Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
85
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

ḟéadas na súile ḃaint di: dá mba go raiḃ an fear marḃ annsin le n-a hais ag laḃairt léiṫi ó’n saoġal eile, i gcanaṁaint naċ dtuigfeaḋ éinne aċt an ḃeirt aca, ní ḟéadfaḋ féaċaint níos aistiġe ḃeiṫ n-a súiliḃ....

Ġeit mé.

“.... agus a ṁáṫair a ċroiḋe, taḃair aire ṁaiṫ d’Áine go gcasfar le ċéile arís muid,” sé an sagart aduḃairt an ċainnt go mall doiliġeasaċ.

Rug an ḃean óg ar an bpeann arís, aċt ní túisge rug ná ċaiṫ sí uaiṫi é. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. Ṡíl sí eirġe. Ṗléasg sí ag caoineaḋ.

“A Riocáird! a Riocáird! a Riocáird!” ar sise, agus d’imṫiġ léiṫi amaċ an doras....

D’ḟéaċ mé ar an sagart.

“An raiḃ ḟios aici,” arsa mise, “go raiḃ sé marḃ gur innis mise ḋi e?”

Leaṫ a ḃéal ar an sagart.

“Níor ċuiṁniġ mé ar sin,” ar seisean.

“Ag iarraiḋ an sgéal a ċeilt ar an máṫair....”

Ċuir sé isteaċ orm.

“Agus ġá innseaċt go místuamḋa míṫrócaireaċ do ṁnaoi eile ṫug gean a croiḋe dó!”

D’eiriġ sé n-a ṡeasaṁ agus é corruiġṫe go mór.

“Beirt amadán muid,” ar seisean.

D’aontuiġ mé leis....

Ar maidin go moċ ḃíos i dtiġ na baintreaḃaiġe daille.

Ḃí Áine ann róṁam agus í ag léiġṫeóireaċt’ do’n