Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
104
ANAM AN EASBUIC

D’ḟéadfaḋ an t-easboc fanaċt ar a ṡáiṁín soġa istiġ sa ċárr, agus é féin ar a ḃolg ar an mbóṫar fuar fliuċ ag iarraiḋ caoi ċur ar an diaḃal sin d’inneall!

Rug sé ar a ċuid óirnéis. Ḃain sé slaḃra beag amaċ as an inneall. Ḃain roṫa beag cruaiċ as áit éigin eile. Ċroċ sé suas ceann de na lampaiḃ móra, gur ḋearc sé isteaċ i ndiaṁaraċt na hinneall- aċta. Ṫug sé trí ṁionn eile annsin, agus ḃagair sé a ḋorn ar an easboc, nó ar an áit ar ṡíl sé an t-easboc ḃeiṫ n-a ċodlaḋ istiġ sa ċárr.

Is iomḋa sin easboc ar ċuir sé aiṫne air ó ċuaiḋ sé ar aimsir ag an gcléir i dtosaċ, aċt diaḃal easboc aca ḃí ċoṁ ceanndána leis an easboc ḃí n-a ċodlaḋ ós a ċionn. Cé’n meas d’ḟéadfaiḋe ḃeiṫ ar ḋuine ċeannuiġ gluaisteán de’n déanaṁ sin? Ḃí fonn air an t-inneall ḃaint ó ċéile ar fad: gan bior barra ná bís ḟágail ann—céard deirfeaḋ an t-easboc annsin nuair ḃéaḋ air iad a ċur n-a n-ionad ceart féin arís? Ċeap an tiománaiḋe go mba ṁór an spóirt ḃeiṫ ag féaċaint ar an easboc n-a luiġe ar an mbóṫar fliuċ agus é ag iarraiḋ an t-inneall bradaċ diaḃalta a ċur le ċéile arís!

Ní hé sin a rinne sé. Ṫosuiġ sé ag obair ar a ḋíṫċeall. Ṫosuiġ sé ag easgaine ar a ḋíṫċeall. Ag easgaine ar an easboc ḃí istiġ sa ċárr ḃí sé, agus ar gaċ uile easboc eile ḃí ċoṁ ceanndána is naċ nglacfaḋ coṁairle faoi ġluaisteán. A leiṫéid de ġiosgán agus d’easgaine is ḃí le clos istiġ faoi’n gcárr!

Ḋúisiġ an rúille-búille ḃí aige an t-easboc. Cá