Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/135

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
119
ANAM AN EASBUIC

faitċíos air mar ġeall ar ċoṁ deireannaċ is ḃí sé, agus coṁluadar nár aiṫniġ sé sa láṫair.

“Braon beag cruaiḋ,” arsa bean an óil, “tá an oiḋċe fuar”—d’ḟéaċ sí ṫart ar an gcoṁluadar fear ḃí ag éisteaċt—“cáirde muid uilig annseo,” ar sise.

Ḃí buidéal uisge beaṫa n-a glaic aici agus an corc bainte as.

“Má tá cupán tae agat,” ars an t-easboc.

“Cupán tae!” Ḃí iongnaḋ ar ḃean an tiġe. Fear a ṫeaċt an tráṫ sin d’oiḋċe ag iarraiḋ cupáin tae!

“Nó gloine bainne féin—”

“Gloine bainne!” Is beag nár ċuir sí coṁarṫa na croise uirri féin.

“Bainne te,” ars an t-easboc.

“Bainne te!” arsa bean an ósta, agus is ar éigin ḃí sí i n-ann é ráḋ leis an iongnaḋ ḃí uirri.

Ḃí deiċneaḃar nó dá’réag fear sa láṫair. Is iomḋa céad uair ċaiṫeadar sa teaċ ósta seo, agus le cuiṁne an té ba ṡine ann, níor ṫáinic aon ḟear ariaṁ isteaċ ann ar ṫóir bainne. An té a raiḃ an gloine n-a ġlaic aige ní raiḃ sé n-a ċumas é ċur le n-a ḃéal le teann alltaċt’.

Ḃí an t-easboc n-a ṡuiḋe ar ċaṫaoir i n-aice an dorais, áit naċ raiḃ aċt an droċṡolus. D’ḟéaċ bean an tiġe go géar air.

“Seo,” ar sise, “ná bíoḋ a ṫuilleaḋ de’n ṁagaḋ ann;” ċroċ sí suas an lampa beagán agus d’ḟéaċ arís air, “silim go ḃfuil do ṡáiṫ ólta agat ċeana,” ar sise; d iompuiġ sí ar an ḃfear árd tuaiṫe ḃí ag