Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Ṡuiḋeaḋ sí ag cniotál cois teine san oiḋċe go dtiocfaḋ sé aḃaile. Ḃíoḋ an bórd faoi réir aici; an tualán ar fiuċaḋ ós cionn na teine; cíte gá fuaraḋ ar lic na fuinneóige.

Cuireaḋ sí an sgéal trí ċéile n-a h-intinn féin. Ṫug Pól geallaḋ ḋí—aċt naċ iomḋa caoi le geallaḋ a ḃriseaḋ seaċas é réabaḋ ó céile i n-aon turas? Aċt an mbéaḋ fonn ar Ṗól an sgéal innseaċt? Ḃí sí cinnte go mbéaḋ an fonn sin air ’s ċoṁ mór le ċéile is ḃí an ḃeirt. Aċt naċ mbeaḋ eagla air go dtaoḃóċaḋ Antoine Beag le n-a ṁaṫair agus go mbeaḋ sé féin fágṫa gan caraid ar an saoġal? Naċ raiḃ an sgéal níos náiriġe aige féin? Aċt naċ iomḋa craiceann d’ḟéadfaḋ sé cuir air?

An díoltas ḃain sí amaċ i ḃfad ó ṡoin—maraċ é sin, ní ṫiocfaḋ sí san áit ṁallaiġṫe seo go deó, maraċ é sin ní ḃéaḋ a mac mór le Pól Duḃ, maraċ sin ní ḃéaḋ sí ciapṫa cráiḋte céasta anois: ár ndóiġ, ní ḟéadfaḋ sí gan mallaċt ḃeiṫ uirri agus a leiṫéid a ḋéanam? Agus ba ḋóiġ léiṫi go mba cuid de’n ṁallaċt go raiḃ gean a h-aon ṁic gá cailleaḋ aici. An díoltas sin ḃain sí amaċ— ṫosuiġeaḋ sí ag maċtnaṁ air go dtiocaḋ an pictúir go soiléir ós coṁair a súl, go mbíoḋ uaṁan uirri roimpe féin, roiṁ an ngráin ḃí n-a croiḋe féin....

Ṡíl sí tráṫ go raiḃ an ġráin sin múċta. Ṡíl sí é sin nuair ḃain sí a díoltas de Ṗól Duḃ. Is ar éigin leig sí uirri féin nuair ṫáinic sí san áit i dtosaċ le toraḋ a gníṁ díoltais a ḟeiceál, go mb’é an fuaṫ ba