Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/137

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
121
ANAM AN EASBUIC

ṫairg bean an tiġe ḋó ċeapfaḋ sé go ndeaċa sé sa gceann air. Aċt gloine glan bainne! Má deirfear go raiḃ iongnaḋ ar an easboc ní ḃeiḋ ṫar leaṫ na fírinne ann.

Ḃí an coṁluadar uile i dtóin an tseómra ag coṁráḋ ós íseal le bean an tiġe. Corr-uair d’ḟéaċaḋ fear n-a ṫreó agus aiṁreas n-a ṡúil. Ḃí ríméad ar an easboc gur ḟág sé a ḃóna agus a ċaraḃat agus eile sa ngluaisteán.

Ḃí sé tamall deas ag ól an ḃainne ar a ṡuaiṁneas. Ní raiḃ sé ariaṁ n-a leiṫéid d’áit, aċt ní abróċaiḋ sé leat anois féin nár ṫaiṫniġ sé leis. Dá mbéaḋ an tiománaiḋe aige le n-a ṫaḃairt ar a aistear nuair a ṫogróċaḋ sé!

Ṫáinic fonn air ḋul i ḃfoċair na ḃfear—cainnt a ḋéanaṁ leó, sgléip a ḋéanaṁ leó, ól a ḋéanaṁ leó.... Níor ġéill sé do’n ḟonn sin, agus is céad truaiġ leis an sgealaiḋe seo nár ġéill—ba ṁaiṫ leis ḃeiṫ i n-ann cur-síos a ḋéanaṁ ar an spóirt ḃéaḋ aca! Aċt mara ndeaċa sé ag siamsa leis na fearaiḃ, corruiġeaḋ é ar ḃealaċ nár ṫuig sé féin. An oiḋċe aisteaċ ċaiṫ sé b’ḟéidir, nó baois na hóige arís....

Ṫáinic bean an tiġe le laḃairt leis.

“A’ raiḃ aon ḃaint agatsa leis an Sasanaċ ḃí ar ṫóir easbuic?” ar sise.

“Ní raiḃ”

B’ḟíor ḋó, aċt ḃí baint aige leis an ḃfear ḃí i n-aondtiġ leis an Sasanaċ; aċt dá n-abróċaḋ sé é is cinnte go gcaiṫfiḋe é féin amaċ freisin. Dá n-abróċaḋ sé gur easboc ḃí ann féin, ní móide go