Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

“A Antoine,” ar sise, “a Antoine a ċroiḋe istiġ,” ar sise agus ṫug sí barróg dó gan aon tsúil aige le n-a leiṫéid, “a Antoine a ċuid,” ar sise, agus í ar a ḋá ġluin, “a Antoine, abair liom naċ ngaḃfaiḋ tú ann feasta, impiġim ort gan aon ḃaint ḃeiṫ agat leis feasta. Tá mallaċt ar an ḃfear sin, mallaċt mná a milleaḋ.... abair liom anois naċ ngaḃfaiḋ tú ar cuairt ann feasta go seaċtnóċaiḋ tú é mar seaċnuiġṫear an diaḃal....”

Ḃí Antoine n-a ṫost ar feaḋ tamaill ḃig. Ḃí sé ag féaċaint uaiḋ ṫar an maċaire go doiliġeasaċ.

“Aċt an ceól a ṁaṫair! an céól aoiḃinn!” ar seisean.

D’eiriġ an ḃean dá glúnaiḃ. Ṫuig sí naċ raiḃ sé n-a cumas an snaḋm ḃí idir an mbeirt ċeóltóirí a sgaoileaḋ ar an dóiġ sin.

XII

An imniḋe ḃíoḋ uirri! Dá mbéaḋ Antoine Beag gan ṫeaċt aḃaile i n-am d’ḟanaḋ sí n-a suiḋe ag fanaċt leis agus an croiḋe ġá ċráḋ innti go raiḃ sé sa Teaċ Mór agus go gcloisfeaḋ sé an sgéal ó Ṗól. Agus nuair a ṫiocfaḋ sé aḃaile ḃíoḋ cineál sgáṫ uirri roiṁe. Dá ḃféaċfaḋ sé uirri go smaointeaċ —nós ḃí aige—ṡíleaḋ sí go raiḃ deire leis an gcáirdeas ḃí eatorra arísgo bráṫaċ, gur h-innsiġeaḋ gaċ uile ṡórt ḋó ar olc léiṫi féin. Ḃí sí ġá céasaḋ aige agus é léiṫi sa teaċ; ḃí sí gá céasaḋ aige agus é ó ḃaile....