Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/136

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
120
ANAM AN EASBUIC

an doras i dtosaċ, “naċ meas’ tú go ḃfuil beagán beag ṫar an iomarca istiġ aige, a Ṫomáis?”

“Maraċ go ḃfuil, ár ndóiġ, ní ḃéaḋ sé ag iarraiḋ bainne,” arsa Tomás.

“Agus sílim freisin,” arsa bean an tiġe, “go ḃfuil baint éigint leis an Sasanaċ buiḋe sin caiṫeaḋ amaċ ar ball.”

“Cé’n Sasanaċ?” arsa Tomás.

“Ó seaḋ, ní raiḃ tú istiġ an uair sin,” arsa bean an tiġe, “aċt Sasanaċ ṫáinic isteaċ annseo uair ó ṡoin agus nuair d’ól sé gloine—é féin agus fear beag eile ḃí i n-aondtiġ leis—nuair d’ól sé gloine ní raiḃ aon ċainnt aige aċt seafóid éigint faoi easboc a ċaill sé ar an mbóṫar....”

“Easboc ċaill sé ar an mbóṫar,” agus leaṫ na súile ar Ṫomás boċt.

“Seaḋ, sin é duḃairt sé,” arsa bean an tiġe, “gur ċaill sé easboc agus gur ḟág sé a ḃean n-a ḋiaiḋ....”

“Dar ’iúl íosta príosta!” Ḃuail Tomás a ḋá ḃois ar a ċéile. Níor ṫuig sé aċt an oiread le cáċ guraḃ í a ḃean féin ḃí i gceist ag an Sasanaċ!

“Ṁ’anam gur maiṫ a rinne siḃ agus an diaḃal a ċaiṫeaṁ amaċ,” ar seisean; d’ól slug as gloine; ḃuail bos ar a ċeaṫraṁain, agus duḃairt:

“Easboc a ṫréig a ḃean! ar ċuala siḃ ariaṁ a leiṫéid!”

Ḃí an gloine bainne fáiġte ag an easboc faoi seo agus é ġá ól; aċt cé’n ċainnt ḃí aca faoi féin? Agus an ḃean! Agus an Sasanaċ ḃí ar a ṫóir! Dá mba gur ól sé an gloine de’n ḃraon ċruaiḋ