Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
78
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

caṫaoir ṁór ṡuaiṁnis fúiṫi, a cosa i n-áirde ar stól, a cuid cniotála ar bórd beag le n-a taoḃ—ḃí sí ar nós deilḃ ḋuiḃ san seómra mór galánta sin gan cor aisdi go laḃrainn féin i dtosaċ.

“Cuireaḋ annseo mé le teaċtaireaċt,” arsa mise.

“Seaḋ.”

“Le teaċtaireaċt ó do ṁac.”

Ġeit sí.

“Duḃairt sé liom a ráḋ leat....”

Ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam an teaċtaireaċt ṫaḃairt di lom díreaċ nuair ṫugas faoi deara cé’n imniḋe ṫáinic uirri nuair luaḋaḋ a ainm.

Cé’n ċaoi a ḃféadfainn agus gan agam aċt an droċ-sgéal di? Cé’n ċaoi a ḃféadfainn innseaċt do’n tseanḃean ḋaill sin go raiḃ sí gan mac anois; go raiḃ cnáṁa a haon-ṁic faoi’n ḃfóid le mí?

Ċeapas bréag innseaċt di.

“Tá do ṁac beó slán ṫall i Sasana,” arsa mise, “ḃí sé san Eirġe-Amaċ; gaḃaḋ é, cuireaḋ ṫar saile é....”

“Ní raiḃ a ainm sna páipéir,” ar sise, “léiġeaḋ ainmneaċa na ndaoine cuiread ṫar sáile ḋom.”

“Ainm bréige ḃí air....”

Caiṫtear bréaga a ċoṫuġaḋ le bréagaiḃ eile. Aċt cé’n neart ḃí agam air? An ḃféadfása an ḟírinne innseaċt do’n tseanḃean ḋall sin? Cár ḃfios ḋuit naċ marḃóċaiḋe í dá n-innseóċṫá an ḟírinne ḋi mar seo:—

A ḃean uasal, is truaiġ liom ṫú. Tá tú gan mac anois. Innseóċad duit cé’n ċaoi ar ċuireas aiṫne