Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
25
CEÓLTÓIRÍ

D’eiriġ sí agus daṫ an ḃais n-a leicinn. Ḃí a súile ar nós duine d’ḟeicfeaḋ uaṫḃás, a teanga ar nós cnáiṁ ċruaiḋ do lúbṫá do ḃéal, fonn uirri sgread a leigint aċt gan innti focal féin a ċur de.

Níor ṁoṫuiġ an dall ann í. Antoine Beag an Ċeóil ḃí aige dar leis.

“An ruaḋóg tosaiġ réabaḋ orm, agus má tá ceann agadsa—” ar seisean agus é n-a ṡeasaṁ i gceartlár an urláir.

Ċuala Antoine é. Ṫáinic sé aniar, agus is air ḃí an t-áṫas go dtáinic a ṡeanoide ceóil ar cuairt aige.

Gléasaḋ an dá ḃeiḋlín, agus ní fada go raiḃ ceól meiḋreac ag an mbeirt ċeóltóir. Ċuireadar an ċéad ṗort díḃ i n-aonḟeaċt, agus annsin ṫosuiġ an dall leis féin. Ḃí coinneal ar lasaḋ ar an mbórd le n-a ais, agus ’ċ uile uair ḃaineaḋ sé craṫaḋ as a ċeann mór mongaċ, agus as na guailuiḃ láidre, le bríġ agus le fuinneaṁ a ḃaint as an gceól, d’ḟeic- fiḋe mar ḃéad sgáṫ faṫaiġ grinn ag daṁsa ar an mballa aolġeal ar a ċúl. Uaireannta ḃíoḋ súile maṫar an stócaiġ greamuiġṫe i sgáṫ an ḟaṫaiġ: uaireannta eile ní ḃíoḋ le feiceál aici aċt an céoltóir mór dall agus a ċroiḋe ḋá ċur san gceól aige.

B’ḟuras d’aiṫint ar an mbeirt ċeóltóir nár ṁoṫuiġeadar an ḃean sa láṫair ar ċor ar biṫ, nár ṫugadar faoi deara ċoṁ ċorruiġṫe is ḃí sí. Dá dtugaḋ féin is cinnte go sílfiḋe gurab é an céol iongantaċ ba ċionntaċ leis.

Laḃair sí.