Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/121

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
105
ANAM AN EASBUIC

raiḃ sé? Ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ i mBl’ Áṫa Cliaṫ; ní raiḃ le feiceál aige aċt maċaire mór leaṫan. Aċt céard ḃí ar an gcárr—ní raiḃ sé ag imṫeaċt ar ċor ar biṫ? Agus an giosgán agus an tormán ḃí ṡíos faoi! An t-inneall tubuisteaċ sin arís! Maraċ gur easboc ḃí ann ḋéanfaḋ sé an oiread easgaine leis an tiománaiḋe féin. Ba ṁór an míáḋ é an ṁoill seo ċur air, agus an deifir ḃí air go Baile Áṫa Cliaṫ.

D’osgail sé doras an ġluaisteáin agus amaċ leis ar an mbóṫar.

Ḃí an tiománaiḋe istiġ faoi’n gcárr agus é ag taḃairt na mionn. Má ḃí an t-easboc misneaṁail féin, ní raiḃ sé de ṁisneaċ aige cur isteaċ ar ċeárdaiḋe dá ṡórt. Agus ḃí aiṫne aige ar an tiománaiḋe seo.

Ċaiṫ an t-easboc cóta mór ṫar a ġuailniḃ, agus ṫosaiġ ag spaisdeóireaċt ḋó féin go míḟoiġdeaċ. Tiuḃraḋ sé reaṫa beag agus cúpla léim ó am go ham le n-a ċosaiḃ a ṫéiḋ, agus i ndiaiḋ gaċ cúpla léim d’ḟéaċaḋ i dtreó a ġluaisteáin. Aċt ní raiḃ aon ċosaṁlaċt ar an tiománaiḋe ḃeiṫ réiḋ.

Ċaiṫ sé leaṫ-uair eile ag spaisdeóireaċt ḋó féin. Annsin d’ḟéaċ sé ar an uaireadóir. Ḃí sé an deiċ a ċlog, agus ḃí geallta aige ḃeiṫ i mBl’ Áṫa Cliaṫ ag an Aṫair Antoine ar a naoi. Agus ó luiġe na talṁan ḃí ḟios aige naċ ḃféadfaḋ sé ḃeiṫ i ḃfois- geaċt fiċe míle de’n ċaṫair. Céard deirfeaḋ an seansagart diaḋanta riaġalta sin leis?

Aċt ní raiḃ sé de ḋánaċt ann cur isteaċ ar an tiománaiḋe.