Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
118
ANAM AN EASBUIC

seo ḃuail isteaċ sa teaċ ósta. Ní nós easbocaṁail ḋul n-a leiṫéid d’áit ar an dó a ċlog san oiḋċe!

“Sasanaċ ḃí san ngiolla d’ḟág ar an mbóṫar ṫú an eaḋ?” arsa bean an tiġe, agus d’ḟéaċ sí go géar agus go haiṁreasaċ air.

Ní raiḃ an t-easboc ariaṁ i n-aon áit i n-Éirinn nár tugaḋ ómós dó aċt annseo; aċt ár ndóiġ ní raiḃ bóna ná caraḃat air, aċt cirteaċ faoi n-a ṁuineál agus seanċaipín taḃóide anuas ar a ṡúiliḃ áit a raiḃ sé n-a ċodlaḋ sa ngluaisteán sul ar ḟág sé é le na cosaiḃ a ṫéiḋ.

Cé’n ċaoi a n-aiṫneóċaiḋe gur easboc ḃí ann, go mór-ṁór agus an seanċóta mór liaṫġlas ḃí caiṫte ṫar na guailniḃ aige?

“An giolla,” arsa bean an tiġe, “an giolla sin d’ḟág ar an mbóṫar ṫú, naċ Sasanaċ ḃí ann?”

“Ní heaḋ”

“Ḃí Sasanaċ agus comráide leis annseo ar ball,” ar sise; “sílim go raiḃ siad beirt leaṫ-ólta, aċt má ḃí ní annseo fuair siad é. Aċt céard tá uait féin? An braoinín cruaiḋ?”

“Ní ḃlasaim de....”

Níorḃ ḟeárr leis an easboc rud a ṫárlóċaḋ ná é seo. Is minic ḃí dúil aige imṫeaċt ṫríd an tír leis féin agus gan aon ċulaiṫ air aċt culaiṫ fir oibre go ḃfeicfeaḋ sé an saoġal mar ḃí i ndá ríriḃ gan daoine ḃeiṫ ag gléasaḋ agus ag maisiuġaḋ saoġail ċruaiḋ ġránda na mboċt roiṁe.

Nuair aduḃairt sé le bean an óil nár ḃlas sé ariam ḋe, ċeap sise naċ raiḃ sé i ndá ríriḃ, naċ raiḃ ann aċt leiṫsgéal, go raiḃ sé cúṫalaċ, nó go raiḃ