Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/123

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
107
ANAM AN EASBUIC

i mBl’ Áṫa Cliaṫ aċt ar eagla go raiḃ dearmad déanta aige féin ar aon ṗonc. Ba ċuma leis an tír uile go léir ḃeiṫ anuas air, ba ċuma leis cé’n díṫ- ṁeas ḃéaḋ ag an bPobul air, ċuirfeaḋ sé smaċt ar an Aṫair Ó Doṁnaill mara raiḃ a anamċara i n-ann aon niḋ táḃaċtaċ a ráḋ i ḃfáḃar an tsagairt sin, mara raiḃ sé i n-ann taoḃ eile de’n sgéal a noċtaḋ ḋó....

Oiḋċe ḃreáġ earraiġ ḃí ann, agus d’ḟan an t-easboc n-a ṡeasaṁ ar árd ḃí sa mbóṫar ag féaċ- aint siar agus siar-ndeas uaiḋ ar Ṁáiġ Life....

Ba ṁór an imniḋe ḋó an tAṫair Ó Doṁnaill. Maraċ go raiḃ sé n-a ṡagart ṁaiṫ ḋiaḋanta ba ġeárr a ré n-a ḋeóiġse; aċt má ḃí sé diaḋanta féin, ba ċosaṁla é le saiġdiúir ná le sagart. Naċ raiḃ sé ag caiṫeaṁ gaċ uile ṗiġin dá raiḃ aige ariaṁ ar ġunnaiḃ agus ar lón cogaiḋ agus dá roinnt ar na fearaiḃ óga? Cárḃ ḟios do’n easboc céard a ṫiocfaḋ as? Ḃí an sagart óg seo, an séiplíneaċ dána seo, ag dul ó smaċt ar fad. D’ḟógair sé féin air gan bacaḋ feasta le aon dream mileaḋta ḃí i n-aġaiḋ an riaġaltais agus cé’n freagra ṫug sé air aċt go raiḃ sé n-a Éireannaċ ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ n-a ṡagart. N-a ṡaiġdiúir ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ n-a ṡagart—sin é ba ċóra ḋó a raḋ, ċeap an t-easboc; an dúṫċas—fuil ḃorb aċrannaċ na nDoṁnallaċ— agus ṡíl an t-easboc go ḃfaca sé an tAṫair Ó Doṁnaill faoi ċulaiṫ gaisge, claiḋeaṁ mór soluis n-a ġlaic, sluaġ tréan ar a ṡáiliḃ agus iad ag gluaiseaċt rómpa ṫar an maċaire áluinn ḃí ós a ċoṁair amaċ....