Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
86
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

tseanṁnaoi. Ní ṡílṫeá uirri go ndeárna sí gol ariaṁ: ḃí sí ċoṁ croiḋeaṁail beo sin.

“Ó seaḋ,” ar sise, “ṫáinic litir anḋeas ar maidin ó Riocárd.”

“Léiġ dó í,” ars an tseanḃean.

Ar an mbán ós coṁair an tiġe ṁóir ḃíomar. An tseanḃean n-a suiḋe i gcliaḃ-ċaṫaoir ag glacaḋ an aeir ḋi féin; an ḃean óg ar ċaṫaoir eile le n-a taoḃ. Ċraiṫ a láṁ siúd nuair rug sí ar an litir le n-a léiġeaḋ ḋom. D’ḟéaċ sí go géar orm. Ḃí ḟios agam go raiḃ sí ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ ar m’iomċur cé ṁéad dá sgéal agus de sgéal Riocáird d’innsiġeaḋ ḋom. Ḃí céaḋ ceist faoi n-a súil: an raiḃ ḟios agam go raiḃ sí féin agus Riocárd luaiḋte le ċéile? Ar duḃraḋ go mbéidís pósta i ḃfad ó ṡoin maraċ an timpíst d’eiriġ dá ṁáṫair? Fear a ṁill súile a ṁáṫar go timpísteaċ le púdar agus é ag iarraiḋ é ṫriomuġaḋ—cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ seisean bean a ṗósaḋ agus an aire ċeart ṫaḃairt di? Naċ mbéaḋ sé de ḋualgas aige an saoġal a ḋéanaṁ mín réiḋ aoiḃinn do’n ṁáṫair sin go ḃfuiġeaḋ sí bás?

Ṫosaiġ mé ag maċtnaṁ ar an gcainnt aduḃairt an sagart nuair d’imṫiġ an ḃean óg: duḃairt sé gur ċeap sé nár rugaḋ mac ariaṁ ṫug gean níos dílse dá ṁáṫair ná an gean ṫug Riocárd do’n tseanṁnaoi ṁaorḋa ḃí ós mo ċoṁair amaċ. Agus maidir léiṫi siúd, ḃí sí ro-ṁórḋálaċ, ró-rúnṁar, cur-síos air, ná ar an ngráḋ ḃí n-a croiḋe ḋó, í féin; aċt dá gcluinfeaḋ sí duine eile ġá ṁolaḋ go clisde, agus ós íseal mar deirṫeá, ṫiocfaḋ loinne