Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
106
ANAM AN EASBUIC

Ṡiuḃal sé céad slat siar an bóṫar. Ḃí na cosa te aige faoi seo, agus ṫosaiġ sé ag maċtnaṁ ar ċeist ḃí ag déanaṁ buarṫa ḋó le tamall fada—an ċeist sin ḃí ġá ṫaḃairt go Baile Áṫa Cliaṫ le coṁairle a ġlaċaḋ le n-a ṡeanċaraid an t-Aṫair Antoine faoi.

Fear deaġṁóideaċ cóir ḃí san easboc. Ḃí croiḋe ann, agus misneaċ aige, aċt ḃí smaċt aige ar a ċroiḋe agus ar a ṁisneaċ ó ṫús a óige. An rud cóir a ḋéanaṁ i gcoṁnaiḋe—sin riaġail leag sé amaċ ḋó féin; agus rinne sé an rud cóir, de réir a léarguis féin, gaċ uile ṫráṫ ba ċuma céard ṫáinic as. Díṫṁeas an ṗobuil nó míċáirdeas na n-uaċtarán, ba ċuma leis iad; níor ċuir ceaċtar de’n dá niḋ sin isteaċ ariaṁ air ó rinneaḋ easboc ḋe. Ḃí daoine ann aduḃairt go raiḃ se ró-ṁór le daoine uaisle, le tiġearnaiḃ agus le luċt riaġaltais agus leis an dream sin uile; go ngéilleaḋ sé ḋóiḃ go ró-ṁinic; gur ċeap sé go mba luaċṁare anam tiġearna ná aon anam eile cruṫuiġeaḋ.... Duḃraḋ gur beag an áird ḃéaḋ ag an easboc ar an té ba ḋiaḋanta rugaḋ ariaṁ dá mbéaḋ fear mór uasal nó tiġearna saiḋḃir talṁan i n-aon tseómra leis.

Ḃí ḟios ag an easpoc go raiḃ an ċáil sin amuiġ air. Ḃí ḟios aige go n-abróċaiḋe arís agus arís eile é dá gcuirfeaḋ sé an smaċt cóir ar an Aṫair Ó Doṁnaill. Ḃí ceapṫa aige an smaċt sin a ċur ar an sagart óg dána sin gan céill, dá dtairneóċaḋ sé Éire uile anuas ar a ṁullaċ. Ní raiḃ sé ag glacaḋ comairle leis an seananamċara ḃí aige