Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/119

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Anam an Easbuic

Ḃí an t-easboc n-a ċodlaḋ. Ní raiḃ le feiceál aċt a ṡrón, a ḃéal, a smig, agus leaṫṡúil leis, nuair d’ḟéaċ an fear aimsire, tiománuiḋe an ġluaisteáin isteaċ ṫríd na fuinneógaiḃ air. Ḃí faoi innseaċt dó go gcaiṫfeaḋ sé moill a ċur air, go raiḃ rud éigin ar cearr le inneall an ċáirr, aċt nuair ṫug sé faoi deara sa gcúinne é, agus a raiḃ de ċótaiḃ móra agus eile ḃí aige timċeall air, ṡíl sé go mb’ḟeárr ḋó féin gan bacaḋ leis go gcuirfeaḋ sé caoi ar an inneall diaḃalta sin gan maiṫ.

Sgar sé a ċóta mór féin ar an mbóṫar faoi’n gcárr, agus isteaċ leis faoi, ag snáṁġail ar a ḃolg, ar nós péiste. Ḃí solus deas ó n-a réaltaiḃ, aċt b’ḟeárr ná sin an solus ḃí aige ó ḋá lampa cinn an ġluaisteáin. Nuair a ċonnaic sé cé’n obair ṁór ḃí roiṁe, agus deis a ċur ar an inneall, ṫug sé trí ṁionn agus d’ḟan aċar beag ar a leaṫuilinn ag féaċaint suas uaiḋ ar ṫóin an ġluaisteáin agus ar na roṫaiḃ aiṁréiseaċa ḃí istiġ i mbolg an innill.

Naċ ar an easboc ḃí an tubuisde agus a leiṫéid de ġluaisteán a ċeannaċt! Fuair sé an gluaisteán saor go maiṫ—aċt cé’n ṁaiṫ ḃí i ngluaisteán saor mara ngluaisfeaḋ sé? Naċ é ḃí ceanndána nár ġlac sé coṁairle leis féin—aċt ár ndóiġ, ní ar an

easboc ḃéaḋ an t-inneall gan maiṫ sin a leiġeas!

103