Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
24
CEÓLTÓIRÍ

“Seaḋ: naċ duigeann tú mé? Teaċ Antoine uí Ġríoḃṫa—” agus ḃain sé fad agus fuinneaṁ as gaċ focal i gcluais an ḟir aimsire, gur léim an duine sin le sgannraḋ.

Ḃí dúil aige a ráḋ le n-a ṁaiġistir gan a ḋul isteaċ n-a leiṫéid de ṫeaċ, áit a mbíoḋ an diaḃal féin ar cuairt de ṡiuḃal oiḋċe; ḃí fonn air innseaċt dó cé na cleasa uaṫḃáis ḃíoḋ gá n-imirt ag muinntir an tiġe. Ċuirfeaḋ sé coṁarṫa na Croise air féin maraċ go raiḃ a laṁ ḋeas i ngreim ’n-a ṁaiġistir.

“An teaċ—sin é é,” arsa Crosaċ go faiteaċ.

“Gread leat aḃaile mar sin.”

Ní raiḃ uaiḋ aċt gaoiṫe an ḟocail. D’imṫiġ leis n-a ṡodar, gur ṡroiċ sé an Teaċ Mór, go ndeaċa sé isteaċ n-a ṡeomra easgaine, gur ċaiṫ sé cuid ṁór de’n oiḋċe ann, ag ceapaḋ agus ag cleaċtaḋ na mionn ruaḋ.

Ṫóg Pól Duḃ an laiste agus isteaċ leis sa gcéad ṫeaċ dá ndeaċa sé isteaċ ann le cúig bliadna déag aċt a ṫeaċ féin aṁain.

VIII

Ḃí ceól ġá ġaḃail ag Antoine Beag i seómra ar ċúl an tiġe. Ċuala an dall é, agus ċeap i dtosaċ gur i n-aon aireagal leis féin ḃí an ceóltóir.

“Sé an ċaoi gur réabaḋ ruaḋóg tosaiġ an ḃeiḋlín orm—agus ṫosuiġ an dall ag bualaḋ a ṁaide treóir i n-aġaiḋ an ḃalla ag iarraiḋ ḋul isteaċ.

Deiriġ an ḃean ḃí n-a suiḋe léiṫi féin cois teine.