Ḃog a ċroiḋe roinnt. Músgluiġeaḋ rud éigin i ndoiṁneaċt a anma. An seandúṫċas atá níos tréise ná an oileaṁaint, an fonn ċun troda ḃí sa ḃfuil aige—sin é an rud ḃí ġá ġríosaḋ. Níorḃ ḟada go raiḃ sé ag gaḃáil aṁráin, agus aṁrán naċ dtaiṫneóċaḋ le n-a ċaraid, an fear mór riaġaltais i mBl’ Áṫa Cliaṫ. Ċuir sé smaċt air féin. Ṁúċ sé an rud beag sin ḃí ag iarraiḋ eirġe as doiṁneaċt a anma....
Seafóid! seafóid agus díṫcéilliḋe ḃí ann uile go léir. Ní ḟéadfaiḋe an dream ḃí i gceannas a ḃogaḋ. Síleaḋ é ḋéanaṁ go minic agus céard ḃí ann de ḃárr na n-iarraċt uile?
Ḃí sé níos cinnte ná ariaṁ go raiḃ an tAṫair Ó Domnaill agus na hógánaiġ ḃí leis ar aiṁleas na tíre. Aċt ċuirfeaḋ sé féin smaċt air!
Ġluais leis go réiḋ mall agus go brónaċ i dtreó an ċáirr.
Pé ar biṫ cé’n galar ḃí ag gaḃáil do’n ġluaisteán d’eiriġ leis an tiománaiḋe a leiġeas. D’eiriġ sé amaċ as a lár istiġ, agus é sméarṫa le ola agus le salaċar. Siúd i n-áirde ar a ṡuiḋċeán féin é, ċas sé an roṫa, agus as go bráṫaċ leis an ngluaisteán agus gan aon ċeapaḋ ag an tiománaiḋe cóir aċt go raiḃ an t-easboc n-a ċodlaḋ istiġ ann.
Níor ċuir sé ṫar dá ṁíle bóṫair de, gur ṫosaiġ an preabaḋ agus an tormán arís san inneall. Ṫúirling sé. Ṡíl sé é leiġeas. Dá mḃéaḋ roinnt