Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
122
ANAM AN EASBUIC

gcreidfiḋe é agus an feisteas ḃí air. An droċ-íde fuair an Sasanaċ ċuir sin i gcéill ḋó go mb’ḟeárrde a ṡláinte gan greann a ḋéanaṁ faoi easboc. Ḃí sé críonna; d’ḟan sé ar a ṡuaiṁneas agus an gloine bainne n-a ġlaic aige.

Aċt an beiṫeaṁnaċ sin de ṫiománaiḋe, cá raiḃ sé?

Ḃí an sgléip faoi lántseól nuair ṫáinic fear eile isteaċ. Laḃair sé le bean an tiġe ós íseal. Laḃair an ḃeirt aca leis an gcoṁluadar—Ní ḟaca an t-easboc ariaṁ aon aṫruġaḋ mar an t-aṫruġaḋ ṫáinic ar an gcuideaċtain. Cuireaḋ cosg leis an ngreann agus leis an ól. Ṫáinic iongnaḋ orra uile. Cuid aca a ċreid an sgéal mór ḃí ag an ḃfear ṫáinic isteaċ, cuid eile nár ċreid, aċt d’imṫiġ leó uile go léir amaċ ar an mbóṫar.

Fágaḋ an t-easboc agus bean an tiġe leó féin.

“Sin sgéal uaṫḃásaċ,” ar sise.

“Ce’n sgéal?”

“An t-eirġe-amaċ seo, agus anois tá Baile Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeine ag na Sasanaiġiḃ....”

“An t-Eirġe-Amaċ?”

Níor ċreid sé a ḋá ċluais. Ó Ḋoṁnaċ Cásga ċaiṫ sé cúpla lá le seanċaraid i mainistir i n-aice le Portláirge. Ní ḟaca sé páipéar; níor ċuala sgéal ná ráfla, agus nuair a ċuala níor ċreid.

“Eirġe-Amaċ! Baile Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeine!” agus ḃuail sé amaċ ar an mbóṫar mar a raiḃ na feara eile.

“Ṁ’anam go ḃfuil,” arsa fear ḃí le n-a ṫaoḃ, “féaċ an spéir.”