Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
84
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

agus ṫosuiġ sí ag sgríoḃaḋ, “ḃí láṁ agamsa sa troid sin—tá ḟios agad féin naċ ḃféadfainn troid ḟeiceál gan mo laḋar féin ċur isteaċ ann....”

“Ḃí aiṫne ṁaiṫ agatsa air,” arsa mise léiṫi.

Sé an sagart a laḃair.

“Ba ċeart go mbéaḋ,” ar seisean go smaointeaċ.

Ḃí an ḃean óg ag oibriuġaḋ an ṗeanna ar a díṫċeall.

“.... gaḃaḋ mé i ndeireaḋ na dála, aċt níl mo ṡáiṫ de’n troid ná de’n ċoṁrac fáġta agam go fóill....”

Ṡíleas go mb’aisteaċ an litir í le mac ḃí gaḃṫa ċur ċuig a ṁáṫair, aċt ḃí sgáṫ orm aon ċeó a ráḋ ḃí an ḃean óg ġá sgríoḃaḋ ċoṁ huġdarásaċ sin. Ní ċeapṫá aċt gurab é an fear marḃ féin ḃí le n-a taoḃ ġá ráḋ léiṫi....

Sgríoḃ sí a lán eile ḃí níos aistiġe fós de réir mo ḃaraṁla-sa. D’ḟéaċainn ar an sagart ó am go ham, aċt ní ḋéanfaḋ seisean aċt coṁarṫa ḋéanaṁ liom ḃeiṫ ’mo ṫost, go raiḃ sí ag déanaṁ ar ḟeaḃas. Cuireaḋ i gcéill dom go raiḃ aiṫne níos fearr ag an mnaoi ḃí a’ ceapaḋ na litre ar an ḃfear ḃí marḃ, ná mar ḃí ag aon duine eile ar an saoġal. Níor ċuir mé isteaċ uirri níos mó.

Leag sí an peann uaiṫi. D’ḟéaċ amaċ róimpi agus a ḋá láiṁ faoi n-a ceann mar ḃéaḋ sí ag cuiṁneaṁ ar sgéal brónaċ éigin san am ḃí ṫart. Ḃí an sagart leigṫe siar n-a ċaṫaoir agus a ḋá ṡúil ar ḋúnaḋ aige. Ḃí an áit an-tsocair: ċluinṫeá mall-ḃuillí troma an ċluig agus anál na mná óige ḃí éaluiġṫe léiṫi sna seanċuiṁniḃ.... Níor