Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/125

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
109
ANAM AN EASBUIC

páipéir aige b’ḟéidir go ḃféadfaḋ sé a ḋéanaṁ. Ċuaiḋ sé go dtí doras an ġluaisteáin go ḃfuiġeaḋ sé seanṗáipéar nuaiḋeaċta ón easboc.

Nuair d’osgail sé an doras leaṫ a ḃéal air. Ní raiḃ an t-easboc ann!

Ḋún sé an doras arís agus d’ḟan sgaṫaṁ beag ag smaoineaḋ. Ḃí sé n-a ḃaileaṁair. Cé’n ċaoi ar ċaill sé an t-easboc? Ar ḟág sé n-a ḋiaiḋ é i dteaċ sagart paráisde an Ċillín? Nó ar ḟág sé an cárr nuair ḃí sé féin ag cur deis air leaṫuair ó ṡoin? Cé’n fonn coisiḋeaċt ḃí air seaċas aon easboc dá raiḃ ar a aire ariaṁ? Naċ raiḃ a ḋóṫain le déanaṁ aige gan ḃeiṫ ag iarraiḋ ḃeiṫ ag coin- neál easbuic ó ḃeiṫ ag imṫeaċt leis féin de ṡiuḃal oiḋċe!

Leig sé fead, aċt má ċuala an t-easboc é níor ṫug sé freagra air. Ní aṁáin go raiḃ fonn ar an easboc céadna ḃeiṫ ag coisiḋeaċt leis féin de ṡiuḃal oiḋċe, aċt ḃí sé ċoṁ boḋar le sluasaid. Leig mo ḋuine fead eile ar an easboc. Dá mbéaḋ sé i ḃfoisgeaċt trí ṁíle ḋó ċluineaḋ an t-easboc an fead sin. Aċt ní ḃfuair an tiománaiḋe groiḋe freagra ar an ḃfead.

Ġluais leis siar an bóṫar cúpla céad slat ag féaċaint a ḃfeicfeaḋ sé an t-easboc i n-aon áit. Ġlaoḋ sé air i n-árd a ġoṫa ó am go ham, aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ ḋó ann.

Easboc ar fuaidreaṁ agus a ġiolla ar a ṫóir!

Casaḋ fear leis an ngiolla, leis an tiománaiḋe. Ḃeannuiġ sé ḋó.

“Féaċ,” ars an tiománaiḋe leis, “féaċ,” ar