Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
20
CEÓLTÓIRÍ

ḃí aici? Ḃí sé i dteannta. Níor innis sé bréag léiṫi ariaṁ; an mbéaḋ air tosuġad anois nó a ġeasa a ḃriseaḋ?

“Ċualas tráċt air,” air seisean, “naċ é sin an fear ḃíos ag gáḃail ceóil gaċ uile oiḋċe?”

“Ar ċuala tú ariaṁ go raiḃ sé dall?” ar sise.

“Níor ċualas,” arsa Antoine Beag an Ċeóil go fírinneaċ, níor ċualas ariaṁ é.”

Aċt ċeap bean an ṗosta, agus ċeap Antoine Beag an Ċeóil freisin é, naċ gliondar ḃí uirri aċt a ṁalairt nuair ċuala sí go raiḃ na súile ag Pól Duḃ.

A ḃean atá ar do ġlúnaiḃ annsin san seómra leat féin, a ḃean nár ċreid an deáġsgeal hinnsiġeaḋ ḋuit faoi ḟear an Tiġe Ṁóir, cé’n fáṫ go ḃfuil tú ċoṁ beannaċtaċ sin súile do ċoṁarsan ḃeiṫ gan léargus?

VII

Má ḃí Antoine Beag an Ċeóil gan cuireaḋ ċun bainse ḟáġail ċoṁ minic is ġeiḃeaḋ roiṁe sin, má ḃí daoine ann a ṡeaċain é féin agus a ṁaṫair is aṁlaiḋ is mó ḃí uain aige ḋul ar cuairt ag Pól Duḃ agus seóda nuaḋa ceóil ḟoġluim. Dá mbéaḋ sé oiḋċe gan a ḋul ann ḃíoḋ muisíam ar ḟear an Tiġe Ṁóir. Dá mbéaḋ sé an dara oiḋċe gan cuairt ṫaḃairt air, ní saoġal sona suaiṁneaċ ḃíoḋ ag Crosaċ.

Ḃí fear an Tiġe Ṁóir ṫar éis íde na madaḋ agus