Seacht mBuaidh an Eirghe-amach/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Seacht mBuaidh an Eirghe-amach by Pádraic Ó Conaire
Díoghaltas

[ 57 ]



AN DARA BUAIḊ

.i.

DÍOĠALTAS


[ 59 ]

Díoġaltas

An seanċeóltóir, Pól Duḃ, ag cainnt:—

Maiṫ ḋom, a Ṁuirġéid; maiṫimís dá ċéile ó tá ár mac Antoine Beag an Ċeóil ar lár....

Ċuireas fios ort, a Ṁuirġéid, nuair a ċualas an sgéal mór sin, aċt níor ṫáinic tú. Ní móide go ḃfuair tú an teaċtaireaċt ariaṁ: ḃí tú as baile ċualas ó ṡoin—má cuirtear ceist ort cá raiḃ tú nó cé’n gnóṫa ḃí agat ann ní call duit freagra a ṫaḃairt—aċt sílim go ḃfuil ḟios agam féin é. Molaim ṫú má’s fíor mo ḃaraṁail....

Ċuir Antoine maslaḋ orm an oiḋċe ḋeireaḋ leagas súil air; ní fios dam anois cé’n fáṫ gur ċuir sé as an teaċ mé, agus ċoṁ mór is ḃíomar le ċéile. Mearḃall intinne éigin ṫáinic air ċeapas; ní ḃéaḋ sé ró-ḟada go dtioċfaḋ sé ċugam agus ṁaiṫfinn ḋó. Ḃéaḋ greas againn ar an seanḃeiḋlín. agus ní ċuiṁneóċaḋ ceaċtar againn ar an mire ṫáinic air an oiḋċe sin. Aċt d’imṫiġ lá, agus d’imṫiġ ḋá lá, agus d’imṫiġ trí lá, agus níor ṫáinic sé. Ní raiḃ a ṫásg ná a ṫuairisg le fáġail ṫall ná i ḃfus. D’eiriġ mé an-uaigneaċ gan é. Níor ḟan croiḋe ná misneaċ agam. Gaċ uile ċoisméag dá gcloisfinn, b’é Antoine ḃí ann ċeapainn; cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ sé fanaċt uaim agus an gean ḃí againn dá ċéile? Ar innis sé ḋuit ariaṁ cé’n ċaoi ar [ 60 ]ṡeól Dia isteaċ ċugam é an ċéad uair? ar noċtuiġ sé ḋuit ariaṁ cé’n gráḋ ḃí aige orm? Snaḋm na seaċt snaḋm ḃí eadrainn.... dá mbéaḋ a ḟios agam gur faoi’n gcré ḃí tú ar feaḋ an aċair, a Antoine Ḃig an Ċeóil!

Trí seaċtṁainí ċuireas ṫarm faoi ċéasaḋ agus faoi ċráḋ gan an teaċ ḟágail go dtáinic an fear aimsire isteaċ sa seómra ċugam maidin.

Ċualas ag imṫeaċt ṫart é agus leisg air imṫeaċt. Ḃí súil agam go nglanfaḋ sé leis, agus go ḃfágfaḋ sé liom féin mé le mo smaointe duaiḃseaċa a ḋéanaṁ. Aċt ní raiḃ baoġal air. Ṡíl sé cainnt a ċur orm cúpla uair aċt ċuireas cosg leis.

“A ṁaiġistir,” ar seisean.

Ní ḃfuair sé freagra uaim.

“An fear óg sin ḃíoḋ ag teaċt ar cuairt annseo....”

Ġeit mé.

“Seól isteaċ annseo go beó é, a amadáin,” arsa mise, agus d’eiriġ mo ċroiḋe go raiḃ sé tagṫa faoi ḋeireaḋ. Naċ maiṫ a ḃí ḟios agam naċ ḃféadfaḋ sé fanaċt uaim!

Aċt níor ċorruiġ an fear aimsire. Ṁoṫuiġeas é ’mo aice agus fonn cainnte air. Dá mbéaḋ raḋarċ na súl agam, d’ḟeicfinn an truaiġ ḃí aige ḋom n-a ṡeanéadan rocaċ.

“Déan deifir agus seól isteaċ é,” arsa mise go borb, “deifir!”

“Aċt níl sé ann, a ṁaiġistir—”

“Cé’n ċainnt sin ort mar sin? Imṫiġ!”

“Aċt tá sgéala agam faoi—”

[ 61 ]Ḃí ḟios agam air nárḃ é an deáġ-sgéal ḃí aige. Ṫosuiġeas ag cur caoi ar an teiniḋ, ionnós naċ ḃfeicfeaḋ an fear aimsire a ċorruiġṫe is ḃí mé.

“Céard a ċuala tú?” arsa mise, agus ní ṡílim go mbéaḋ ḟios ag aon duine dá ṫuigsionaiġe é an imniḋe ḃí orm.

“Ar ḋeis Dé go raḃ sé,” ars an fear aimsire go diaḋanta agus truaiġ aige ḋom. Ḃí ḟios aige ċoṁ mór is ḃíomar le ċéile—dá mbéaḋ ḟios aige go mb’é mo ṁac féin é!

D’eiriġeas ’mo ṡeasaṁ. Níor ḟéad mé ceist ċur air.

“Tá sé faoi’n ḃfód le deiċ lá,” ar seisean; ṫáinic toċt air—“má’s fód atá ós a ċionn, agus ní ṡílim gurb eaḋ aċt gainiṁ agus aol....”

Ní ċeapṫá ormsa go raiḃ spéis ar biṫ agam n-a ċuid cainnte: lean sé ḋá sgéal—

“Marḃuiġeaḋ deiċ lá ó ṡoin é i mBaile Áṫa Cliaṫ.... seanṗáipéar fuaireas ar maidin agus ḃí a ainm ann.... luċt an airm a ṁarḃuiġ é.... dá mbéaḋ ḟios agatsa é, a ṁaiġistir, b’ḟéidir go ḃféadfá cosg a ċur leó: ḃí tú féin san arm uair, naċ raiḃ?”

Níor leigeas orm go raiḃ mé ag éisteaċt leis ar ċor ar biṫ. Go deiṁin, an uair sin, is ar éigin a ṫuigeas céard ḃí ġá ráḋ aige agus an toċt ṫáinic orm. Ḃí bárr na fuinneóige fosgailte agam. Ḃí cuṁraċt túis an tsaṁraiḋ ag eirġe aníos as an iṫir. Fuiseóg ag gaḃail ceóil go croiḋeaṁail i n-áirde sna spéirṫiḃ.... ní ċloisfeaḋ Antoine Beag an ceól sin arís ċoiḋċe.... ṫáinic fonn orm a ḋul [ 62 ]go dtí do ṫeaċ, a Ṁuirġéid, agus coṁḃrón a ḋéanaṁ leat....

Ḃí Sean-Ċrosaċ, an fear aimsire, ag cur ḋe. Leis an ḃfuiseóig ḃíos féin ag éisteaċt; ṡílṫeá sin ar ċaoi ar biṫ.

“Ḃí clampar éigin i mBl’aṫ’ Cliaṫ?” arsa mise.

“Ḃí—cogaḋ mór. Losgaḋ....”

“Cogaḋ mór?”

“Seaḋ ṁ’anam. Ḃí cunntas faoi san bpáipéar.”

“Cuir diallaid ar an gcapall agus fáiġ na páipéir uilig ḋom. Iad sin ċuir an troid ar bun, ṫuill siad a ḃfuair siad. Déan deifir.”

Ḃí ḟios agam go raiḃ an fear aimsire ag féaċaint orm, gur ċeap sé go raiḃ mé gan croiḋe, go mba ċuma liom céard d’eiriġ do’n ċaraid óg ḃíoḋ ar cuairt agam. Aċt ní aṁlaiḋ ḃí. D’eiriġ sean- ṁisneaċ na hóige ionnam. Geineaḋ diaḃal ionnam. Ṫosuiġ sé ḋom’ ġríosaḋ. An mac sin dá dtugas gean mo ċroiḋe dúnṁarḃuiġeaḋ é. An fear ḃí ionnam? An raiḃ sé de ṁisneaċ agam díoġaltas a ḃaint amaċ?

An diaḃal ḃí istiġ ’mo ċroiḋe níor ṫáinic coṁnaiḋe air aċt é ag tafaint orm, ag caiṫeaṁ tarcuisne orm naċ raiḃ ionnam aċt seanċarnán feóla ó ċailleas raḋarc na súl. Músgluiġeaḋ an fonn ċun díoġaltais. Dá mbéaḋ an fear ḃí cionntaċ san dúnṁarḃaḋ agam stracfainn an ḟeóil dá ċnáṁaiḃ mara mbéaḋ aon ċaoi eile le n-a ċur dá ṫreóir. Aċt níor ṁór ḋom ḃeiṫ ar m’aire. Ní ḋéanfaḋ sé cúis dá gceapfaiḋe go raiḃ mé niṁneaċ. Ḃí lúṫġáir orm naċ raiḃ ḟios ag neaċ aċt ṫú féin, a [ 63 ]Ṁuirġéid, cé’n gaol ḃí agam le Antoine Beag. Ċuireas teaċtaireaċt ċugad. Ṡíleas go ḃféadfaḋ an ḃeirt againn sliġe éigin a ċeapaḋ le díoġaltas a ḃaint amaċ....

Aċt cé ḃí cionntaċ? Cé ṫuill an bás uaim? Rí Ṡasana? A Ṗríoṁ-reaċtaire? A Ḟear-ionaid? Fear an airm? Aċt is beag is féidir le fear a ḋéanaṁ ġan aṁarc na súl. Mo ṫruaiġ agus mo ṡeaċt gcéad truaiġ go ḃfuilim ’mo ḋall indiu, a Antoine Ḃig an Ċeóil....

Ṫáinic Sean-Ċrosaċ ar ais. Beart mór páipéirí aige. Ṫosuiġ sé ġá léiġeaḋ ḋom, aċt níor leig mise orm go raiḃ mórán spéise agam ionnta. Le dallóg a ċur air, ṫosuiġeas ag molaḋ luċt an airm, agus náire ṡaoġalta orm go raiḃ baint agam leó tráṫ dom’ ṡaoġal.

Luaḋ sé ainm fir.

“Cé’n t-ainm aduḃairt tú?” arsa mise.

Duḃairt sé i n-aṫ-uair é.

“Sin é atá n-a ḟear-cinn ar an arm faoi láṫair,” ar seisean.

“Tá mé tuirseaċ díḃ uilig,” adeirimse. “Sgrios agus ná feictear annseo arís indiu ṫú,” agus ṡílṫeá orm go raiḃ leisg an tsaoġail orm.

Aċt ní raiḃ. Ḃí seanaiṫne agam ar an ḃfear a luaḋaḋ. Ḃí sé n-a oifigeaċ óg ’n-aon ċipe liomsa tráṫ a raiḃ mé féin san arm fadó. Ḃíos cineál mór leis. Sé ḃí cionntaċ san dúnṁarḃaḋ....

Ċuir mé litir ag triall air. Ċuir mé fáilte roiṁe go hÉirinn. Ṁolas é gur ċuir sé an tEirġe-Amaċ faoi ċois....

[ 64 ]“Nuair a ċualas gur tú cuireaḋ ċugainn,” arsa mise sa litir, “ḃíos ríméadaċ mar ḃí ḟios agam naċ ngéillfeá de ḃoige, ná de ṡeafóid, aċt go gcoiṁ- líonfá do ḋualgas cruaiḋ. An bás ḃí tuillte ag an dream sin i mBaile Áṫa Cliaṫ fuair siad é. Má ḃíonn lá saoire ar biṫ agat, b’ḟéidir go dtiuḃrṫá cuairt orm annseo. Tá iasgaireaċt ṫar bárr ann, agus beiḋ cainnt againn faoi’n tseanaimsir aoiḃinn ḃí againn le ċéile fadó san Aifric Ṫeas.”

Nuair ḃí an litir sgríoḃṫa agam, agus is mór an stróṁ ċuir sé orm a sgríoḃaḋ, aċt tig le dall féin sgríoḃnóireaċt a ḋéanaṁ aċt an gléas feileaṁnaċ ḃeiṫ aige ċuige, nuair ḃí an litir curṫa ċun bealaiġ agam baineaḋ meaḋċan mór de mo ċroiḋe. Ḃíos cinnte go dtiocfaḋ sé dá ḃféadfaḋ sé é ar ċor ar biṫ. Agus annsin....

Ní fios dom cé’n ċaoi ar ċaiṫeas an dá lá ḃí ċugam. Ḃí tráṫ an díoġaltais ag druideaḋ liom agus tá ḟios agadsa, a Ṁuirġéid, cé’n blas atá ar an díoġaltas. Aimsir an earraiġ ḃí ann, óige na bliadna, cuṁraċt bláṫ agus iṫir san aér ṫart orm, agus mo ċroiḋe féin ċoṁ héadtrom is ḃí sul ar bualaḋ dall mé. Naċ mbéaḋ an naṁaid, an fear ḃain mo ṁac ḋíom, ar mo ċoṁairle gan aon aċar?

Ḃuaileas amaċ. Naċ agam atá an ċuiṁne ar an oiḋċe sin! D’ḟan mé tamall sa gcoill ḃig giuṁaise atá le hais na haiḃne. Aimsir gaoiṫe anoir is gnáṫaċ ceól aoiḃinn ḃeiṫ sa gcoill sin. Ḃí an ceól ann, cinnte go leór—na mílte deaṁan díoṁaoin ag caiṫeaṁ saoire ṡílṫeá. Cuireaḋ aiteas orm. Cuireaḋ aoiḃneas orm. Níor baineaḋ a leiṫéid de [ 65 ]ċeól as aon ġléas dar ċeap fear ariaṁ. Rinneas dearmad ar an ḃfear cinn airm agus ar na coiriḃ ḃí déanta aige. Ní raiḃ sa saoġal aċt mé féin agus an ceól diaḃalta sin—agus Antoine Beag. Saṁluiġeaḋ dom go raiḃ seisean ann, go raiḃ sé le mo ṫaoḃ ann ag éisteaċt leis an gceól uaṫḃásaċ. .... Laḃras leis. Sgreadas air. Ṡín mé mo láṁ amaċ uaim le breiṫ air, aċt ní raiḃ sé ann. Naċ éasgaiḋ do ḋuine éaluġaḋ ó ḋuine eile san oiḋċe? Agus naċ ḃfuil sé n-a oiḋċe i gcoṁnaiḋe agamsa?

Aċt ṫuigeas go soiléir annsin céard ḃí déanta. Seaḋ, agus ṫuigeas freisin céard ḃí le déanaṁ....

Aċt cé’n ċaoi? Ḃíos ’mo ḋall agus níl sé éasgaiḋ ag dall gníoṁ de’n tsórt ḃí ceapṫa agamsa a ḋéanaṁ gan caḃair. Ṡíleas cuairt a ṫaḃairt ortsa, a Ṁuirġéid. ó ṁill tú na súile orm an oiḋċe uaṫḃásaċ úd, naċ dtiuḃrṫá iasaċt do ḋá ṡúil féin ḋom feaḋ cúpla lá? Ḃí olc agus gráin agat orm; ní raiḃ aon niḋ ar an saoġal naċ ndéanfá le maslaḋ ṫaḃairt dom, aċt ḃíos lán- ċinnte go gcuirfeá an fuaṫ ar cáirde nuair ċloisṫeá cé’n gnó ḃí agam díot.

Tá eólas maiṫ ar an stáir agam. Ṫosuiġeas ag maċtnaṁ ar ain-ḃás na dtíoránaċ ba ṁó cliú dá raiḃ ann ó ṫús. An ḃféadfainn aon ḃás aca imirt ar an t-é seo ḃain Antoine ḋínn?

Niṁ? D’ḟéadfaḋ dall niṁ a ċur i gcupán ċoṁ maiṫ le duine, aċt níor ṫaiṫniġ sé liom. Piléar? B’ḟeárr liom sin go mór, aċt nuair naċ raiḃ aṁarc na súl agam cé’n ċaoi d’aṁsóċainn é? Ní raiḃ sé an-réiḋ ar ċor ar biṫ....

[ 66 ]Ċuaiḋ mé go dtí do ṫeaċ. Rugas ar an laisde. Tá déanaṁ aisteaċ neaṁċoitċiannta ar an laisde céadna mar is eól duit féin. Na méara na súile is géire ḃíos ag dall. Ċuir an laisde sin rud éigin i gcuiṁne ḋom. Ní raiḃ ḟios agam cé’n rud é. D’ḟan mé annsin sgaṫaṁ deas ag an doras, leis an seanċuiṁne a aiṫḃeoḋċaint. Ní raiḃ lúb ná casaḋ, alp ná cnap air nár ċuimil mé na méara ḋe fiċe uair, agus eaċtraí mo ṡaoġail ag gluaiseaċt ós coṁair mo ṡúl gan beóḋaċt ar nós tonnta na mara.

Ċonnaiceas, seaḋ giḋ dall mé, ċonnaiceas boṫán beag i lár maċaire san Aifric Ṫeas. Lá buiḋe broṫallaċ ḃí ann, agus ḃí an ḃeirt ḟear ar an ḃfosgaḋ ón ngréin—fear aca gonta agus an fear eile ag cuidiuġaḋ leis. Agus naċ é ḃí buiḋeaċ do’n ḟear leónta? Ní raiḃ aon rud aige naċ dtiuḃraḋ sé do’n té ṫárrṫáil é. Ba mise an fear gonta; an fear eile ḃí ag cuidiuġaḋ liom, b’é siúd an fear ḃí ós cionn an airm anois....

Ġeit mo ċroiḋe. Ḃí agam. Ċuir do laisde-se i gcuiṁne ḋom an aisge d’iarras air. Ní ġlacfainn aon rud uaiḋ aċt seanṗiostal ḃí aige, seanṗiostal rinneaḋ san Eadáil céad bliaḋain ó ṡoin. D’ḟéad- faiḋ an gníoṁ a ḋéanaṁ leis. Ní ḋéanfaḋ aon rud eile cúis. Ní ḃéaḋ aiṁreas ar biṫ air nuair a ṫasbáinfinn ḋó é. Ní ċuirfeaḋ an seanġléas troda sin faitċíos ar éinne. Agus ní ċeapfaiḋe aċt gur timpíst ḃí ann....

Ní ḋeaċa mé isteaċ ċugad an oiḋċe sin. Ġluais liom aḃaile. Ní raiḃ aon ċeól le clos agam sa gcoill giuṁaise atá le hais na haiḃne. Ní raiḃ [ 67 ]ceól ar an saoġal ċoṁ haoiḃinn le ceól an díoġaltais ḃí istiġ ’mo ċroiḋe féin....

Ḃí sé n-a lá nuair a ṡroiċeas mo ṫeaċ. Aċt naċ cuma lá ṫar oiḋċe ag dall de mo ṡórt? An cuartuġaḋ a rinneas go ḃfuaireas an seanġléas troda! Ḃí ḟios agam go raiḃ sé agam i n-áit éigin sa teaċ, aċt cé’n ait? Ní ḟéadfainn caḃair iarraiḋ. Níor eiriġ liom é ḟáġail ṫall ná i ḃfus. Dá mbéaḋṫá-sa le m’ais, a Ṁuirġéid! Ċuireas fios ort sa deire. Aċt ní raiḃ an teaċtaire aċt imṫiġṫe nuair ċuiṁniġeas ar ċúpla bosca taisdil ḃí agam ar áiléir. I dtóin bosca díḃ fuaireas an cara ḃí le cuidiuġaḋ liom....

Síos liom an staiġre go raiḃ mé ’mo ṡeómra féin, go raiḃ mé ’mo ċaṫaoir ṁóir ṡuaiṁnis féin agus an seanṗiostal agam. Ní ḃfuair mo ḃeiḋlín ariaṁ an cuimilt agus an ḃanaltraċt ċaoin is fuair an piostal. Ṡílṫeá orm gur ċeapas gur rud beó ḃí agam ann. Laḃras leis. Ṁolas é ar na gníoṁar- ṫaiḃ rinne sé ó múnluiġeaḋ i dtosaċ é. Ċuireas i gcéill ḋó go mbéaḋ a ġníoṁ deireannaċ faoi ċliú go deireaḋ aimsire. Agus ḃéaḋ, a Ṁuirġéid, maraċ tusa....

Ḃí an piostal i ngreim agam nuair a ṫáinig Sean- Ċrosaċ agus litir aige le m’aġaiḋ. Ní minic ḋom litir ḟáġail. Ní féidir liom ceann a léiġeaḋ, faraoir, agus ḃí dearmad déanta ag an saoġal orm le fiċe bliaḋan. Léiġ an fear aimsire an litir. Ba ó’n ḃfear cinn airm í.

Níorḃ ḟéidir leis ṫeaċt. Ṫuit an croiḋe orm. Tímpist beag d’eiriġ ḋó. Tuilleaḋ de’n tubuisde [ 68 ]ċuige! Aċt ní raiḃ sé an-ḟada uaim; an ḃféad- fainn cuairt ṫaḃairt air? Tógaḋ mo ċroiḋe arís. Teaċ beag ḃí aige sna sléiḃtiḃ go dtiocfaḋ biseaċ air, go ḃféadfaḋ sé críoċ a ċur le n-a ċuid oibre i nÉirinn....

“Gléastar an cóisde go beó,” arsa mise leis an ḃfear aimsire.

“An cóisde?” ar seisean agus iongnaḋ air.

“Seaḋ, a ḋiaḃail. Nár ċuala tú mé? An cóisde adeirim,” arsa mise.

Ní ċreidṫeá aċt an t-iongnaḋ ṫáinic ar Sean- Ċrosaċ. Níor ḟág an seanċóisde an teaċ ó cuireaḋ m’aṫair, aċt ṡíleas go ḃfeilfeaḋ sé do’n ocáid seo’ agus ar ḃealaċ naċ ḃfeilfeaḋ aon ġléas iomċuir eile. Ḃí maorḋaċt na seanaimsire ag baint leis; ḃí maorḋaċt ag baint leis an ngníoṁ ḃí le déanaṁ agamsa freisin....

Siḃse a ḃfuil amarc na súl agaiḃ tá an solus agus an dorċadas agaiḃ, tá an lá agus an oiḋċe agaiḃ mar ċloċa míle ḃur mbeaṫa; aċt ní aṁlaiḋ duinn-ne a ċoṁnuiġeann i saoġal duḃ de ṡíor. Níl againn-ne mar ċloċa míle na beaṫa aċt gníoṁ- arṫa gur fiú cuiṁneaḋ orra. Ba ċeann díḃ sin an turas oiḋċe ṫugas ’mo ṡeanċóisde aṫarḋa le marḃaḋ a ḋéanaṁ. Ba ṡaiġead soluis i ndaḃaċ mo ḋorċadais é. An seanċóisde maorḋa aṫarḋa sin dom’ iomċur ṫar bóiṫre garḃa cloċaċa agus gan ionam féin aċt oirnéis díoġaltais. Ní ar ṡon mo ṁic aṁáin ḃí mé le díoġaltas a ḃaint amaċ, aċt ar son na mílte mac eile fuair anḃás i nÉirinn leis na céadtaiḃ bliaḋan....

[ 69 ]Ḃí an seanteaċ agus an seansaoġal a ċaiṫ mé féin agus mo ṁuinntir róṁam fágṫa ’mo ḋiaiḋ agam; ba laoċ, ba ġaisgiḋeaċ mé ag gluaiseaċt liom le gníoṁ a ḋéanaṁ ar son na tíre sin nár ġráḋuiġ mo ṡinnsir. Aċt ní ṫig liom cur-síos ar an aṫruġaḋ ṫáinic orm le goirid. Turas uaire aṁáin ḃí orm, aċt naċ iomḋa duine eile ċaiṫ saoġal na saoġal i n-aon uair aṁáin?

Cuireaḋ fáilte róṁam san teaċ ḃí faoi ċíos ag an ḃfear cinn airm sna sléiḃte. Rinne Sean-Ċrosaċ obair súl ḋom. Duḃairt sé naċ raiḃ ann aċt teaċ beag cosaṁail le teaċ feilméara.

Treóruiġeaḋ isteaċ i seómra mé. Ḃí an fear a raiḃ mé ar a ṫóir ann róṁam. Ċraiṫ sé láṁ liom.

“Tá fáilte roṁat, a Ṗóil,” ar seisean. “Suiḋ.” Ḃí teine ṁaiṫ ann agus an ḃeirt againn n-ár suiḋe le n-a hais.

“Tig linn cainnt a ḋéanaṁ gan solus,” ar seisean, “tá deoċ agus eile ar an mbórd annsin le t’ais.”

Ḃí eagla orm go ḃfeicfeaḋ sé ċoṁ corruiġṫe is ḃíos. Ṫug sé misneaċ ḋom naċ raiḃ solus aige sa seómra. An ġráin ḃí agam ḋó, ḃí ḟios agam naċ raiḃ ionnam í a ċeilt ar áit na mbonn. Dá gcuirfiḋe moill ḃeag ar an ḃfear aimsire, dá mbéaḋ easbaiḋ soluis air go ceann tamaill ḃig, ḃéaḋ liom. Ḃéaḋ an ḟéaċaint niṁneaċ ba léir ḋom ḃeiṫ im’ aġaiḋ faoi ḟolaċ agam.

“Is fada an t-aċar ó casaḋ le ċéile ċeana sinn,” ar seisean, “cé ṁéad bliaḋan é?”

[ 70 ]“Ḃfuil sé fiċe bliaḋan?”

“Tá agus ós a ċionn.”

An piostal Iodálac ársa ḃronn sé orm an uair sin ḃí sé i dtaisge agam ’mo ṗóca. Ḃí an teine breáġ mór. Ḃí sgáṫ orm go ḃféadfaḋ sé m’éadan corruiġṫe ḟeiceál leis na lasraċa geala ḃí ag eirġe as. Leag mé láṁ ar an bpiostal. Ḃí sé faoi réir; an t-urċar agus eile ann.... Ḃí mé ag maċtnaṁ ar an gcaoi agus ar an tráṫ a bḟeárr an piléar ċur isteaċ ann. Rugas ar ṫoiteóg as an mbosca ḃí le m’ais. D’eiriġ liom an toiteóg a ḋeargaḋ. Ċuir mé cúpla gail i n-áirde uaim. Ċualas ag cainnt é. Ní raiḃ suim agam n-a ḃriaṫraiḃ. Naċ ḃféadfainn cipín a lasaḋ le n-a ṫoiteóg a ḋeargaḋ, agus an fad is ḃéaḋ sé ġá ḋéanaṁ é ċaiṫeaṁ? Ar ḃfeárr ḋom é ḋéanaṁ anois díreaċ, nó fanaċt go n-inn- seoċainn dó cé’n fáṫ ḃí agam leis?

“Nuair ḃíomar san Aifric Ṫeas le ċéile....”

Dá marḃóċainn ar an toirt é nárḃ aṁlaiḋ a bḟeárr ḋúinn beirt. Ṡín sé na cosa amaċ uaiḋ. Ṫeangṁaiġ cos díoḃ le mo ċois féin. Ṫáinic cineál creaṫaḋ orm....

“Fiċe bliaḋan! Támaoid ag dul i n-aois a Ṗóil. Ḃfuil cosaṁlaċt na haoise ag teaċt orm?”

Ní raiḃ ḟios aige naċ ḃféadfainn é ḟeiceál. Níor ċuala sé ariaṁ gur baineaḋ raḋarc na súl díom. Duḃras rud éigin faoi’n dorċadas.

“An doċtúir....”

Níor éist mé le n-a ċuid cainnte. I bpóca mo ċasóige ḃí an piostal agam. Ḃíos ġá cuimilt go [ 71 ]láġaċ le m’ordóig. An laisde aisteaċ sin atá ar do ḋoras-sa, a Ṁuirġéid, bí agam ’mo láṁ ṡíleas. Leagas méar ar ḃéal an ṗiostail. Tríd an bpoll beag sin a ṫiocfas an luaiḋ a ċuireas deireaḋ le tíoránaċ, arsa mise liom féin. Ḃí poll beag eile ar líneál agus ar éadaċ na casóige, le béal an ṗiostail a ṡáiṫeaḋ amaċ fríd beagán, leis an urċar a ċaiṫeaḋ. Ċuimil mé casúr an ṗiostail. Tá alt ar an laisde tá ar an déanaṁ céadna leis an gcasúr sin. Nuair a ṫógfainn an casúr agus nuair a sgaoilfinn anuas arís é ḃéaḋ anam i láṫair a Ċruṫuiġṫeóra....

“Deir an doċtúir liom....”

Ḃí sé ag cur ḋe, aċt ní raiḃ ḟios agam faoi neaṁ céard bí sé a ráḋ. Ċuirfinn focal beag neaṁ- urċóideaċ isteaċ sa gcainnt ó am go ham; an piostal, agus an ċosaṁlaċt ḃí aige leis an laisde sin atá ar ḋoras do ṫiġe, a Ṁuirġéid, an t-aon niḋ aṁáin ḃí im’ aigne. D’osglóċaḋ an laisde doras do ṫiġe ḋom; an n-osglóċaḋ an piostal doras do ċroiḋe?

“Toiteóg eile?”

Ġlacas uaiḋ í. D’eiriġeas ’mo ṡeasaṁ. Ḃíos le taoḃ a ċaṫaoireaċ. Ḃí m’uille ċlé buailte leis. An toiteóg ’mo láṁ ċlé. An láṁ ḋeas, mo ṗoca agus greim agam ar an bpiostal. Ceaṫraṁa ordlaiġ ḋá ḃéal sáiṫte amaċ agam tríd an bpoll ḃí san éadaċ. An casúr tógṫa. Ṫosuiġ clog a’ bualaḋ. Ċoṁairiġeas gaċ buille. Ḃí ḟios agam go raiḃ sé a deiċ: nuair ḃéaḋ an deiċeaḋ buille ġá ḃualaḋ, ċloisfiḋe torann eile sa seómra....”

[ 72 ]“.... a trí....” ars an clog.

Ṁoṫuiġeas an luċt aimsire ag riṫ isteaċ orainn. Naċ orra ḃéaḋ an sgáṫ?

“.... a ceaṫair....”

Beirfiḋe orm agus an piostal ’mo ġlaic. Aċt naċ ḃféadfainn a ċruṫuġaḋ ós coṁair coisde ar biṫ go mba leis féin an piostal?

“.... a cuig....”

Ár ndóiġ deirfeaḋ an coiste crónaire gur timpíst ḃí ann, naċ raiḃ ḟios ag ceaċtar againn go raiḃ urċar ann.

“.... a sé....”

Dá gcroċtaiḋe féin mé, an raiḃ doċar mór annsin? Naċ raiḃ ré mo ṁaiṫeasa ṫart ċeana féin?

“.... a seaċt....”

An lúṫġáir ḃéaḋ ar an saoġal Fódla! An bróid ḃéaḋ ortsa, a Ṁuirġéid! An tógḃáil croiḋe ḃéaḋ ort gur ḋíol fear marḃṫa ár mic as a ċuid oibre, agus gur mise rinne an gníoṁ!

“.... a h-oċt....”

Ċloisfiḋe an t-urċar seo ar fud an tiġe; ċlois- fiḋe a ṁac alla ar fud an doṁain ṁóir; ṫógaḋ sé gaċ deáġċroiḋe.

Ċualas cainnt an ḟir a ḃí le caiṫeaṁ agam. Ṡíleas go raiḃ sé an-fada uaim—na mílte míle. Ḃuail na focla sa gcluais mé, aċt níor ċuireas i ndiaiḋ a ċéile iad im’ intinn. Níor ḃaineas aon ċiall ċeart asta. Nuair ḃuail an clog an seaċtaḋ buille, ċualas é ag ráḋ rud éigin faoi ḋoċtúir agus go raiḃ eagla air naċ ḃféadfaiḋe a leiġeas ċoiḋċe. Ḃí ciall a ċuid cainnte ag dul isteaċ ’mo ċeann [ 73 ]do réir a ċéile. Ġeiteas ag an naoṁaḋ buille. Ṫuigeas céard a ḃí air.

“Agus an ḃfeiceann tú anois mé?” arsa mise.

“Ní ḟeicim. Tá faitċíos orm naċ ḃfeicfiḋ mé aon ċeó arís ċoiḋċe.”

“Cé’n ċaoi a ḃfeicṫeá gan solus?” arsa mise.

Ḃí éadaċ casta timċeall ar a ċeann. Ṁoṫuiġeas é ġá ḃaint de.

“Naċ uaṫḃásaċ an feic mé, a Ṗóil,” ar seisean. D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ. Ḃí sé beagnaċ buailte liom.

“Naċ gránda an raḋarc mé,” ar seisean go brónaċ, “agus duḃraḋ uair go raiḃ mé andaṫ- aṁail.”

Beirt ḋall i seómra ḋorċa! beirt ḋall agus duine aca ar tí an duine eile a ċaiṫeaṁ!

“Aċt níl mé daṫaṁail anois, agus ní ḃeiḋ arís ċoiḋċe. Féaċ an t-éadan millte sin—”

Ní raiḃ ḟios aige cé’n ḃail ḃí orm féin. Níor leigeas orm naċ ḃfaca mé an sgrios ḃí déanta.

“Ní abróċar arís ċoiḋċe gur fear breaġ daṫaṁail mé.”

Ḃíomar taoḃ le taoḃ annsin, agus guala le gualainn, agus gan raḋarc na súl ag ceaċtar againn....

Ċuireas ceist air.

“Seaḋ, bean a rinne an obair seo.... ó, cá ḃfios ḋom? Ola éigin losgaċ ċaiṫ sí liom....”

[ 74 ]Níor ḟéadas é ċaiṫeaṁ. Ba uaṫḃásaiġe an ḃail cuireaḋ air ná aon ḃás. Ċuiṁniġeas ar ar ḟulaing mé féin. Is beag naċ raiḃ truaiġ agam ḋó....

A Ṁuirġéid, tig leat é innseaċt domsa faoi rún: an aṁlaiḋ gur fágaḋ braon beag de’n ola ḃain na súile asamsa sa mbuidéal, agus gur leis rinne tú an gníoṁ? Ar ḃain tú díoġaltas de’n ḟear ḃain do ṁac díot ar an dóiġ ċéadna agus leis an ola ċéadna is a ḃain tú díoġaltas de’n té ṫug an mac duit?