Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/139

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
123
ANAM AN EASBUIC

Cinnte ḃí an spéir ós cionn ionaid na caṫraċ dearg.

“Éist!” arsa fear.

Ċuireadar uile cluas orra féin. Ṫáinic tormán trom ċuca ar an ngaoiṫ.

“Gunnaí móra ag milleaḋ na caṫraċ!” arsa fear.

“Feicfiḋ siḃ na lasraċa féin má ṫéiḋeann siḃ go mullaċ Ċnuic na hEaglaise ṫall,” arsa fear eile.

Ġluais leó uile agus a rún féin i gcroiḋe gaċ fir díḃ....

Tá ḟios ag an saoġal cá ḃfuil Cnoc na hEaglaise, agus tá ḟios aġ gaċ duine ṡíl ḋul suas ar a ṁullaċ ċoṁ aiṁréiḋ is tá an tsliġe. Cloċa móra, cloċa beaga sgiorrfaḋ uait, sgailpeanna contaḃairteaċa, bogaiġ báiḋte, fraoċ go básta—sin a raiḃ roiṁ an easboc.

Deirfiḋ sé féin leat naċ sroiċfeaḋ sé an mullaċ go deó maraċ gur casaḋ an tiománaiḋe leis leaṫ- bealaiġ. Nuair ḃíos sé féin ag cur síos ar eaċtraiḃ na hoiḋċe sin, agus ar an eirġe-amaċ ḃí n-a ċroiḋe féin dá mbárr, cuireann sé isteaċ ar an sgéal le hinnseaċt céard d’eiriġ dá ṫiománaiḋe nuair caiṫeaḋ é féin agus an Sasanaċ amaċ as an teaċ ósta. Aċt giḋ naċ doċar aiṫris ḋéanaṁ ar easboc tráṫ ar biṫ fágfar an sgéal sin aige féin.... Nár ba fada go ḃfeicfear faoi ċló é.

Aċt ag iarraiḋ ḋul suas an cnoc ḋó, ċuala sé caoineaḋ caol cruaiḋ agus eiġṁe loma loisneaċa