Beirt Ḃan Misneaṁail
Do hinnsiġeaḋ an sgéal seo ḋom le goirid:—
Tá aiṫne agam ar ṡeanṁnaoi atá dall le bliaḋantaiḃ fada. Baintreaḃaċ atá innti, agus ní heól dom go raiḃ aici ariaṁ aċt an t-aon ṁac aṁáin.
Baintreaḃaċ agus í dall—ṡílṫeá ó’n gcainnt sin gur bean ḃoċt ḃéaḋ innti; ṡíleas féin i dtosaċ é nuair fuaireas a tuairisg. Aċt ḃí dul-amuḋa orm agus dul-amuḋa mór. Bean ṡaiḋḃir í; dá mbéaḋ an céadṁaḋ cuid dá maoin agamsa d’ḟéadfainn gan faic a ḋéanaṁ le mo ḃeó.
Ċuireas aiṫne uirri i dtosaċ na Bealtaine atá imṫiġṫe ṫart. Cuireaḋ ann mé ar ṫeaċtaireaċt; aċt nuair ċonnaiceas an t-árus maorda, agus an ċosaṁalaċt ḃí ar an uile rud ṫart ann, ṡíleas ár ndóiġ naċ raiḃ mé san áit ar cuireaḋ mé— searḃóġantaiḋṫe agus ’ċ aon tsórt ṫart orm gaċ uile ċoisméag a ṡiuḃalfainn! Agus duḃraḋ liom cuairt ṫaḃairt ar ṡeanḃean ḋaill ḃí n-a coṁnaiḋe sna sléiḃte i gCill Manntain!
Seólaḋ isteaċ sa seómra mé.
Ḃí sise ann róṁam: bean ċaol ċaiṫte, aġaiḋ bán leigṫe uirri agus cosaṁalaċt ar an uile ḃall di go raiḃ sí mórċúiseaċ mórḋálaċ. Is maiṫ is cuiṁneaċ liom an ċéad aṁarc sin: ḃí gúna duḃ síoda uirri, [ 78 ]caṫaoir ṁór ṡuaiṁnis fúiṫi, a cosa i n-áirde ar stól, a cuid cniotála ar bórd beag le n-a taoḃ—ḃí sí ar nós deilḃ ḋuiḃ san seómra mór galánta sin gan cor aisdi go laḃrainn féin i dtosaċ.
“Cuireaḋ annseo mé le teaċtaireaċt,” arsa mise.
“Seaḋ.”
“Le teaċtaireaċt ó do ṁac.”
Ġeit sí.
“Duḃairt sé liom a ráḋ leat....”
Ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam an teaċtaireaċt ṫaḃairt di lom díreaċ nuair ṫugas faoi deara cé’n imniḋe ṫáinic uirri nuair luaḋaḋ a ainm.
Cé’n ċaoi a ḃféadfainn agus gan agam aċt an droċ-sgéal di? Cé’n ċaoi a ḃféadfainn innseaċt do’n tseanḃean ḋaill sin go raiḃ sí gan mac anois; go raiḃ cnáṁa a haon-ṁic faoi’n ḃfóid le mí?
Ċeapas bréag innseaċt di.
“Tá do ṁac beó slán ṫall i Sasana,” arsa mise, “ḃí sé san Eirġe-Amaċ; gaḃaḋ é, cuireaḋ ṫar saile é....”
“Ní raiḃ a ainm sna páipéir,” ar sise, “léiġeaḋ ainmneaċa na ndaoine cuiread ṫar sáile ḋom.”
“Ainm bréige ḃí air....”
Caiṫtear bréaga a ċoṫuġaḋ le bréagaiḃ eile. Aċt cé’n neart ḃí agam air? An ḃféadfása an ḟírinne innseaċt do’n tseanḃean ḋall sin? Cár ḃfios ḋuit naċ marḃóċaiḋe í dá n-innseóċṫá an ḟírinne ḋi mar seo:—
A ḃean uasal, is truaiġ liom ṫú. Tá tú gan mac anois. Innseóċad duit cé’n ċaoi ar ċuireas aiṫne [ 79 ]air i dtosaċ. Dream fear armṫa ċuaiḋ isteaċ i bpáirc ḃig i lár na caṫraċ i mBaile Áṫa Cliaṫ leis an áit a ġaḃáil le troid a ḋéanaṁ le n-a sean- naiṁde. Ḋíbir siad an pobul uile as an bpáirc. Ṡíleadar go raiḃ sé fúṫá féin ar fad, naċ raiḃ aon duine ann aċt a muinntir féin. Aċt ḃí dul-amuḋa orra. Ag cuartuġaḋ na háite ḋomsa, ṫáinic mé ar ḟear n-a luiġe ar ṡuiḋeaċán n-a ṫrom-ċodlaḋ meisge. Fear meaḋon-aosta ḃí ann; fear saiḋḃir de réir cosaṁalaċta, aċt ba léir ó’n ḃfuil ḃí ar a ḃaiṫis, agus ó’n gclabar ḃí ar a ċuid éadaiġ go raiḃ sé ar a ṡaoire ó’n dtuaiṫ agus naċ ar a leas ḃí sé ġá caiṫeaṁ.
Ḋúisiġeas é.
“Amaċ leat as an bpáirc go beó,” arsa mise.
D’ḟéaċ sé idir an dá ṡúil go míċeadaċ orm. Ḃí fonn troda air.
“Amaċ leat ṫú féin....”
Rugas ar ġualainn air.
“Seo, corruiġ,” arsa mise. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ ró-ḃorb leis go gcuirfeaḋ sé a ċéad ḋúiseaċt ḋe.
Ṡíl sé mé leagaḋ, truisleóg ṫaḃairt ḋom. B’éigin dom bárr na báiġnéide ṫaḃairt air.
“Marḃḟáisg ort,” ar seisean, “tá gléas troda agus caṫa agam féin,” agus ḃain sé piostal as a ṗóca sul a raiḃ ḟios agam céard ḃí faoi a ḋéanaṁ.
“Anois, má’s fear ṫú,” ar seisean; d’ḟéaċ sé ar mo ċulaiṫ éadaiġ, ar m’éide caṫa, ar mo ċrios agus na piléir ḃí ann, ar an nguna agus ar an mbáiġnéid. Sgríob sé a ċeann. Ċuimil sé na súile. Ḃí a ċéad ḋúiseaċt agus a ḋeireaḋ meisge ġá gcur ḋe aige.
[ 80 ]“Agus cé ṫú féin le do ṫoil?” ar seisean agus iongnaḋ mór air.
“Saiġdiúir mé,” arsa mise ġá ṫreóruġaḋ go dtí an geata,” saiġdiúir i n-arm Ṗobalaċt’ na hÉireann....”
“An ag brionglóidiġ atá mé?” ar seisean. “Pobalaċt na hÉireann?”
Duḃairt sé na focla sin trí nó ceaṫar d’uairiḃ agus é ag iarraiḋ an sgéal a ṫuigsint. Dá n-abróċ- ainn go raiḃ mé ’mo ṡaiġdiúir Róṁánaċ agus go raiḃ Iúl Caesar mar ċeannaire orm ní ḃéaḋ níos mó iongnaḋ ar an ḃfear boċt.
Faoi ḋeireaḋ duḃairt sé:
“Cogar mé leat, a ḟir óig,” ar seisean, “cé’n dáta é?”
“Luain Cásga.”
“Seaḋ, seaḋ, aċt an ḃliaḋain?”
“1916.”
Dá ḃfeicteá annsin é ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ céard ḃí ar cearr leis an saoġal! Ċuirfeaḋ a ḟéaċaint gáiriḋ ar Naoṁ Pól.
Ċuidiġeas leis.
“Tá Eirġe-Amaċ ann,” arsa mise.
“Eirġe-Amaċ?”
“Sead, Eirġe-Amaċ i n-aġaiḋ na Sasanaċ?”
Ḋíriġ sé é féin. Ċuir sé cosaṁalaċt ṁileata air féin.
“An nglacfaiḋ siḃ liomsa mar ṡaiġdiúir?”
Ḃí sé i ndá ríriḃ píre. Ní raiḃ ḟios agam céard a bḟearr a ḋéanaṁ. Fear fear—agus ḃí fir ag teasdáil uainn go géar. Ṫugas i láṫair mo ċaiptín é.
[ 81 ]“Ḃfuil urċar maiṫ agat?” ar seisean le mo ḋuine.
“Ċoṁ maiṫ le aon ḟear eile i nÉirinn,” ar mo ḋuine.
“Agus tuigeann tú céard tá fúinn a ḋéanaṁ?”
“Go sár-ṁaiṫ aċt níor ṡíleas go mbéaḋ an ḟail againn go deó.”
Agus glacaḋ leis. Rinne sé troid, troid ċoṁ maiṫ le aon ḟear eile dá raiḃ ann. Ċuireas aiṫne ṫar bárr air i gcaiṫeaṁ na seaċtṁaine. Ḃí mé féin agus é féin le ċéile ar ḃárr tiġe ag pléasgaḋ ar feaḋ mórán de’n aċar. Ní raiḃ comráide ba ċroiḋe- aṁla ag aon ḟear ariaṁ. Ċoinniġeaḋ sé ag gáiriḋ ṫú ó ṁaidin go hoiḋċe le sgéaltaiḃ agus le greann. Ḃí sgéal aige faoi ḃean a raiḃ cos áḋmuid aici— ní call dom é innseaċt anois—uair éigin eile b’ḟéidir....
Aċt ba ṁór an fear ban é; ba ṁór an fear óil é aċt ba ṁó ná sin an fear troda é....
Níor laḃair sé liom ariaṁ faoi n-a ṁáṫair go raiḃ sé ag faġáil ḃáis: seaḋ—piléar, piléar seaċráin....
D’innis sé ḋom annsin gur baintreaḃaċ ḃí innti, naċ raiḃ aon ċlann uirri aċt é féin, go raiḃ sí dall.
“Agus má eiriġeann leat imṫeaċt,” ar seisean, agus é ag séaluġaḋ uainn, “má eiriġeann leat imṫeaċt tiuḃraiḋ tú cuairt uirri agus innseóċaiḋ tú ḋi cé’n ċaoi go ḃfuair mé bás.”
Ġeall mé sin dó.
Aċt nuair ċonnaic mé an tseanḃean aonraic dall sin, n-a suiḋe annsin léiṫi féin sa seómra mór galánta, nuair ṫuigeas ó’n ngeit baineaḋ aisti nuair [ 82 ]luaḋas ainm a mic go raiḃ gean millteaċ aici air, ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam annsin mo ġeall a ċoiṁ- líonaḋ agus an ḟírinne a ráḋ léiṫi. Is mór an misneaċ ḃéaḋ ag fear a ḃrisfeaḋ croiḋe máṫar....
D’ḟan mé cuid ṁaiṫ de’n tsaṁraiḋ san áit. Ḃí mé ar mo ċoimeád agus níor ḃfearr dom áit a mbéinn go mbéaḋ an tóir ṫart.
Ní raiḃ mé ḋá lá go dtug mé cuairt ar an sagart go nglacfainn coṁairle leis faoi’n ngeall ṫugas do’n ḟear ḃí faoi’n gcré.
Ṁol sé an rud a rinneas.
“Dá n-innseóċṫá go tobann mar sin di é b’ḟéidir go mbrisfiḋe a croiḋe. Deir na doċtúirí go ḃfuil a croiḋe lag ċeana féin,” ar seisean.
“Aċt caiṫfear an sgéal innseaċt di uair eicínt,” arsa mise.
“Is dóca é,” ar seisean, “aċt marḃóċaiḋ sé í.”
Ṫáinic bean óg isteaċ leis an tae agus sinn ag cainnt.
“Éist liom noiméad, a Áine,” ars an sagart.
Ċuir sé i n-aiṫne ḋom í. Inġean dearḃṡúra ḋó b’eaḋ í. Duḃairt an sagart liom mo sgéal a aiṫ- innseaċt.
Rinneas aṁlaiḋ.
D’eiriġ an ḃean óg. Laḃair sí go húġdarásaċ.
“Caiṫfear sgéal an ḃáis sin a ċeilt uirri go deó,” ar sise, “ba áḋḃar báis di féin é ċlos.”
“Aċt caiṫfear é innseaċt di uair eicínt,” ars an sagart.
[ 83 ]“Ní caiṫfear agus ní innseóċar,” d’ḟéaċ sí ar an mbeirt againn, “seo,” ar sise, “déanamaís triúr cumann an sgéal a ċoinneál uaiṫi ḟad ’s ṁaireas sí.”
“Beiḋ sí ag súil le litreaċaiḃ uaiḋ,” arsa mise.
“Agus ġeiḃiḋ sí iad,” ar sise, “mar sgríoḃfaiḋ mé féin iad. Ó ċaill sí an t-aṁarc is mise is mó sgríoḃann agus léiġeann litreaċa ḋi nuair ḃíoḋ a mac as baile.”
Rinneamar triúr cumann le ċéile ar an láṫair, dallóg a ċur ar an máṫair aonraic faoi ḃás a mic....
Sgríoḃaḋ an ċéad litir an oiḋċe sin. Ag Áine ḃí an peann; ḃí mise ar a láiṁ ċlé agus an sagart ar a láiṁ ḋeis. Níor laḃraḋ ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig. Ḃí cineál sgáṫ orainn—ag cumaḋ litre ó’n saoġal ṫall....
“A ṁáṫair ḋílis ionṁuin,” arsa mise le tús a ċur ar an obair.
“Ní heaḋ,” arsa Áine, “ní abróċaḋ sé mar sin é. Ní abróċaḋ sé aċt “a ṁáṫair."”
Sgríoḃ sí síos an dá ḟocal sin.
Sgrúdaiġeas go géar í agus í ag sgríoḃaḋ. Ṫugas faoi deara ċoṁ teann trom is ḃí a giall, ċoṁ deáġċumṫa leigṫe is ḃí na malaí, an ċaoi ċorruiġeaḋ sí na pusa ó am go ham....
“Tá an tsláinte ṫar bárr agam ó d’ḟágas an teaċ.” arsa mise le dul ar aġaiḋ leis an litir.
“Ní abróċaḋ sé focal faoi n-a ṡláinte,” ar sise, agus ṡílṫeá go raiḃ sí le amadán a ṫaḃairt orm naċ raiḃ aiṫne níos feárr agam ar an ḃfear ḃí marḃ.
“An troid seo ḃí i mBaile Áṫa Cliaṫ,” ar sise [ 84 ]agus ṫosuiġ sí ag sgríoḃaḋ, “ḃí láṁ agamsa sa troid sin—tá ḟios agad féin naċ ḃféadfainn troid ḟeiceál gan mo laḋar féin ċur isteaċ ann....”
“Ḃí aiṫne ṁaiṫ agatsa air,” arsa mise léiṫi.
Sé an sagart a laḃair.
“Ba ċeart go mbéaḋ,” ar seisean go smaointeaċ.
Ḃí an ḃean óg ag oibriuġaḋ an ṗeanna ar a díṫċeall.
“.... gaḃaḋ mé i ndeireaḋ na dála, aċt níl mo ṡáiṫ de’n troid ná de’n ċoṁrac fáġta agam go fóill....”
Ṡíleas go mb’aisteaċ an litir í le mac ḃí gaḃṫa ċur ċuig a ṁáṫair, aċt ḃí sgáṫ orm aon ċeó a ráḋ ḃí an ḃean óg ġá sgríoḃaḋ ċoṁ huġdarásaċ sin. Ní ċeapṫá aċt gurab é an fear marḃ féin ḃí le n-a taoḃ ġá ráḋ léiṫi....
Sgríoḃ sí a lán eile ḃí níos aistiġe fós de réir mo ḃaraṁla-sa. D’ḟéaċainn ar an sagart ó am go ham, aċt ní ḋéanfaḋ seisean aċt coṁarṫa ḋéanaṁ liom ḃeiṫ ’mo ṫost, go raiḃ sí ag déanaṁ ar ḟeaḃas. Cuireaḋ i gcéill dom go raiḃ aiṫne níos fearr ag an mnaoi ḃí a’ ceapaḋ na litre ar an ḃfear ḃí marḃ, ná mar ḃí ag aon duine eile ar an saoġal. Níor ċuir mé isteaċ uirri níos mó.
Leag sí an peann uaiṫi. D’ḟéaċ amaċ róimpi agus a ḋá láiṁ faoi n-a ceann mar ḃéaḋ sí ag cuiṁneaṁ ar sgéal brónaċ éigin san am ḃí ṫart. Ḃí an sagart leigṫe siar n-a ċaṫaoir agus a ḋá ṡúil ar ḋúnaḋ aige. Ḃí an áit an-tsocair: ċluinṫeá mall-ḃuillí troma an ċluig agus anál na mná óige ḃí éaluiġṫe léiṫi sna seanċuiṁniḃ.... Níor [ 85 ]ḟéadas na súile ḃaint di: dá mba go raiḃ an fear marḃ annsin le n-a hais ag laḃairt léiṫi ó’n saoġal eile, i gcanaṁaint naċ dtuigfeaḋ éinne aċt an ḃeirt aca, ní ḟéadfaḋ féaċaint níos aistiġe ḃeiṫ n-a súiliḃ....
Ġeit mé.
“.... agus a ṁáṫair a ċroiḋe, taḃair aire ṁaiṫ d’Áine go gcasfar le ċéile arís muid,” sé an sagart aduḃairt an ċainnt go mall doiliġeasaċ.
Rug an ḃean óg ar an bpeann arís, aċt ní túisge rug ná ċaiṫ sí uaiṫi é. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. Ṡíl sí eirġe. Ṗléasg sí ag caoineaḋ.
“A Riocáird! a Riocáird! a Riocáird!” ar sise, agus d’imṫiġ léiṫi amaċ an doras....
D’ḟéaċ mé ar an sagart.
“An raiḃ ḟios aici,” arsa mise, “go raiḃ sé marḃ gur innis mise ḋi e?”
Leaṫ a ḃéal ar an sagart.
“Níor ċuiṁniġ mé ar sin,” ar seisean.
“Ag iarraiḋ an sgéal a ċeilt ar an máṫair....”
Ċuir sé isteaċ orm.
“Agus ġá innseaċt go místuamḋa míṫrócaireaċ do ṁnaoi eile ṫug gean a croiḋe dó!”
D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ agus é corruiġṫe go mór.
“Beirt amadán muid,” ar seisean.
D’aontuiġ mé leis....
Ar maidin go moċ ḃíos i dtiġ na baintreaḃaiġe daille.
Ḃí Áine ann róṁam agus í ag léiġṫeóireaċt’ do’n [ 86 ]tseanṁnaoi. Ní ṡílṫeá uirri go ndeárna sí gol ariaṁ: ḃí sí ċoṁ croiḋeaṁail beo sin.
“Ó seaḋ,” ar sise, “ṫáinic litir anḋeas ar maidin ó Riocárd.”
“Léiġ dó í,” ars an tseanḃean.
Ar an mbán ós coṁair an tiġe ṁóir ḃíomar. An tseanḃean n-a suiḋe i gcliaḃ-ċaṫaoir ag glacaḋ an aeir ḋi féin; an ḃean óg ar ċaṫaoir eile le n-a taoḃ. Ċraiṫ a láṁ siúd nuair rug sí ar an litir le n-a léiġeaḋ ḋom. D’ḟéaċ sí go géar orm. Ḃí ḟios agam go raiḃ sí ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ ar m’iomċur cé ṁéad dá sgéal agus de sgéal Riocáird d’innsiġeaḋ ḋom. Ḃí céaḋ ceist faoi n-a súil: an raiḃ ḟios agam go raiḃ sí féin agus Riocárd luaiḋte le ċéile? Ar duḃraḋ go mbéidís pósta i ḃfad ó ṡoin maraċ an timpíst d’eiriġ dá ṁáṫair? Fear a ṁill súile a ṁáṫar go timpísteaċ le púdar agus é ag iarraiḋ é ṫriomuġaḋ—cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ seisean bean a ṗósaḋ agus an aire ċeart ṫaḃairt di? Naċ mbéaḋ sé de ḋualgas aige an saoġal a ḋéanaṁ mín réiḋ aoiḃinn do’n ṁáṫair sin go ḃfuiġeaḋ sí bás?
Ṫosaiġ mé ag maċtnaṁ ar an gcainnt aduḃairt an sagart nuair d’imṫiġ an ḃean óg: duḃairt sé gur ċeap sé nár rugaḋ mac ariaṁ ṫug gean níos dílse dá ṁáṫair ná an gean ṫug Riocárd do’n tseanṁnaoi ṁaorḋa ḃí ós mo ċoṁair amaċ. Agus maidir léiṫi siúd, ḃí sí ro-ṁórḋálaċ, ró-rúnṁar, cur-síos air, ná ar an ngráḋ ḃí n-a croiḋe ḋó, í féin; aċt dá gcluinfeaḋ sí duine eile ġá ṁolaḋ go clisde, agus ós íseal mar deirṫeá, ṫiocfaḋ loinne [ 87 ]n-a seanġruaḋ ċaiṫte agus ḃéaḋ sí n-a fíorċaraid ag an té sin go deó....
“A ṁáṫair,” ḋúisiġ na focla as an maċtnaṁ mé. Ḃí Áine ag léiġeaḋ na litreaċ bréige ós íseal, de ġlór ḃog, agus ag cur bríġ agus éifeaċt aisteaċ i ngaċ abairt.
Cuiṁniġim anois ar an uile rud ṫárla an ṁaidin sin. Cuiṁniġim ar an áit, ar an gcrann mór cró- ċapaill faoi úrḋuilleaḃair ḃí ós ár gcionn, ar an mbán, ar an móinḟéar ṡíos uainn—ḃí traḋna san ḃféar i ḃfoisgeaċt leiṫċéad slat ḋúinn agus é ag cur isteaċ ar an léiġṫeóireaċt le n-a ṗort aisteaċ féin; aċt an rud is mó atá geárrṫa isteaċ ’mo ċuiṁne an ḟéaċaint ḃí i n-éadan na seanṁná agus cluas uirri ag éisteaċt leis an litir ḃréagaiġ sin ṫáinic ó n-a mac mar ḋ’eaḋ. Ċuir an ḟéaċaint sin i gcéill ḋom go ḃféadṫá aiṫne agus aiṫne ṁaiṫ ḃeiṫ agad uirri aċt go mbéaḋ saoġal rúnda aici naċ noċtóċaiḋe ḋuit go deó....
Ċuir Áine cosg leis an léiġṫeóireaċt.
“Léiġ an giota sgríoḃ sé fút féin, a Áine,” ars an tseanḃean.
Ḃí leisgé uirri é ḋéanaṁ aċt rinne.
“.... agus, a ṁáṫair a ċroiḋe, taḃair aire ṁaiṫ d’Áine....”
Níor ḟéad sí níos mó a ráḋ. Ṫáinic toċt uirri. Ḃí ḟios agam go raiḃ sí ag cuiṁneaṁ ar an ḃfear sin dá dtug sí gean agus naċ ḃfeicfeaḋ sí arís ċoiḋċe.
“Agus tiuḃraiḋ mé aire ṁaiṫ ḋuitse, a Áine, go dtiocfaiḋ sé ċugainn arís,” ars an tseanḃean.
Ṡíl mé go mbrisfeaḋ an gol ar Áine. Níorḃ [ 88 ]ḃaoġal di, giḋ go raiḃ deor faoi n-a súil agus a hanál ag teaċt go trom.
“A ṁáṫair,” ar sise sin é an t-ainm ṫug sí ar an tseanḃean i gcoṁnaiḋ” “a ṁaṫair,” ar sise, “ní ṡílim gur fada go ḃfeicfiḋ tú é.”
Ní fios dom cé’n ċiall ḃain an tseanḃean as na foclaiḃ sin; ḃain mise mo ċiall féin asta nuair ḋearc mé ar an tseanḃean ṁaorḋa sin ḃí le mo ṫaoḃ—í lag lúbaċ aonraic agus i ḃfoisgeaċt, cé ṁéad mí, do’n ḃás?....
Ṁolas an fear ḃí faoi’n gcré: ċuireas síos ar a ċróḋaċt, ar a ċroiḋe. ar an misneaċ ċuir sé ar an uile ḋuine ḃí i n-aice leis.
Le linn mo ċuid cainnte ṡleaṁnaiġ láṁ rocaċ caiṫte na máṫar isteaċ ’mo láiṁ féin. Aċt an buiḋeaċas ḃí ag an mnaoi óig ḋom—ḃí a súile lán d’aiteas agus de ṁórḋáil go raiḃ an molaḋ sin ġá ḟaġáil ag rún a croiḋe.
Laḃair fuiseóg i n-áirde sna spéirṫiḃ....
Ḃí an tseanḃean corruiġṫe agus níor ṁaiṫ léiṫi go ḃfeicfiḋe í . “Imṫiġiḋ liḃ anois go ceann sgaṫaiṁ,” ar sise, “ba ḃreáġ liom ḃeiṫ liom féin tamall.”
Ċuaiḋ mé féin agus Áine ag spaisdeóireaċt.
“Meas tú ḃfuil aon aiṁreas uirri naċ ḃfuil sé. i Sasanaiḃ?” arsa Áine.
“Ní ṡílim go ḃfuil.”
“Aċt tá léargus aici naċ mbíonn ag mórán,” arsa Áine.
“Aċt leis an gcaoi sgríoḃ tú an litir,” adeirimse, “ċuir tú dallóg uirri.”
[ 89 ]“Dá mbéaḋ ḟios aici é brisfiḋe a croiḋe. Caiṫ- fear, caiṫfear, caiṫfear an sgéal fíor a ċeilt uirri go gcasfar le ċéile iad sna ḃFlaiṫis. An gráḋ diaṁair ḃí ag an mbeirt sin dá ċéile....”
Ḃíomar ag siuḃlóid ar ḃruaċ sruṫláin faoi seo. Ṡeas Áine. Ḃí sí ag féaċaint amaċ róimpi. Ṡíleas féin gur ag féaċaint ar sgeiċ ġil ḃí ar an mbruaċ ḃí sí. Aċt níorḃ eaḋ. Toċt ṫáinic uirri.
“A Ḋia,” ar sise, agus ’sé an ċaoi gur sgiorr na focla uaiṫi dá buiḋeaċas, “a Ḋia,” ar sise, “tá mo ċroiḋe briste.”
D’iarr mé maiṫeaṁnas uirri faoi’n gcaoi do hinnsiġeaḋ sgéal an ḃáis di féin.
“Ní hé sin é,” ar sise, agus ḃí an toċt ṫart, “ní hé sin é, aċt caiṫfiḋ mé cur i gcéill dom féin de ló agus d’oiḋċe go ḃfuil sé beó beaṫuiḋeaċ, go mbíonn sé ag sgríoḃaḋ litreaċa ċugam, go ḃfeic- fead arís gan moill é....”
Stop sí. Ḃí fúm fiafruiġe ḋi cé’n fáṫ go mbéaḋ uirri í féin a ċráḋ ar an dóiġ sin.
“Mara ndéanfaiḋ mé é,” ar sise léiṫi féin, “sgiorrfaiḋ focal beag uaim uair éigin, agus tuigfiḋ an ṁáṫair annsin go raḃamar ag innseaċt na mbréag ar feaḋ an aċair.”
Rug sí ar ġualainn orm.
“Caiṫfiḋ tusa cuidiuġaḋ liom,” ar sise.
“Cé ċaoi?”
“Caiṫfiḋ tú leigint ort féin liomsa i gcoṁnaiḋe go ḃfuil sé beó. Caiṫfiḋ m’oncal é ḋéanaṁ freisin.”
Socruiġeaḋ é sin. Níor laḃair mé féin ná Áine ná an sagart faoi ḃás mic na seanṁná: ċasamar an [ 90 ]ċainnt ar ḋóiġ go gceapfaḋ aon duine ḃéaḋ ag éisteaċt linn go raiḃ an fear ḃí i gceist againn n-a ṗríosúnaċ ṫall i Sasanaiḃ. Is beag nár ċeapamar triúr é gan mórán aċair....
An ḃeirt ḃan misneaṁail sin! Ċuir siad iongnaḋ orm sul a raiḃ cuid ṁór de’n tsaṁraiḋ ṫart.
Agus nárḃ iongantaċ an saṁraḋ agamsa é! Níor ṡíleas go ḃféadfainn aiṫne ċur ar ḃeirt ḃan go deó mar an aiṫne ċuireas ar an mbeirt sin agus cumann déanta agam le duine aca an duine eile a ṁeallaḋ!
Is minic ṫagaḋ Áine ar ċuairt agam sul a ḃíoḋ an ċéad ṗroinn féin caiṫte agam: focal beag suaraċ éigin deireaḋ an tseanḃean léiṫi ċuireaḋ ag maċtnaṁ í go mbíoḋ sí leaṫċinnte go raiḃ ḟios ag an maṫair go raḃamar ag innseaċt na mbréag di faoi n-a mac, agus go raiḃ sí ag dul i ndonaċt i n-aġaiḋ an lae dá ḃárr.
Naċ ar Áine ḃíod an imniḋe! Ċuireaḋ an ḃeirt againn an sgéal trí n-a ċéile; cuirfiḋe síos go dúṫraċtaċ ar an tseanḃean, ar a mionċainnt nuair luaḋfaiḋe ainm a mic, ar na goṫaiḃ ċuireaḋ sí uirri féin, ar na ceisteannaiḃ ċuireaḋ sí orainn nuair ṫagaḋ an litir ṡeaċtṁaineaṁail—agus ḃíoḋ an ċainnt ar siuḃal eadrainn go gcuirfimís n-a luiġe ar a ċéile, ní aṁáin go raiḃ an ṁáṫair ar an ain- eólas, aċt naċ raiḃ a mac marḃ ar ċor ar biṫ....
Ṡílṫeá ar ċainnt Áine gur ċreid sí féin go raiḃ an fear dá dtug sí gean beó. Is minic ḃain sí geit [ 91 ]asam nuair d’ḟiafruiġeaḋ sí ḋíom an raiḃ aon tuairim agam cé’n uair a ṫiocfaḋ sé aḃaile. An ḃean ḃoċt! Ar uairiḃ, ċreid sí n-a croiḋe féin an sgéal bréagaċ ċeapamar do’n ṁáṫair; agus ba ḃreáġ an lón anma ḋi an creideaṁ sin ḃeiṫ aici.
Gaċ Aoine sgríoḃfaiḋe an litir ḃréagaċ do’n ṁáṫair ḋaill: ag Áine ḃíoḋ an peann, agus is ise ċeapaḋ an ċuid is mó de’n ċainnt; ḃéinn féin le n-a taoḃ ag cur léiṫi ó am go ham, aċt ba ḃeag an gáḃaḋ ḃí leis. Ṫuig sí croiḋe agus meóin an ḟir ḃí faoi’n gcré, agus is corr-uair ċliseaḋ an focal feileaṁnaċ uirri. Ṫiuḃrṫá an leaḃar go mbíoḋ a ṫaise le n-a taoḃ ag treóruġaḋ a peanna agus a smaointe....
Ḃí sí lá agus an peann i ngreim aici. Leag sí uaiṫi é agus ṫosaiġ sí ag féaċaint róimpi go smaoin- teaċ. Níor ċuireas isteaċ uirri ar feaḋ i ḃfad. I ndeireaḋ na dála, ṫóg mé na súile agus ḋearc mé isteaċ n-a súiliḃ siúd—nár ḟeiciḋ mé an doiliġeas céadna i súiliḃ aon ṁná eile arís ċoiḋċe....
Níor leig sí uirri gur ṫug sí faoi deara an ċaoi d’ḟéaċ mé uirri. Ní ḋeárna sí aċt osna beag a sgaoileaḋ uaiṫi agus breiṫ ar an bpeann arís. Ċuir sí síos go cruinn ar an saoġal ḃí ag na buaċaillí i ḃFrongaċ; laḃair sí faoi’n gcampa ṫuaiḋ agus ċuir sí i gcomórtas leis an gcampa ṫeas é; sgríoḃ sí giota magaṁail faoi na gárdaiḃ; ċuir sí cuid de na fearaiḃ ḃí faoi ġlas i n-aiṫne do’n ṁáṫair ar ḋóiġ aéraċ spóirteaṁail.
Léiġ sí amaċ an giota deireaḋ sgríoḃ sí:—
“Dá mbéaḋ barabóir annseo,” ar sise, “ḋéanfaḋ [ 92 ]sé a ṡaiḋḃreas, nó ḃéaḋ sé ag imṫeaċt n-a ġeilt n-a ṗeilt i gceann seaċtṁaine. Tá féasóg trí troiġ ar gaċ duine againn! An ceól is mó taitniġeann linn—”
D’ḟéaċ sí ormsa agus ṫáinic meangaḋ ar a béal. Ṫosaiġ sí ag léiġeaḋ arís:
“Seo é an t-aḃrán is mó cluintear againn—
“Ní ḃainfiḋ mé an ḟéasóg seo díomsa
Go ḃfásfaiḋ sí trí troiġ ar a fad,
Go mbeiḋ neart ’s téagar ’s bríġ innti
Ṫar mar facṫas ar aon ḟear dár ṁair.”
Maidin lá’r na ḃáraċ ċuir an litir seo aoiḃneas ar ċroiḋe na máṫar. Las suas a seanéadan caiṫte uasal.
Ḃí Áine go gliondaraċ....
“Sé an fear ceanan céadna é, a ṁáṫair,” ar sise. “Ní ċuirfeaḋ aon níḋ ar an saoġal as dó. Ḋéanfaḋ sé gáiriḋ agus greann dá mbéaḋ sé i mbéal an ḃáis.”
“Fíor sin, a ċuid,” ars an tseanḃean, “ní ḃíonn greann aċt mara mbíonn seisean; gile a ġáiriḋ agus éadtromaċt a ċroiḋe—is leiġeas ar an droċ- ṡláinte iad. Is fada liom an lá agus is fuide liom an oiḋċe go ḃfeicfiḋ mé arís é....”
Níor ċualas an oiread sin molta uaiṫi ó ṫáinic mé san áit: bean de na mnáiḃ mórḋálaċa sin naċ noċtuiġeann a gcroiḋe aċt go fíor-annaṁ b’eaḋ an tseanḃean.
Ċonnaic mé súile Áine. Ḃíodar ag daṁsa n-a [ 93 ]ceann le aiteas. Ba ṁilse ná mil beaċ léiṫi an molaḋ sin ṫug an tseanḃean aonraic do’n ḟear dá dtugadar beirt gráḋ.
Ṁolas féin é; buiḋeaċas súl Áine an luaċ saoṫair ḃí uaim....
Ṫáinic maor na seanṁná, agus fear óg n-a ċuideaċtain isteaċ, agus mise ag cainnt.
“Seo fear óg,” arsan maor, “agus ḃí sé san Eirġe-Amaċ freisin. Gaḃaḋ é; cuireaḋ ṫar lear é; sgaoileaḋ saor cúpla lá ó ṡoin é. Ṫáinic sé ar cuairt annseo le sgéalaiḃ ḋuitse—”
Ṡíleas go raiḃ deireaḋ leis an mbréag; ḃéad fírinne an sgéil ag an stráinséara. D’innseóċaḋ sé ar ḃealaċ tuataċ míostuamḋa. Brisfiḋe croiḋe na máṫar boiċte ḃí ag súil le n-a mac filleaḋ.
D’ḟéaċ mé ar Áine. Ní raiḃ aon ċosaṁalaċt imniḋe uirri siúd, agus níor ṫuigeas sin.
Ṫosaiġ an stráinséara ar a sgéal.
“Ceiṫre lá ó ṡoin d’ḟágas Frongoċ,” ar seisean, “duḃraḋ liom ṫeaċt annseo ar cuairt. D’eiriġ mé mór le do ṁac Riocárd ann....”
Ġeit mé. Cé’n mearḃall ḃí orm? Arḃ ionann an fear fuair bás le mo ṫaoḃ ar ḃárr an tiġe sin i mBaile Áṫa Cliaṫ agus mac na mná ḃí n-a suiḋe annsin ar nós deilḃ cloiċe?
Lean an stráinséara leis an sgéal.
“B’é croiḋe na cuideaċtain é; b’é tús agus deireaḋ grinn é; b’é an ga gréine i n-uaċais ḋorċa é....”
Lean sé do’n ċainnt agus do’n ṁolaḋ agus an máṫair ag éisteaċt leis gan cor a ċur di.
[ 94 ]D’ḟágamar triúr slán ag an tseanḃean gan mórán aċair, aċt ġeall an stráinséara go dtiocfaḋ sé arís.
“Arís agus arís eile, a ḃean uasail,” ar seisean, “ní ḃéinn tuirseaċ ag cur síos ar an ḃfear cróḋa sin, ar Riocárd an ċroiḋe ṁóir—mar tugaḋ air san gcampa, ní ḃéinn tuirseaċ ag cur síos air go lá mo ḃáis....”
Ḃí an triúr againn ag imṫeaċt ó’n teaċ mór.
“Cá raiḃ tusa ag troid?” arsa mise leis an stráinséara.
“Ní ḋeárna mé troid ariaṁ aċt ar stáitse aṁar- clainne,” ar seisean, “agus ní ḋéanfad má’s féidir liom é.”
“Aċt naċ ndeir tú go raiḃ tú ṫar éis ṫeaċt as Frongaċ?”
“Frongaċ!” ar seisean, agus ċaiṫ sé a ḋá láim amaċ uaiḋ díreaċ is dá mbéaḋ sé ar stáitse, “Frongaċ! ní áil liom ṫú! Aér cruaiḋ na sléiḃte ṫart ann—ní réiḋtiġeann sé le mo sgaṫṁógaiḃ! Boḋar-aéir an logáin—is gráin liom é!”
“Aċt cé’n ḟad ar ċaiṫ tú ann?” arsa mise.
“Ní raiḃ mo ċolann ann ariaṁ aċt ḃí m’anam ag follaṁain ós cionn an ċampa ó cuireaḋ ár seadairí calma ann i dtosaċ,” agus ċuir sé goṫaí air féin aṁail is dá mbéaḋ sé leis an ḃfiċe oiread a ráḋ maraċ gur ċuir Áine isteaċ air.
“Mise ṫug annseo é,” ar sise go réiḋ. “Ḃí faitċíos orm go raiḃ aiṁreas ag teaċt ar an tsean- ṁnaoi. Dá neadruiġeaḋ an t-aiṁreas n-a croiḋe, ní ḋíbreoċaḋ an saogal é agus réabfaiḋ a seanċroiḋe.”
[ 95 ]D’ḟéaċas uirri.... ḃfuil aon niḋ ar an saoġal iongantaċ seo níos aistiġe ná bean?
Ar ċaiṫ tú mórán aċair i gcoṁluadar na ndall ariaṁ? An duine ḃíos dall ó ḋúṫċas, nó ó ṫús na hóige féin, ní iompuiġeann sé an t-éadan leat agus é ag cainnt; aċt an té d’eiriġ dall agus aois aige, bíonn sé ag iarraiḋ ḃeiṫ ag féaċaint ort nuair ḃíos imniḋe nó corruġaḋ croiḋe ar biṫ air. Ní ḃíonn an cleaċtaḋ ná an t-eólas ceart aige ar ríoġaċtaiḃ na ndall; ní “ḟeiceann” sé na soillse draoiḋ- eaċta, ná na hiongantais; bíonn leaṫċos leis n-ár saoġal-ne agus an leaṫċos eile ṫall, agus is truaiġ Muire an té atá idir an dá ṡaoġal....
Ní aṁlaiḋ ḃí an sgéal ag an tseanḃean. Ḃí an ḟéaċaint ḋall aici i gceart. Cuma céard ḃéaḋṫá a ráḋ léiṫi, cuma céard ḃéaḋ sí féin a ráḋ leat, ṡílṫeá uirri go raiḃ an t-eólas ceart aici ar ḃealaiġ aiṁréiḋsiġ ríoġaċta na ndall, go “ḃfaca” sí na soillse draoiḋeaċta naċ léir ḋúinn-ne, go raiḃ claiḋe n-a timċeall naċ ḃféadfaiḋe a ṫreasnuġaḋ.
Agus de réir mar ḃí sí ag dul i laige agus i n-ísle-ḃríġ, de réir mar ḃí an fóġṁar ag sleaṁ- nuġaḋ uainn agus aimsir an tseaca agus an ḟuaċta ag druideaḋ linn, is amlaiḋ is mó ḃí an claiḋe seo a ḋul i n-aoirde idir í féin agus an saoġal gnáṫaċ ḃí n-a timċeall. Ṡíl Áine go raiḃ rún aici agus ḃí sí imniḋeaċ faiteaċ gurab é rún ár mbréag é. Ċeapas féin nárḃ é:
“Bean innti féin í,” adeirimse, “níorḃ ḟéidir le [ 96 ]duine ḋul ró-ġar ariaṁ do’n dé nó do’n anam atá innti; níl uirri anois aċt go ḃfuil sí ag eirġe cleaċtaċ eólaċ ar ṡaoġal ḋiaṁaraċ na ndall.”
Aċt pé ar biṫ é, ḃí an tsláinte ag dul i ndonaċt uirri. Faoi Ṡaṁain, níor ḟéad sí an teaċ ḟágail. Sa leabaiḋ ċaiṫeaḋ sí an ċuid is mó de’n ló. Is minic sa tráṫnóna go mbuailfinn féin isteaċ ann le coṁráḋ ḋéanaṁ léiṫi. Casfaiḋe Áine liom ann, agus ċaiṫeaḋ an ḃeirt againn cuid de ṫús na hoiḋċe ag cainnt léiṫi go dtuitfeaḋ sí n-a codlaḋ éadtrom bíoḋgaċ.
D’éaluiġeaḋ an ḃeirt againn linn annsin agus aiṁreas orainn céard ḃí i gcroiḋe na seanṁná. Ḃí mo ḃaraṁail féin agamsa—nár ṡáiṫ sí láṁ Áine isteaċ ’mo láiṁ féin uair? Agus nár ċoinniġ sí féin greim ar ár ḋá láiṁ feaḋ sgaṫaiṁ ḃig?
“Cé’n ċiall ḃí aici leis sin má ċeapann sí go ḃfuil Riocárd beó?” arsa Áine, agus an ḃeirt againn ag gaḃail an bóṫar aḃaile an oiḋċe sin.
“Cé’n ċiall ḃéaḋ aici leis,” arsa mise, “aċt go mbéaḋ cumann caradais eadrainn triúr go ḃfilliḋ Riocárd?”
D’ḟéaċ Áine orm. Níor aontuiġ sí leis an mín- iuġad sin ċeapas. Ṫáinic luisne n-a gruaḋ. Ḃí méala uirri gur laḃair sí....
Agus d’éaluiġ an aimsir ṫart ar an dóiġ sin.
Léiġeas ar an bpáipéar maidin go raḃṫas leis na príosúnaiġ ḃí i ḃFrongaċ a sgaoileaḋ aḃaile. [ 97 ]D’eiriġ mo ċroiḋe. D’ḟeicfinn cuid de mo ṡean- ċáirdiḃ arís.
Rinneas deifir leis an deáġsgéal innseaċt d’Áine. Imniḋe ḃí uirri siúd nuair léiġ sí é.
“Beiḋ ḟios aici anois é,” ar sise, “beiḋ ḟios aici anois go ḃfuil sí gan mac agus go raḃamar féin ag innseaċt na mbréag ḋi ó aimsir an tsaṁraiḋ. Marḃó’aiḋe sé sin í.”
“Déanamaois deifir,” arsa mise, “go n-abró’aiḋe muid le líon an tiġe gan an sgéal innseaċt di.”
Rinneamar sin.
Ṫugamar cuairt ar an tseanḃean féin annsin.
Ní raiḃ ḟios againn ar a hiomċur ar ċuala sí an sgéal nó nár ċuala; ḃí sí anlag, anlag de’n tsaoġal —aċt mar sin féin féin ḃí fuinneaṁ aisteaċ neaṁ- ṡaoġalta innti.
“Ḃí súil agam liḃ,” ar sí, “mar tá deáġsgéal agam díḃ.”
Ġeit an ḃeirt againn. Ḃí ḟios aici go raiḃ na príosúnaiġ le teaċt abaile—ḃéaḋ súil aici le n-a mac dílis i gceann cúpla lá; nuair naċ dtiocfaḋ sé, ḃéaḋ ḟios aici cé’n feall d’imriġeaḋ uirri. Brisfiḋe a croiḋe....
“Tá an deáġsgéal agam díḃ,” ars an tseanḃean, “i gceann cúpla lá feicfiḋ mé mo ṁac múirneaċ féin arís.”
D’ḟéaċ mé féin agus Áine ar a ċéile: céard ab ḟeárr a ḋéanaṁ?
“A Áine,” ars an tseanḃean, “gaḃ amaċ agus abair leis an maor gaċ uile rud ḃeiṫ ullaṁ n-a ċoṁair nuair ṫiocfas mo ṁac....”
[ 98 ]D’imṫiġ Áine. An ḟéaċaint ṫruaiġṁéalaċ ṫug sí ḋom ag imṫeaċt ḋi!
Rug an tseanḃean ar ġualainn orm.
“Cogar! Cogar!” ar sise, agus is ar éigin d’aiṫneóċṫá a glór.
Ċuir mé mo ċluas le n-a béal.
“Feicfiḋ mé mo ṁac gan moill, i gceann cúpla lá b’ḟéidir....”
Ċuir sí cosg léiṫi féin. Easbaiḋ anála ḃí uirri.
“Feicfiḋ mé é,” ar sise, “aċt ní ar an saoġal seo é. Tá mé ag faġáil ḃáis. Gairid uaim é, gairid uaim mo ṁac....”
Níor ḟéad sí níos mó a ráḋ leis an toċt ṫáinic uirri. I ndiaiḋ tamaill duḃairt sí—
“Ḃí ḟios agam gur marḃuiġeaḋ é ar feaḋ an aċair.... ḃí ḟios agam é.... aċt ní innseóċainn d’Áine é.... ṁarḃóċaḋ sé í.... brisfiḋe a croide.... an gean ḃí ag an mbeirt sin dá ċéile....”
An ḃeirt ḃan sin! Gaċ duine aca ag iarraiḋ dallóg ċur ar a ċéile ar eagla go mbrisfeaḋ sgéal báis an té dá dtug siad beirt gean croiḋe an duine eile!
Níor innis mé ḋi go raiḃ ḟios ag Áine freisin é.
“Nuair ḃéas mise imṫiġṫe,” ars an tseanḃean ḋall, “tig leat an sgéal innseaċt di.... tig leat innseaċt di go ḃfuair mo ṁac bás—go ḃfuair mo ṁac bás ar son na hÉireann....”
Agus ní ḟaċa mé ariaṁ féaċaint níos mórċúisiġe i n-éadan duine....
[ 99 ]Ḋá lá n-a ḋiaiḋ sin fuair an tseanḃean ṁórḋálaċ ṁisneaṁail sin bás. Ḃí Áine agus mé féin ar an tsoċraoid.
“Bean ṁisneaṁail,” arsa Áine liom agus an ḃeirt againn ag imṫeaċt aḃaile.
“Ar nós ṫú féin,” arsa mise léiṫi.
“Ar nós a mic,” arsa Áine.
Tá mé cinnte go raiḃ misneaċ ag an triúr aca: tá misneaċ agam féin freisin—cineál misniġ: aċt ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam fós innseaċt d’Áine cé’n gean atá agam uirri.
Céard a ṁolfá ḋom a ḋéanaṁ?