad ’s i ḃfad go dtiocfaḋ an fear óg ṫugadar ar an saoġal oċt mbliadna déag ó ṡoin aḃaile ċuca....

XIV

Nuair d’ḟág Antoine an teaċ i dtús na hoiḋċe ḃí faoi ḋul díreaċ go dtí an Teaċ Mór. Aċt nuair ṡroiċ sé an baile beag atá idir an dá áit ḃí a lán de ḟearaiḃ óga na tuaṫa bailiġṫe ann. Ḃíodar corruiġṫe go mór. Ḃí sgéal mór éigin aca. Riṫ fear óg díḃ amaċ ċuige. Ḃí fiaḋántas n-a ṡúil agus filiḋeaċt ar a ṫeangain.

“Ioḋbairt fola!” ar seisean, “íoḋbairt fola ar son na béiṫe naċ gcaillfear ċoiḋċe!”

Níor ṫuig Antoine i gceart é. Ġluais leis go Mullaċ an Áird, áit a raiḃ cuid ṁaiṫ daoine bailiġṫe. B’iongantaċ an raḋarc ḃí le feiceál annsin. Maiġ Life ṡíos faoi. An aḃainn ar nós péiste móire airgeada ag gluaiseaċt léiṫi faoi ċoilltiḃ tiuġṫa agus ṫar bántaiḃ agus curaiġiḃ