Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/133

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
117
ANAM AN EASBUIC

innseaċt dá ċáirdiḃ cé’n fáilte cuireaḋ roiṁe. Ṫáinic meangaḋ ar a ḃéal—ċonnaic sé an gáiriḋ croiḋeaṁail ṫiocfaḋ ar an Doċtúir ré Diaḋa Seán Pluincéad nuair a ċloisfeaḋ sé an sgéal....

Lasaḋ solus istiġ. Nuair frioṫaḋ amaċ nárḃ iad Constáblaí Ríoġḋa na hÉireann ḃí ag an doras d’ḟill an coṁluadar agus ṫosaiġ an t-ól agus an sgléip arís.

D’imṫiġ an t-easboc ó’n doras le dul ar ṫóir a ġiolla, aċt ní ḋeaċa sé ṫar fiċe slat gur ṫosuiġ gaḋar ag tafaint air. Duḃraḋ ċeana go raiḃ an- ṁisneaċ ag an easboc. Ḃí—aċt aṁáin roiṁ ġaḋar stráinséaraċ san oiḋċe; seaḋ, gaḋar stráinséaraċ san oiḋċe agus míoltóga beaga na coille an dá niḋ ar an saoġal seo ċuirfeaḋ ruaig ar an easboc....

D’ḟill sé ar ais ċuig an teaċ ósta agus deifir mór agus sgáṫ air.

Duine ar biṫ a ḃfuil aiṫne aige ar na bóiṫre i ḃfoisgeaċt fiċe míle do Ḃaile Áṫa Cliaṫ aiṫneóċaiḋ sé an teaċ ósta seo. Níl ar ḋuine aċt cnag a ḃualaḋ ar an doras, ar ḋóiġ faoi leiṫ, agus osglóċar an doras ḋó.

Ṫárla gur ḃuail an t-easboc an doras ar an dóiġ seo i ngan ḟios ḋó féin an dara uair, agus leigeaḋ isteaċ é gan moill.

“Giolla liom, tiománaiḋe liom d’ḟág ar an mbóṫar mé—,” ars an t-easboc ar ḋul isteaċ ḋó.

Aċt ċuir bean an tiġe isteaċ air.

“Ó seaḋ,” ar sise, aċt níor ċreid sí é.

Is beag solus ḃí san áit, aċt dá mbéaḋ solus na gréine féin ann ní ṡílfeá gur easboc an stráinséar