Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

teaċt? Ḃí sé ṫar a h-oċt a ċlog, agus ġeall sé ḃeiṫ ann ar a seaċt. D’eiriġ sé agus ṫosuiġ sé ag siuḃal anonn ’s anall go míḟoiġdeaċ. Ba léir ó’n gcaoi a raiḃ an brat-úrláir caiṫte faoi n-a ċosaiḃ gur iomḋa míle míle uair ṡiuḃal sé an casán céadna sin. Uaireannta d’ḟanaḋ sé tamall n-a ṡeasaṁ agus cluas air go gcloisfeaḋ sé torann cos a ċarad óig ar an ngainiṁ taoḃ amuiġ. Aċt níor ċuala sé an torann sin, agus lean sé dá ṡiuḃlóid ar nós seanleoṁain faoi ġlas.

Bualaḋ an naoi. Ḃí sé tuirseaċ ag fanaċt leis. An dtiocfaḋ sé ċoiḋċe?

Rug sé ar an seanḃeiḋlín go mí-ṡásta. Ḃain sgréaċġail as. Beiṫiḋeaċ allta i gcruaḋċás ḃí ann, ṡílṫeá.

Annsin leis an ḃfuinneaṁ a ċuir sé ann réab sé an ruaḋóg tosaiġ....

Ḃí sé gan ceól gan cara annsin. Ṫug sé seaċt mionn déag, agus gaċ mionn aca ní b’aistiġe ná a ċéile, go ndeaċa sé go pluais easgaine Ṡean-Ċrosaiġ, gur ḋúisiġ sé as a ṡáṁṡuan é le teann na mionn, gur ċuir iallaċ air an lóċrann ’ḟaġáil agus é ṫreóruġaḋ go teaċ an ḟir óig....

“An ċéad ruaḋóg briseaḋ orm,” an focal aduḃairt sé nuair ṫóg sé an laisde.

Níor ċuir bean an tiġe aon ḟáilte roiṁe. Ċuiṁniġ sí ar oiḋċe eile nuair ṫáinic sé agus an sgéal céadna aige. Ó’n oiḋċe sin amaċ ní raiḃ aon tsuaimneas aici. An oiḋċe sin ṫug sí faoi deara i dtosaċ ċoṁ mór is ḃíodar le ċéile. An oiḋċe sin ṫuig sí cé’n ceangal do-sgaoilte ḃí eatorra—aċt