Jump to content

Seacht mBuaidh an Eirghe-amach/4

From Wikisource

[ 101 ]


AN CEAṪRAṀA BUAIḊ

.i.

ANAM AN EASBUIC


[ 103 ]

Anam an Easbuic

Ḃí an t-easboc n-a ċodlaḋ. Ní raiḃ le feiceál aċt a ṡrón, a ḃéal, a smig, agus leaṫṡúil leis, nuair d’ḟéaċ an fear aimsire, tiománuiḋe an ġluaisteáin isteaċ ṫríd na fuinneógaiḃ air. Ḃí faoi innseaċt dó go gcaiṫfeaḋ sé moill a ċur air, go raiḃ rud éigin ar cearr le inneall an ċáirr, aċt nuair ṫug sé faoi deara sa gcúinne é, agus a raiḃ de ċótaiḃ móra agus eile ḃí aige timċeall air, ṡíl sé go mb’ḟeárr ḋó féin gan bacaḋ leis go gcuirfeaḋ sé caoi ar an inneall diaḃalta sin gan maiṫ.

Sgar sé a ċóta mór féin ar an mbóṫar faoi’n gcárr, agus isteaċ leis faoi, ag snáṁġail ar a ḃolg, ar nós péiste. Ḃí solus deas ó n-a réaltaiḃ, aċt b’ḟeárr ná sin an solus ḃí aige ó ḋá lampa cinn an ġluaisteáin. Nuair a ċonnaic sé cé’n obair ṁór ḃí roiṁe, agus deis a ċur ar an inneall, ṫug sé trí ṁionn agus d’ḟan aċar beag ar a leaṫuilinn ag féaċaint suas uaiḋ ar ṫóin an ġluaisteáin agus ar na roṫaiḃ aiṁréiseaċa ḃí istiġ i mbolg an innill.

Naċ ar an easboc ḃí an tubuisde agus a leiṫéid de ġluaisteán a ċeannaċt! Fuair sé an gluaisteán saor go maiṫ—aċt cé’n ṁaiṫ ḃí i ngluaisteán saor mara ngluaisfeaḋ sé? Naċ é ḃí ceanndána nár ġlac sé coṁairle leis féin—aċt ár ndóiġ, ní ar an easboc ḃéaḋ an t-inneall gan maiṫ sin a leiġeas! [ 104 ]D’ḟéadfaḋ an t-easboc fanaċt ar a ṡáiṁín soġa istiġ sa ċárr, agus é féin ar a ḃolg ar an mbóṫar fuar fliuċ ag iarraiḋ caoi ċur ar an diaḃal sin d’inneall!

Rug sé ar a ċuid óirnéis. Ḃain sé slaḃra beag amaċ as an inneall. Ḃain roṫa beag cruaiċ as áit éigin eile. Ċroċ sé suas ceann de na lampaiḃ móra, gur ḋearc sé isteaċ i ndiaṁaraċt na hinneall- aċta. Ṫug sé trí ṁionn eile annsin, agus ḃagair sé a ḋorn ar an easboc, nó ar an áit ar ṡíl sé an t-easboc ḃeiṫ n-a ċodlaḋ istiġ sa ċárr.

Is iomḋa sin easboc ar ċuir sé aiṫne air ó ċuaiḋ sé ar aimsir ag an gcléir i dtosaċ, aċt diaḃal easboc aca ḃí ċoṁ ceanndána leis an easboc ḃí n-a ċodlaḋ ós a ċionn. Cé’n meas d’ḟéadfaiḋe ḃeiṫ ar ḋuine ċeannuiġ gluaisteán de’n déanaṁ sin? Ḃí fonn air an t-inneall ḃaint ó ċéile ar fad: gan bior barra ná bís ḟágail ann—céard deirfeaḋ an t-easboc annsin nuair ḃéaḋ air iad a ċur n-a n-ionad ceart féin arís? Ċeap an tiománaiḋe go mba ṁór an spóirt ḃeiṫ ag féaċaint ar an easboc n-a luiġe ar an mbóṫar fliuċ agus é ag iarraiḋ an t-inneall bradaċ diaḃalta a ċur le ċéile arís!

Ní hé sin a rinne sé. Ṫosuiġ sé ag obair ar a ḋíṫċeall. Ṫosuiġ sé ag easgaine ar a ḋíṫċeall. Ag easgaine ar an easboc ḃí istiġ sa ċárr ḃí sé, agus ar gaċ uile easboc eile ḃí ċoṁ ceanndána is naċ nglacfaḋ coṁairle faoi ġluaisteán. A leiṫéid de ġiosgán agus d’easgaine is ḃí le clos istiġ faoi’n gcárr!

Ḋúisiġ an rúille-búille ḃí aige an t-easboc. Cá [ 105 ]raiḃ sé? Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ i mBl’ Áṫa Cliaṫ; ní raiḃ le feiceál aige aċt maċaire mór leaṫan. Aċt céard ḃí ar an gcárr—ní raiḃ sé ag imṫeaċt ar ċor ar biṫ? Agus an giosgán agus an tormán ḃí ṡíos faoi! An t-inneall tubuisteaċ sin arís! Maraċ gur easboc ḃí ann ḋéanfaḋ sé an oiread easgaine leis an tiománaiḋe féin. Ba ṁór an míáḋ é an ṁoill seo ċur air, agus an deifir ḃí air go Baile Áṫa Cliaṫ.

D’osgail sé doras an ġluaisteáin agus amaċ leis ar an mbóṫar.

Ḃí an tiománaiḋe istiġ faoi’n gcárr agus é ag taḃairt na mionn. Má ḃí an t-easboc misneaṁail féin, ní raiḃ sé de ṁisneaċ aige cur isteaċ ar ċeárdaiḋe dá ṡórt. Agus ḃí aiṫne aige ar an tiománaiḋe seo.

Ċaiṫ an t-easboc cóta mór ṫar a ġuailniḃ, agus ṫosaiġ ag spaisdeóireaċt ḋó féin go míḟoiġdeaċ. Tiuḃraḋ sé reaṫa beag agus cúpla léim ó am go ham le n-a ċosaiḃ a ṫéiḋ, agus i ndiaiḋ gaċ cúpla léim d’ḟéaċaḋ i dtreó a ġluaisteáin. Aċt ní raiḃ aon ċosaṁlaċt ar an tiománaiḋe ḃeiṫ réiḋ.

Ċaiṫ sé leaṫ-uair eile ag spaisdeóireaċt ḋó féin. Annsin d’ḟéaċ sé ar an uaireadóir. Ḃí sé an deiċ a ċlog, agus ḃí geallta aige ḃeiṫ i mBl’ Áṫa Cliaṫ ag an Aṫair Antoine ar a naoi. Agus ó luiġe na talṁan ḃí ḟios aige naċ ḃféadfaḋ sé ḃeiṫ i ḃfois- geaċt fiċe míle de’n ċaṫair. Céard deirfeaḋ an seansagart diaḋanta riaġalta sin leis?

Aċt ní raiḃ sé de ḋánaċt ann cur isteaċ ar an tiománaiḋe.

[ 106 ]Ṡiuḃal sé céad slat siar an bóṫar. Ḃí na cosa te aige faoi seo, agus ṫosaiġ sé ag maċtnaṁ ar ċeist ḃí ag déanaṁ buarṫa ḋó le tamall fada—an ċeist sin ḃí ġá ṫaḃairt go Baile Áṫa Cliaṫ le coṁairle a ġlaċaḋ le n-a ṡeanċaraid an t-Aṫair Antoine faoi.

Fear deaġṁóideaċ cóir ḃí san easboc. Ḃí croiḋe ann, agus misneaċ aige, aċt ḃí smaċt aige ar a ċroiḋe agus ar a ṁisneaċ ó ṫús a óige. An rud cóir a ḋéanaṁ i gcoṁnaiḋe—sin riaġail leag sé amaċ ḋó féin; agus rinne sé an rud cóir, de réir a léarguis féin, gaċ uile ṫráṫ ba ċuma céard ṫáinic as. Díṫṁeas an ṗobuil nó míċáirdeas na n-uaċtarán, ba ċuma leis iad; níor ċuir ceaċtar de’n dá niḋ sin isteaċ ariaṁ air ó rinneaḋ easboc ḋe. Ḃí daoine ann aduḃairt go raiḃ se ró-ṁór le daoine uaisle, le tiġearnaiḃ agus le luċt riaġaltais agus leis an dream sin uile; go ngéilleaḋ sé ḋóiḃ go ró-ṁinic; gur ċeap sé go mba luaċṁare anam tiġearna ná aon anam eile cruṫuiġeaḋ.... Duḃraḋ gur beag an áird ḃéaḋ ag an easboc ar an té ba ḋiaḋanta rugaḋ ariaṁ dá mbéaḋ fear mór uasal nó tiġearna saiḋḃir talṁan i n-aon tseómra leis.

Ḃí ḟios ag an easpoc go raiḃ an ċáil sin amuiġ air. Ḃí ḟios aige go n-abróċaiḋe arís agus arís eile é dá gcuirfeaḋ sé an smaċt cóir ar an Aṫair Ó Doṁnaill. Ḃí ceapṫa aige an smaċt sin a ċur ar an sagart óg dána sin gan céill, dá dtairneóċaḋ sé Éire uile anuas ar a ṁullaċ. Ní raiḃ sé ag glacaḋ comairle leis an seananamċara ḃí aige [ 107 ]i mBl’ Áṫa Cliaṫ aċt ar eagla go raiḃ dearmad déanta aige féin ar aon ṗonc. Ba ċuma leis an tír uile go léir ḃeiṫ anuas air, ba ċuma leis cé’n díṫ- ṁeas ḃéaḋ ag an bPobul air, ċuirfeaḋ sé smaċt ar an Aṫair Ó Doṁnaill mara raiḃ a anamċara i n-ann aon niḋ táḃaċtaċ a ráḋ i ḃfáḃar an tsagairt sin, mara raiḃ sé i n-ann taoḃ eile de’n sgéal a noċtaḋ ḋó....

Oiḋċe ḃreáġ earraiġ ḃí ann, agus d’ḟan an t-easboc n-a ṡeasaṁ ar árd ḃí sa mbóṫar ag féaċ- aint siar agus siar-ndeas uaiḋ ar Ṁáiġ Life....

Ba ṁór an imniḋe ḋó an tAṫair Ó Doṁnaill. Maraċ go raiḃ sé n-a ṡagart ṁaiṫ ḋiaḋanta ba ġeárr a ré n-a ḋeóiġse; aċt má ḃí sé diaḋanta féin, ba ċosaṁla é le saiġdiúir ná le sagart. Naċ raiḃ sé ag caiṫeaṁ gaċ uile ṗiġin dá raiḃ aige ariaṁ ar ġunnaiḃ agus ar lón cogaiḋ agus dá roinnt ar na fearaiḃ óga? Cárḃ ḟios do’n easboc céard a ṫiocfaḋ as? Ḃí an sagart óg seo, an séiplíneaċ dána seo, ag dul ó smaċt ar fad. D’ḟógair sé féin air gan bacaḋ feasta le aon dream mileaḋta ḃí i n-aġaiḋ an riaġaltais agus cé’n freagra ṫug sé air aċt go raiḃ sé n-a Éireannaċ ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ n-a ṡagart. N-a ṡaiġdiúir ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ n-a ṡagart—sin é ba ċóra ḋó a raḋ, ċeap an t-easboc; an dúṫċas—fuil ḃorb aċrannaċ na nDoṁnallaċ— agus ṡíl an t-easboc go ḃfaca sé an tAṫair Ó Doṁnaill faoi ċulaiṫ gaisge, claiḋeaṁ mór soluis n-a ġlaic, sluaġ tréan ar a ṡáiliḃ agus iad ag gluaiseaċt rómpa ṫar an maċaire áluinn ḃí ós a ċoṁair amaċ....

[ 108 ]Ḃog a ċroiḋe roinnt. Músgluiġeaḋ rud éigin i ndoiṁneaċt a anma. An seandúṫċas atá níos tréise ná an oileaṁaint, an fonn ċun troda ḃí sa ḃfuil aige—sin é an rud ḃí ġá ġríosaḋ. Níorḃ ḟada go raiḃ sé ag gaḃáil aṁráin, agus aṁrán naċ dtaiṫneóċaḋ le n-a ċaraid, an fear mór riaġaltais i mBl’ Áṫa Cliaṫ. Ċuir sé smaċt air féin. Ṁúċ sé an rud beag sin ḃí ag iarraiḋ eirġe as doiṁneaċt a anma....

Seafóid! seafóid agus díṫcéilliḋe ḃí ann uile go léir. Ní ḟéadfaiḋe an dream ḃí i gceannas a ḃogaḋ. Síleaḋ é ḋéanaṁ go minic agus céard ḃí ann de ḃárr na n-iarraċt uile?

Ḃí sé níos cinnte ná ariaṁ go raiḃ an tAṫair Ó Domnaill agus na hógánaiġ ḃí leis ar aiṁleas na tíre. Aċt ċuirfeaḋ sé féin smaċt air!

Ġluais leis go réiḋ mall agus go brónaċ i dtreó an ċáirr.

Pé ar biṫ cé’n galar ḃí ag gaḃáil do’n ġluaisteán d’eiriġ leis an tiománaiḋe a leiġeas. D’eiriġ sé amaċ as a lár istiġ, agus é sméarṫa le ola agus le salaċar. Siúd i n-áirde ar a ṡuiḋċeán féin é, ċas sé an roṫa, agus as go bráṫaċ leis an ngluaisteán agus gan aon ċeapaḋ ag an tiománaiḋe cóir aċt go raiḃ an t-easboc n-a ċodlaḋ istiġ ann.

Níor ċuir sé ṫar dá ṁíle bóṫair de, gur ṫosaiġ an preabaḋ agus an tormán arís san inneall. Ṫúirling sé. Ṡíl sé é leiġeas. Dá mḃéaḋ roinnt [ 109 ]páipéir aige b’ḟéidir go ḃféadfaḋ sé a ḋéanaṁ. Ċuaiḋ sé go dtí doras an ġluaisteáin go ḃfuiġeaḋ sé seanṗáipéar nuaiḋeaċta ón easboc.

Nuair d’osgail sé an doras leaṫ a ḃéal air. Ní raiḃ an t-easboc ann!

Ḋún sé an doras arís agus d’ḟan sgaṫaṁ beag ag smaoineaḋ. Ḃí sé n-a ḃaileaṁair. Cé’n ċaoi ar ċaill sé an t-easboc? Ar ḟág sé n-a ḋiaiḋ é i dteaċ sagart paráisde an Ċillín? Nó ar ḟág sé an cárr nuair ḃí sé féin ag cur deis air leaṫuair ó ṡoin? Cé’n fonn coisiḋeaċt ḃí air seaċas aon easboc dá raiḃ ar a aire ariaṁ? Naċ raiḃ a ḋóṫain le déanaṁ aige gan ḃeiṫ ag iarraiḋ ḃeiṫ ag coin- neál easbuic ó ḃeiṫ ag imṫeaċt leis féin de ṡiuḃal oiḋċe!

Leig sé fead, aċt má ċuala an t-easboc é níor ṫug sé freagra air. Ní aṁáin go raiḃ fonn ar an easboc céadna ḃeiṫ ag coisiḋeaċt leis féin de ṡiuḃal oiḋċe, aċt ḃí sé ċoṁ boḋar le sluasaid. Leig mo ḋuine fead eile ar an easboc. Dá mbéaḋ sé i ḃfoisgeaċt trí ṁíle ḋó ċluineaḋ an t-easboc an fead sin. Aċt ní ḃfuair an tiománaiḋe groiḋe freagra ar an ḃfead.

Ġluais leis siar an bóṫar cúpla céad slat ag féaċaint a ḃfeicfeaḋ sé an t-easboc i n-aon áit. Ġlaoḋ sé air i n-árd a ġoṫa ó am go ham, aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ ḋó ann.

Easboc ar fuaidreaṁ agus a ġiolla ar a ṫóir!

Casaḋ fear leis an ngiolla, leis an tiománaiḋe. Ḃeannuiġ sé ḋó.

“Féaċ,” ars an tiománaiḋe leis, “féaċ,” ar [ 110 ]seisean, “ní móide go ḃfaca tú easboc ṫart i n-aon áit annseo?”

D’ḟéaċ an coiṁṫiġeaċ ar an tiománaiḋe. Ní raiḃ aon ċosaṁlaċt óil air. Aċt cé’n magaḋ ḃí air go raiḃ sé ar ṫóir easbuic faoi ṁeaḋon-oiḋċe ar ḃóṫar uaigneaċ fá’n dtuaiṫ? Sasanaċ ḃí sa stráinséir seo casaḋ leis an tiománaiḋe; ní eólas ró-ḃeaċt ḃí aige ar ḃéasaiḃ na tíre ná ar nósaiḃ na n-easboc aċt oiread; cárḃ ḟios dó naċ raḃadar tugṫa do ṡiuḃlóid faoi ṁeaḋo n-oiḋċe?”

“Seo, an ḃfaca tú easboc ṫart i n-aon áit? ars an tiománaiḋe arís, agus cantal air nár ṫug an duine eile freagra air fós.

“Easboc?” ars an Sasanaċ.

“Seaḋ, easboc—naċ gcluin’ tú mé?” ars an tiománaiḋe go bagarṫaċ.

“Níl mé sa tír seo aċt ḋá lá,” ars an Sasanaċ go faiteaċ; cárḃ ḟios dó naċ duine de na “hÉireann- aiġiḃ fiaḋáine” é seo ḃí ós a ċoṁair amaċ? cárḃ ḟios dó céard a ḋéanfaiḋe leis san áit iargcúlṫa seo, dá mbéaḋ ḟios go raiḃ sé gan airm teiniḋ?

“A’ ḃfaca tú easboc ṫart annseo adeirim? ars an tiománaiḋe, “abair go ḃfaca nó naċ ḃfaca agus leig dom a ḋul ar a ṫóir.”

“Ní ḟaca mé easboc ariaṁ,” ars an Sasanaċ.

“Ḋeaṁan ar feárr ḋuit ḟeiceál,” ars an tiomán- aiḋe,” bíonn cuid aca anċrosta. An t-easboc sin agamsa....

“Cá’r ċaill tú é?” ars an Sasanaċ.

“Ar an mbóṫar i n-áit éigin,” ars an tiománaiḋe “naċ é an diaḃal é?”

[ 111 ]“Gaḃfaiḋ mise ar a ṫóir i n-aondtiġ leat má ṫogruiġeann tú?” ars an Sasanaċ, láġaċ go leór; b’é seo an t-eaċtra ba ṁó ḃuail n-a ṫreó ó ṫáinic sé go hÉirinn.

“Téanam,” ars an tiománaiḋe.

Ġluais leó beirt ar ṫóir an easbuic. Ṡiuḃal siad míle gan duine ná deóraiḋe ḟeiceál. Ḃí ceó beag ag eirġe aníos as an maċaire go raiḃ buin na gcrann b’ḟogus dóiḃ i ḃfolaċ orra, agus a mbárr ar nós na gcéadta oileán coillteaċ istiġ i lár loċa airgid.

“Tír áluinn í seo,” ars an Sasanaċ, ag féaċaint anonn uaiḋ ar an maċaire,” ṡílṫeá gur gail airgid atá ag eirġe aníos as an talaṁ....”

“Airgead,” ars an tiománaiḋe, “trí ṗunnt an t-acra tugtar ar an talaṁ sin.”

Ḋearg sé píopa.

“Préaċfar an fear boċt,” ar sé, “cé’n míáḋ ḃí air gur imṫiġ sé mar sin?”

“An imṫiġeann sé go minic?” ars an Sasanaċ.

“Corr-uair. Ḃfuil cipín eile agad?”

“Ta.... a ḃean b’ḟéidir—”

D’ḟéaċ an tiománaiḋe ar an Sasanaċ. Rug sé ar ġualainn air.

“Ná habair é sin arís,” ar seisean go bagarṫaċ.

“Ní abróċad,” ars an Sasanaċ, “ár ndóiġ níl aiṫne ar biṫ agam uirri. Ní fios dom naċ bean ḋeas láġaċ í....”

“Stop!” ars an tiománaiḋe.

“Naċ minic d’ḟág fear maiṫ groiḋe a ḃean, agus d’ḟill arís?”

“Stop!” ars an tiománaiḋe.

[ 112 ]“Ós a’ cainnt atámuid,” ars an Sasanaċ, “tig liom a ráḋ leat go ḃfillfiḋ mé féin agus beiḋ fáilte aici róṁam freisin.”

“Stop!” ars an tiománaiḋe, “nó—,” agus ċuir sé goṫa troda air féin.

Níor ṫuig an Sasanaċ an sgéal. Ḃí sé ar tí laḃairt arís, aċt ċuir an fear eile a ḋorn le n-a ḃéal.

“Níl aon ḃean aige,” ars an tiománaiḋe, “nár ḋuḃairt mé leat gur easboc atá ann?”

“Duḃairt, aċt—”

“Seo,” ars an tiománaiḋe go míḟoiġdeaċ, “seo, téiḋimís ar a ṫóir.”

Ċuaiḋ.

Ḃí an oiḋċe ag eirġe anḟuar. B’éigin dóiḃ coisiḋeaċt ṁaiṫ a ḋéanaṁ nó préaċfaiḋe iad. Ḃí teaċ beag ósta leaṫtaoḃ na sliġe. Bíoḋ is go raiḃ sé andeireannaċ san oiḋċe ḃí solus le feiceál ann.

“Má tá tóir aige ar an ól is istiġ annsin atá sé,” ars an Sasanaċ.

“Ní ólann sé aon ḃraon,” ars an tiománaiḋe, “agus níor ól ariaṁ. N-a aġaiḋ go mór atá sé.”

Aċt ó ḃí an oiḋċe ċoṁ fuar cráiḋte sin, ḃuail siad féin beirt isteaċ le n-a mbéal a ḟliuċaḋ le “braon beag te.”

Nuair a ṡroiċ an t-easboc an áit ar ḟág sé an gluaisteán, ní raiḃ sé le feiceál aige ár ndóiġ. Ní raiḃ sé cinnte go raiḃ sé san áit ċéadna ar ċos ar biṫ; is beag áird ḃí aige air agus an imniḋe ḃí [ 113 ]air faoi’n Aṫair Ó Doṁnaill. Ġluais leis sgaṫaṁ eile agus leaṫ-ḃaraṁail aige go ḃfeicfeaḋ sé an gluaisteán gan moill.

Aċt ní hé an gluaisteán is mó ḃí ag cur air aċt ceist an Aṫar Ó Doṁnaill. Dá mbéaḋ cead a gcinn ag a leiṫéidiḃ de ṡagairt óga ṁillfiḋe an tír. An méad d’eiriġ le daoine staidéaraċa ḃaint amaċ do’n tír le gliocas agus le bladar agus le láṁ-istiġ ḃeiṫ aca leis an riaġaltas, ċaillfiḋe arís é. Talaṁ gan cíos—níor ṫaiṫniġ sin leis ariaṁ; ḃí an Eaglais n-a aġaiḋ agus ní gan fáṫ é—“beiḋ na boiċt agaiḃ ċoiḋċe” ar sé leis féin. Aċt tá daoine ann, sa tír seo féin, atá ag cur i n-aġaiḋ an dliġe ṡeanda sin. An tAṫair Ó Doṁnaill, duḃairt sé uair.... Aċt dliġṫe gan cam—d’ḟéadfaiḋe iad sin a ċur i ḃfeiḋm i ndiaiḋ a ċéile—gliocas, stuaim, staidéar—sin é an ċaoi le dliġṫe córa ḃaint amaċ.... Aċt ní raiḃ sé ṫar leaṫṡásta leis féin, ná le n-a leiġeas. Ḃí an ċáin an-trom ar an tír agus ar ḃoċtaiḃ; aċt naċ raiḃ an ċáin dlis- teanaċ? “Taḃair do Ċaesar....” Aċt b’ḟeárr leis go mór naċ mbéaḋ Caesar ċoṁ géar sin orra.

Ċuiṁniġ sé annsin ar an gcoṁráḋ deireannaċ ḃí aige leis an Aṫair Ó Doṁnaill: ḃí sé féin agus an sagart óg sin n-a leaḃarlainn; eisean críona ciall- ṁar staidéaraċ ag iarraiḋ an sagart ċur ar a leas gan é smaċtaḋ go ró-ṁór; an tAṫair Ó Doṁnaill ar a aġaiḋ amaċ, lán de ḋóċas agus de ṁisneaċ agus de ḋánaċt agus de ġráḋ-tíre. Ċuala sé an dá ġlór anois féin agus é ag imṫeaċt roiṁe go mall réiḋ agus go brónaċ:

[ 114 ]“Má tá naṁaid i n-ár measg féin, agus ní ġéillim go ḃfuil, naċ féidir codlaḋ ċur air agus an ċealg ḃaint as an naṁaid annsin?”

Agus an ċaoi a ċraiṫ an tAṫair Ó Doṁnaill a ċeann agus aduḃairt go bríoġṁar:

“A ṫiġearna, níl leiġeas i ndán do’n tír ċráiḋte seo, aċt píosaí beaga luaiḋe ċur san áit is feileaṁ- naiġe dóiḃ....”

Ċuir sin deireaḋ leis an gcainnt. Ṫuig an t-easboc cé’n áit ar ṁaiṫ leis na “píosaí beaga luaiḋe” a ċur. Níor ċuir an sagart óg aon ċosg ó ṡoin leis an gcleaċtaḋ airm. Níor ġéill sé ḋó féin. Ḃí cion aige féin ar an sagart óg; ċuaiḋ sé air go mór go gcaiṫfeaḋ sé é smaċtaḋ go géar agus go trom; aċt céard eile d’ḟéadfaḋ sé a ḋéanaṁ?

Ṡeas sé ar an mbóṫar agus d’ḟéaċ n-a ṫimċeall. Naċ é ḃí fuar? Agus an ceó ḃí ag eirġe aníos as an maċaire, as Maiġ Life! Ḃí aiṫṁéala air nár ṫug sé cóta mór níos truime leis; an droċṡlaġdán ḃí air ar feaḋ an ġeiṁriḋ naċ mór, ḃí eagla air go dtiocfaḋ sé arís.

Aċt cé’n solus aisteaċ é sin ḃí le feiceál aige sa spéir ṫoir-dtuaiḋ uaiḋ? Ḃí na néalta móra lomraċa ḃí ós cionn an ṁaċaire, ṫoir-dtuaiḋ uaiḋ, an-dearg. Toiteán i n-áit éigin.... árus mór i mBl’ Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeiniḋ b’ḟéidir....

Ḃí an bóṫar roinnt fliuċ agus ṫug sé rian ċáirr faoi deara sa ṗuiteaċ. Ḋearg sé níos géire ar na luirg. Rian ġluaisteáin—ḃí sé cinnte ḋe. A ġluaisteán féin b’ḟéidir—aċt cé’n tubuisde ḃéaḋ ar an tiománaiḋe gur imṫiġ sé leis gan é?

[ 115 ]Lean sé do na luirg.

Ṫáinic sé ar an teaċ beag ósta n-a raiḃ an tiománaiḋe agus an Sasanaċ casaḋ leis. Ṁoṫaiġ sé an solus ann. Ċuaiḋ a ċárr féin ṫar an teaċ— ba léir sin ó na luirg—aċt cárḃ ḟios dó naċ mbéaḋ tuairisg an ġluaisteáin ag duine éigin de ṁuinntir an tiġe?

Ḃuail sé cnag beag ar an doras agus d’ḟan go foiġdeaċ go n-osglóċaiḋe ḋó é.

Ċuala an dream ḃí ag ól sa teaċ ósta cnag an easbuic ar an doras, agus ar iompuġaḋ do ḃoise ḃí an áit ċoṁ socair leis an uaiġ. Ní raiḃ siolla ó aon duine aċt iad uile go léir ag féaċaint ar a ċéile go sgáṫṁar.

Ní raiḃ cead ag éinne ḃeiṫ ag ól i dteaċ ósta an tráṫ sin d’oiḋċe, agus ċoṁ luaṫ is d’ḟéad sí é, ċuir bean an tiġe na gloiní agus eile as aṁarc.

Ḃí fear árd tuaiṫe ann agus súil leis ar ṗoll na heoċraċ ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ cé ḃí amuiġ.

“Fear agus culaiṫ ḋuḃ air,” ar seisean i gcogar le bean an tiġe.

“Constáblaí!” ar sise go sgáṫṁar.

Múċaḋ na soillse gan aon aċar. Ṡíl a raiḃ ann d’ḟearaiḃ éaluġaḋ leó sul a mbeirfiḋe orra, agus ṫosuiġ an ruaille-buaille annsin agus an t-aċrann.

I dtóin an tiġe ḃí an sgléip agus níor ċuala an t-easboc é. Féaċaint dá dtug sé ar an teaċ arís, agus ní ḟaca sé aon tsolus ann. Ḃí iongantas air.

Ḃuail sé cnag eile ar an doras.

[ 116 ]Ḃí bean an tiġe ósta le hais na heoċraċ agus cluas uirri.

“Cé tá annsin?” ar sise agus í leigint uirri go raiḃ fearg uirri.

“Mise,” ars an t-easboc.

“Agus cé ṫusa le do ṫoil?”

Níor ċuiṁniġ an t-easboc go gcuirfiḋe ceist de’n tsórt sin air. Níor ṁaiṫ leis innseaċt cé hé, nó céard ṫug ann é. Easboc ag iarraiḋ ḋul isteaċ i dteaċ ósta an tráṫ sin d’oiḋċe! Ní ḋéanfaḋ sé cúis ar ċor ar biṫ.

“Cé tá annsin adeirim?” arsa bean an tiġe go huġdarásaċ.

“Mise,” ars an t-easboc arís go cúṫalaċ; ṡílfeaḋ aon duine ar an gcaoi a nduḃairt sé an focal gur fear ḃéaḋ ag iarraiḋ óil tráṫ nár ḋleaġṫaċ é.

Ċuir an fear árd tuaiṫe ḃí ar an doras i dtosaċ focal i gcluais mná an tiġe.

“Nár ḋuḃairt mé leat ċeana anoċt,” ar sise agus fearg uirri, “naċ ḃfuiġ’ tú braon eile annseo go n-íocfaiḋ tú do ċúnntas.”

“An cúnntas!” ars an t-easboc agus iongnaḋ air.

“Seaḋ, an cúnntas,” arsa bean an tiġe tríd an doras dúnta.

“Aċt níl aon ċúnntas....”

“Sgrios adeirim nó cuirfiḋ mé na gaḋair ’do ḋiaiḋ!”

Níor fearaḋ fáilte de’n tsórd sin roiṁ an easboc ariaṁ roiṁe. Ṫuig sé gur ceapaḋ gur duine éigin eile ḃí ann. Fear grinn agus spóirt ḃí ann, ar a ḃealaċ ṡocair féin; naċ aige ḃéaḋ an greann ag [ 117 ]innseaċt dá ċáirdiḃ cé’n fáilte cuireaḋ roiṁe. Ṫáinic meangaḋ ar a ḃéal—ċonnaic sé an gáiriḋ croiḋeaṁail ṫiocfaḋ ar an Doċtúir ré Diaḋa Seán Pluincéad nuair a ċloisfeaḋ sé an sgéal....

Lasaḋ solus istiġ. Nuair frioṫaḋ amaċ nárḃ iad Constáblaí Ríoġḋa na hÉireann ḃí ag an doras d’ḟill an coṁluadar agus ṫosaiġ an t-ól agus an sgléip arís.

D’imṫiġ an t-easboc ó’n doras le dul ar ṫóir a ġiolla, aċt ní ḋeaċa sé ṫar fiċe slat gur ṫosuiġ gaḋar ag tafaint air. Duḃraḋ ċeana go raiḃ an- ṁisneaċ ag an easboc. Ḃí—aċt aṁáin roiṁ ġaḋar stráinséaraċ san oiḋċe; seaḋ, gaḋar stráinséaraċ san oiḋċe agus míoltóga beaga na coille an dá niḋ ar an saoġal seo ċuirfeaḋ ruaig ar an easboc....

D’ḟill sé ar ais ċuig an teaċ ósta agus deifir mór agus sgáṫ air.

Duine ar biṫ a ḃfuil aiṫne aige ar na bóiṫre i ḃfoisgeaċt fiċe míle do Ḃaile Áṫa Cliaṫ aiṫneóċaiḋ sé an teaċ ósta seo. Níl ar ḋuine aċt cnag a ḃualaḋ ar an doras, ar ḋóiġ faoi leiṫ, agus osglóċar an doras ḋó.

Ṫárla gur ḃuail an t-easboc an doras ar an dóiġ seo i ngan ḟios ḋó féin an dara uair, agus leigeaḋ isteaċ é gan moill.

“Giolla liom, tiománaiḋe liom d’ḟág ar an mbóṫar mé—,” ars an t-easboc ar ḋul isteaċ ḋó.

Aċt ċuir bean an tiġe isteaċ air.

“Ó seaḋ,” ar sise, aċt níor ċreid sí é.

Is beag solus ḃí san áit, aċt dá mbéaḋ solus na gréine féin ann ní ṡílfeá gur easboc an stráinséar [ 118 ]seo ḃuail isteaċ sa teaċ ósta. Ní nós easbocaṁail ḋul n-a leiṫéid d’áit ar an dó a ċlog san oiḋċe!

“Sasanaċ ḃí san ngiolla d’ḟág ar an mbóṫar ṫú an eaḋ?” arsa bean an tiġe, agus d’ḟéaċ sí go géar agus go haiṁreasaċ air.

Ní raiḃ an t-easboc ariaṁ i n-aon áit i n-Éirinn nár tugaḋ ómós dó aċt annseo; aċt ár ndóiġ ní raiḃ bóna ná caraḃat air, aċt cirteaċ faoi n-a ṁuineál agus seanċaipín taḃóide anuas ar a ṡúiliḃ áit a raiḃ sé n-a ċodlaḋ sa ngluaisteán sul ar ḟág sé é le na cosaiḃ a ṫéiḋ.

Cé’n ċaoi a n-aiṫneóċaiḋe gur easboc ḃí ann, go mór-ṁór agus an seanċóta mór liaṫġlas ḃí caiṫte ṫar na guailniḃ aige?

“An giolla,” arsa bean an tiġe, “an giolla sin d’ḟág ar an mbóṫar ṫú, naċ Sasanaċ ḃí ann?”

“Ní heaḋ”

“Ḃí Sasanaċ agus comráide leis annseo ar ball,” ar sise; “sílim go raiḃ siad beirt leaṫ-ólta, aċt má ḃí ní annseo fuair siad é. Aċt céard tá uait féin? An braoinín cruaiḋ?”

“Ní ḃlasaim de....”

Níorḃ ḟeárr leis an easboc rud a ṫárlóċaḋ ná é seo. Is minic ḃí dúil aige imṫeaċt ṫríd an tír leis féin agus gan aon ċulaiṫ air aċt culaiṫ fir oibre go ḃfeicfeaḋ sé an saoġal mar ḃí i ndá ríriḃ gan daoine ḃeiṫ ag gléasaḋ agus ag maisiuġaḋ saoġail ċruaiḋ ġránda na mboċt roiṁe.

Nuair aduḃairt sé le bean an óil nár ḃlas sé ariam ḋe, ċeap sise naċ raiḃ sé i ndá ríriḃ, naċ raiḃ ann aċt leiṫsgéal, go raiḃ sé cúṫalaċ, nó go raiḃ [ 119 ]faitċíos air mar ġeall ar ċoṁ deireannaċ is ḃí sé, agus coṁluadar nár aiṫniġ sé sa láṫair.

“Braon beag cruaiḋ,” arsa bean an óil, “tá an oiḋċe fuar”—d’ḟéaċ sí ṫart ar an gcoṁluadar fear ḃí ag éisteaċt—“cáirde muid uilig annseo,” ar sise.

Ḃí buidéal uisge beaṫa n-a glaic aici agus an corc bainte as.

“Má tá cupán tae agat,” ars an t-easboc.

“Cupán tae!” Ḃí iongnaḋ ar ḃean an tiġe. Fear a ṫeaċt an tráṫ sin d’oiḋċe ag iarraiḋ cupáin tae!

“Nó gloine bainne féin—”

“Gloine bainne!” Is beag nár ċuir sí coṁarṫa na croise uirri féin.

“Bainne te,” ars an t-easboc.

“Bainne te!” arsa bean an ósta, agus is ar éigin ḃí sí i n-ann é ráḋ leis an iongnaḋ ḃí uirri.

Ḃí deiċneaḃar nó dá’réag fear sa láṫair. Is iomḋa céad uair ċaiṫeadar sa teaċ ósta seo, agus le cuiṁne an té ba ṡine ann, níor ṫáinic aon ḟear ariaṁ isteaċ ann ar ṫóir bainne. An té a raiḃ an gloine n-a ġlaic aige ní raiḃ sé n-a ċumas é ċur le n-a ḃéal le teann alltaċt’.

Ḃí an t-easboc n-a ṡuiḋe ar ċaṫaoir i n-aice an dorais, áit naċ raiḃ aċt an droċṡolus. D’ḟéaċ bean an tiġe go géar air.

“Seo,” ar sise, “ná bíoḋ a ṫuilleaḋ de’n ṁagaḋ ann;” ċroċ sí suas an lampa beagán agus d’ḟéaċ arís air, “silim go ḃfuil do ṡáiṫ ólta agat ċeana,” ar sise; d iompuiġ sí ar an ḃfear árd tuaiṫe ḃí ag [ 120 ]an doras i dtosaċ, “naċ meas’ tú go ḃfuil beagán beag ṫar an iomarca istiġ aige, a Ṫomáis?”

“Maraċ go ḃfuil, ár ndóiġ, ní ḃéaḋ sé ag iarraiḋ bainne,” arsa Tomás.

“Agus sílim freisin,” arsa bean an tiġe, “go ḃfuil baint éigint leis an Sasanaċ buiḋe sin caiṫeaḋ amaċ ar ball.”

“Cé’n Sasanaċ?” arsa Tomás.

“Ó seaḋ, ní raiḃ tú istiġ an uair sin,” arsa bean an tiġe, “aċt Sasanaċ ṫáinic isteaċ annseo uair ó ṡoin agus nuair d’ól sé gloine—é féin agus fear beag eile ḃí i n-aondtiġ leis—nuair d’ól sé gloine ní raiḃ aon ċainnt aige aċt seafóid éigint faoi easboc a ċaill sé ar an mbóṫar....”

“Easboc ċaill sé ar an mbóṫar,” agus leaṫ na súile ar Ṫomás boċt.

“Seaḋ, sin é duḃairt sé,” arsa bean an tiġe, “gur ċaill sé easboc agus gur ḟág sé a ḃean n-a ḋiaiḋ....”

“Dar ’iúl íosta príosta!” Ḃuail Tomás a ḋá ḃois ar a ċéile. Níor ṫuig sé aċt an oiread le cáċ guraḃ í a ḃean féin ḃí i gceist ag an Sasanaċ!

“Ṁ’anam gur maiṫ a rinne siḃ agus an diaḃal a ċaiṫeaṁ amaċ,” ar seisean; d’ól slug as gloine; ḃuail bos ar a ċeaṫraṁain, agus duḃairt:

“Easboc a ṫréig a ḃean! ar ċuala siḃ ariaṁ a leiṫéid!”

Ḃí an gloine bainne fáiġte ag an easboc faoi seo agus é ġá ól; aċt cé’n ċainnt ḃí aca faoi féin? Agus an ḃean! Agus an Sasanaċ ḃí ar a ṫóir! Dá mba gur ól sé an gloine de’n ḃraon ċruaiḋ [ 121 ]ṫairg bean an tiġe ḋó ċeapfaḋ sé go ndeaċa sé sa gceann air. Aċt gloine glan bainne! Má deirfear go raiḃ iongnaḋ ar an easboc ní ḃeiḋ ṫar leaṫ na fírinne ann.

Ḃí an coṁluadar uile i dtóin an tseómra ag coṁráḋ ós íseal le bean an tiġe. Corr-uair d’ḟéaċaḋ fear n-a ṫreó agus aiṁreas n-a ṡúil. Ḃí ríméad ar an easboc gur ḟág sé a ḃóna agus a ċaraḃat agus eile sa ngluaisteán.

Ḃí sé tamall deas ag ól an ḃainne ar a ṡuaiṁneas. Ní raiḃ sé ariaṁ n-a leiṫéid d’áit, aċt ní abróċaiḋ sé leat anois féin nár ṫaiṫniġ sé leis. Dá mbéaḋ an tiománaiḋe aige le n-a ṫaḃairt ar a aistear nuair a ṫogróċaḋ sé!

Ṫáinic fonn air ḋul i ḃfoċair na ḃfear—cainnt a ḋéanaṁ leó, sgléip a ḋéanaṁ leó, ól a ḋéanaṁ leó.... Níor ġéill sé do’n ḟonn sin, agus is céad truaiġ leis an sgealaiḋe seo nár ġéill—ba ṁaiṫ leis ḃeiṫ i n-ann cur-síos a ḋéanaṁ ar an spóirt ḃéaḋ aca! Aċt mara ndeaċa sé ag siamsa leis na fearaiḃ, corruiġeaḋ é ar ḃealaċ nár ṫuig sé féin. An oiḋċe aisteaċ ċaiṫ sé b’ḟéidir, nó baois na hóige arís....

Ṫáinic bean an tiġe le laḃairt leis.

“A’ raiḃ aon ḃaint agatsa leis an Sasanaċ ḃí ar ṫóir easbuic?” ar sise.

“Ní raiḃ”

B’ḟíor ḋó, aċt ḃí baint aige leis an ḃfear ḃí i n-aondtiġ leis an Sasanaċ; aċt dá n-abróċaḋ sé é is cinnte go gcaiṫfiḋe é féin amaċ freisin. Dá n-abróċaḋ sé gur easboc ḃí ann féin, ní móide go [ 122 ]gcreidfiḋe é agus an feisteas ḃí air. An droċ-íde fuair an Sasanaċ ċuir sin i gcéill ḋó go mb’ḟeárrde a ṡláinte gan greann a ḋéanaṁ faoi easboc. Ḃí sé críonna; d’ḟan sé ar a ṡuaiṁneas agus an gloine bainne n-a ġlaic aige.

Aċt an beiṫeaṁnaċ sin de ṫiománaiḋe, cá raiḃ sé?

Ḃí an sgléip faoi lántseól nuair ṫáinic fear eile isteaċ. Laḃair sé le bean an tiġe ós íseal. Laḃair an ḃeirt aca leis an gcoṁluadar—Ní ḟaca an t-easboc ariaṁ aon aṫruġaḋ mar an t-aṫruġaḋ ṫáinic ar an gcuideaċtain. Cuireaḋ cosg leis an ngreann agus leis an ól. Ṫáinic iongnaḋ orra uile. Cuid aca a ċreid an sgéal mór ḃí ag an ḃfear ṫáinic isteaċ, cuid eile nár ċreid, aċt d’imṫiġ leó uile go léir amaċ ar an mbóṫar.

Fágaḋ an t-easboc agus bean an tiġe leó féin.

“Sin sgéal uaṫḃásaċ,” ar sise.

“Ce’n sgéal?”

“An t-eirġe-amaċ seo, agus anois tá Baile Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeine ag na Sasanaiġiḃ....”

“An t-Eirġe-Amaċ?”

Níor ċreid sé a ḋá ċluais. Ó Ḋoṁnaċ Cásga ċaiṫ sé cúpla lá le seanċaraid i mainistir i n-aice le Portláirge. Ní ḟaca sé páipéar; níor ċuala sgéal ná ráfla, agus nuair a ċuala níor ċreid.

“Eirġe-Amaċ! Baile Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeine!” agus ḃuail sé amaċ ar an mbóṫar mar a raiḃ na feara eile.

“Ṁ’anam go ḃfuil,” arsa fear ḃí le n-a ṫaoḃ, “féaċ an spéir.”

[ 123 ]Cinnte ḃí an spéir ós cionn ionaid na caṫraċ dearg.

“Éist!” arsa fear.

Ċuireadar uile cluas orra féin. Ṫáinic tormán trom ċuca ar an ngaoiṫ.

“Gunnaí móra ag milleaḋ na caṫraċ!” arsa fear.

“Feicfiḋ siḃ na lasraċa féin má ṫéiḋeann siḃ go mullaċ Ċnuic na hEaglaise ṫall,” arsa fear eile.

Ġluais leó uile agus a rún féin i gcroiḋe gaċ fir díḃ....

Tá ḟios ag an saoġal cá ḃfuil Cnoc na hEaglaise, agus tá ḟios aġ gaċ duine ṡíl ḋul suas ar a ṁullaċ ċoṁ aiṁréiḋ is tá an tsliġe. Cloċa móra, cloċa beaga sgiorrfaḋ uait, sgailpeanna contaḃairteaċa, bogaiġ báiḋte, fraoċ go básta—sin a raiḃ roiṁ an easboc.

Deirfiḋ sé féin leat naċ sroiċfeaḋ sé an mullaċ go deó maraċ gur casaḋ an tiománaiḋe leis leaṫ- bealaiġ. Nuair ḃíos sé féin ag cur síos ar eaċtraiḃ na hoiḋċe sin, agus ar an eirġe-amaċ ḃí n-a ċroiḋe féin dá mbárr, cuireann sé isteaċ ar an sgéal le hinnseaċt céard d’eiriġ dá ṫiománaiḋe nuair caiṫeaḋ é féin agus an Sasanaċ amaċ as an teaċ ósta. Aċt giḋ naċ doċar aiṫris ḋéanaṁ ar easboc tráṫ ar biṫ fágfar an sgéal sin aige féin.... Nár ba fada go ḃfeicfear faoi ċló é.

Aċt ag iarraiḋ ḋul suas an cnoc ḋó, ċuala sé caoineaḋ caol cruaiḋ agus eiġṁe loma loisneaċa [ 124 ]ṡíos uaiḋ sa mbogaċ n-a raiḃ sé féin ag dul go glúnaiḃ.

“A Ṫiġearna!” arsa glór.

Níor ṫug an t-easboc freagra air.

“A Ṫiġearna! ’ċ uile ḋiaḃal cnáṁ ’mo ċorp brúiġte briste ag an gclaḋaire cam, ag an Sasanaċ bradaċ bréan sin!”

D’aiṫniġ an t-easboc glór a ṫiománaiḋe, aċt níor aiṫniġ an tiománaiḋe an t-easboc.

“Agus gan mé aċt ag iarraiḋ a ráḋ naċ raiḃ bean ag easboc ariaṁ! Uċ, táim marḃ!”

Ṫug an t-easboc láṁ ċonganta ḋó. Nuair ṫuig an fear boċt cé ḃí aige ann, ġoill sé níos mó air ná an leadraḋ fuair sé ó’n Sasanaċ.

Ní raiḃ sé ċoṁ gortuiġṫe is ṡíl sé agus ċuidiġ an ḃeirt aca le ċéile go raiḃ siad ar ṁullaċ an ċnuic.

B’iongantaċ an raḋarc ḃí ag an easboc annsin. I ḃfad uaiḋ sa talaṁ íseal ċonnaic sé toiteán mór. Lasraċa ag eirġe as agus ag deargaḋ na néalta. Ḃí sluaġ mór ṫart air, agus a rún féin agus a sgéal mór féin ag gaċ duine aca....

Cluineaḋ pléasgaḋ mór. Ġeit a lán. Ḃí gaċ uile ḋuine ró-ċorruiġṫe le focal a ráḋ....

Pléasgaḋ mór eile!

Ḃris rud éicint i gcroiḋe an easbuic. Líonaḋ a ċroiḋe agus a anam le solus mór. Dá mbéaḋ an tAṫair Ó Doṁnaill ann....

Ḋá ṗléasgaḋ i ndiaiḋ ċéile!

Ógánaċ ḃí le n-a ṫaoḃ agus a ḋá ṡúil lán de ṡolus naċ ḃfeictear aċt go hannaṁ, ċuir sé láṁ leis isteaċ i láiṁ an easbuic.

[ 125 ]“Dá mbéaḋ gunnaí againn—,” ars an t-ógánaċ.

“Dá mbéaḋ—,” ars an t-easboc agus ċrom sé a ċeann....

Ċuir an t-easboc fios ar an Aṫair Ó Doṁnaill nuair ċuaiḋ sé aḃaile. Ḃí brón agus doiliġeas i n-éadan an easbuic nuair ṫáinic an sagart óg isteaċ ċuige sa leaḃarlainn. Aċt má ḃí, ḃí misneaċ agus meanma agus tógḃáil croiḋe ann freisin.

Ṡín sé páipéar ċuig an sagart óg gan focal a ráḋ. Léiġ seisean é. Ó luċt an airm ṫáinic an páipéar agus iad ag iarraiḋ ar an easboc smaċt a ċur ar an sagart óg....

D’ḟéaċ an sagart óg agus an t-easboc ar a ċéile.

“Agus seo é an freagra atá mé le cur ċuca,” ars an t-easboc.

Ṡín sé páipéar eile ċuig an sagart óg. Léiġ seisean na focla seo:

Easboc mise; ná síltear gur oifigeaċ stáit mé. “Aċt, ár ndóiġ, cuirfiḋ mé deis eile air;” agus d’ḟéaċ an t-easboc go tuigsionaċ ar an sagart óg.

D’eiriġ an sagart óg go tobann le láṁ a ċraiṫeaḋ leis an easboc. Ḃí sé dul ṫar maol....

“Paráisde maiṫ, paráisde na Cille Móire,” ars an t-easboc, “an ċéad ṗaráisde ḃí agam féin.... tá súil agam go dtaiṫneóċaiḋ sé leat....”

Ḃí an sagart óg ar tí buiḋeaċas a ġaḃáil leis. Ċuir an t-easboc cosg leis le n-a láiṁ.

“Tá croiḋe agus misneaċ na hóige ionnam arís —,” aċt ċuir an t-easboc smaċt ar a ṫeangain.

[ 126 ]Ḃí an ḃeirt ḟear n-a seasaṁ agus greim láiṁe aca ar a ċéile. Ḃí deór faoi ṡúil an tsagairt.

“Suiḋ annsin, a Aṫair Seán, agus innseóċad sgéal maiṫ ḋuit,” agus d’innis an t-easboc an sgéal seo ḋó, aċt nár ḃac sé le ráḋ leis go ḃfuair sé a anam ar ṁullaċ an ċnuic agus é ag féaċaint anuas ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus é fré ṫeine....

Aċt b’ḟéidir gur ṫuig an tAṫair Ó Doṁnaill féin é sin.