Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/132

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
116
ANAM AN EASBUIC

Ḃí bean an tiġe ósta le hais na heoċraċ agus cluas uirri.

“Cé tá annsin?” ar sise agus í leigint uirri go raiḃ fearg uirri.

“Mise,” ars an t-easboc.

“Agus cé ṫusa le do ṫoil?”

Níor ċuiṁniġ an t-easboc go gcuirfiḋe ceist de’n tsórt sin air. Níor ṁaiṫ leis innseaċt cé hé, nó céard ṫug ann é. Easboc ag iarraiḋ ḋul isteaċ i dteaċ ósta an tráṫ sin d’oiḋċe! Ní ḋéanfaḋ sé cúis ar ċor ar biṫ.

“Cé tá annsin adeirim?” arsa bean an tiġe go huġdarásaċ.

“Mise,” ars an t-easboc arís go cúṫalaċ; ṡílfeaḋ aon duine ar an gcaoi a nduḃairt sé an focal gur fear ḃéaḋ ag iarraiḋ óil tráṫ nár ḋleaġṫaċ é.

Ċuir an fear árd tuaiṫe ḃí ar an doras i dtosaċ focal i gcluais mná an tiġe.

“Nár ḋuḃairt mé leat ċeana anoċt,” ar sise agus fearg uirri, “naċ ḃfuiġ’ tú braon eile annseo go n-íocfaiḋ tú do ċúnntas.”

“An cúnntas!” ars an t-easboc agus iongnaḋ air.

“Seaḋ, an cúnntas,” arsa bean an tiġe tríd an doras dúnta.

“Aċt níl aon ċúnntas....”

“Sgrios adeirim nó cuirfiḋ mé na gaḋair ’do ḋiaiḋ!”

Níor fearaḋ fáilte de’n tsórd sin roiṁ an easboc ariaṁ roiṁe. Ṫuig sé gur ceapaḋ gur duine éigin eile ḃí ann. Fear grinn agus spóirt ḃí ann, ar a ḃealaċ ṡocair féin; naċ aige ḃéaḋ an greann ag