Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
21
CEÓLTÓIRÍ

na muc ṫaḃairt ar Ċrosaċ boċt oiḋċe, nuair rug sé ar a seanḃeiḋlín. Ṫosuiġ sé ar an gceól le n-a anam corruiġṫe a ċiúnuġaḋ. Ceól bog éadtrom ḃain sé as i dtosaċ—an ġaoiṫ andeas ag súiriġe le liliḃ an loċa; aċt leis an aimsir ṫáinic borraḋ agus bioḋgaḋ sa gceól—anfa mór geiṁriḋ ag aṁastraiġ go bagarṫaċ faoi ṫonntaiḃ glasa; d’eiriġ an ceól míḟoiġideaċ míṡásta—gaḋar olc a sgiob- faiḋe cnáṁ feóla uaiḋ: arḃ iongnaḋ an ceól ḃeiṫ mí ḟoiġideaċ agus an ṁoill ḃí ar Antoine Beag?

Ní fada an t-aċar go raiḃ Pól Duḃ gan aon ċeól. Casaḋ cantalaċ dá dtug sé dá ḃoġa agus réabaḋ ruaḋóg tosaiġ an ḃeiḋlín. Cuartuiġeaḋ an teaċ. Ḃí gaċ aon ruaḋóg le faġail acṫ ruadóg tosaiġ. Ní raiḃ aon eólas ag Crosaċ ar ruaḋógaiḃ ḃeiḋlín, ná ar ḃeiḋleadóireaċt, agus nuair a ṡíneaḋ sé ruaḋóg eile seaċas an ruaḋóg tosuiġ ċun a ṁaiġistir, a ráḋ go raiḃ aige sa deire, naċ eisean a leigeaḋ an sgread niṁneaċ air!

“An loċrann!”

Lasaḋ an loċrann. Ḃí fonn ar Ċrosaċ fiafruiġe da ṁaigistir dall céard ḃí faoi ḋéanam a leiṫéid d’oiḋċe. Níor leig eagla ḋó é ḋéanaṁ.

“Mo ċóta mór!”

Cuireaḋ an cóta mór air. Síneaḋ an maide treóir ċuige.

“Tá an oiḋċe dorċa agus an boṫar garḃ,” ars Pól Duḃ mar ḃéaḋ sé ag gaḃail leiṫsgéal le Crosaċ, “ní doċar ḋuit mé ṫreóruġaḋ píosa de n ḃealaċ.”

Amaċ leó faoi ’n spéir.

“Croċ suas an loċrann.”