Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/128

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
112
ANAM AN EASBUIC

“Ós a’ cainnt atámuid,” ars an Sasanaċ, “tig liom a ráḋ leat go ḃfillfiḋ mé féin agus beiḋ fáilte aici róṁam freisin.”

“Stop!” ars an tiománaiḋe, “nó—,” agus ċuir sé goṫa troda air féin.

Níor ṫuig an Sasanaċ an sgéal. Ḃí sé ar tí laḃairt arís, aċt ċuir an fear eile a ḋorn le n-a ḃéal.

“Níl aon ḃean aige,” ars an tiománaiḋe, “nár ḋuḃairt mé leat gur easboc atá ann?”

“Duḃairt, aċt—”

“Seo,” ars an tiománaiḋe go míḟoiġdeaċ, “seo, téiḋimís ar a ṫóir.”

Ċuaiḋ.

Ḃí an oiḋċe ag eirġe anḟuar. B’éigin dóiḃ coisiḋeaċt ṁaiṫ a ḋéanaṁ nó préaċfaiḋe iad. Ḃí teaċ beag ósta leaṫtaoḃ na sliġe. Bíoḋ is go raiḃ sé andeireannaċ san oiḋċe ḃí solus le feiceál ann.

“Má tá tóir aige ar an ól is istiġ annsin atá sé,” ars an Sasanaċ.

“Ní ólann sé aon ḃraon,” ars an tiománaiḋe, “agus níor ól ariaṁ. N-a aġaiḋ go mór atá sé.”

Aċt ó ḃí an oiḋċe ċoṁ fuar cráiḋte sin, ḃuail siad féin beirt isteaċ le n-a mbéal a ḟliuċaḋ le “braon beag te.”

Nuair a ṡroiċ an t-easboc an áit ar ḟág sé an gluaisteán, ní raiḃ sé le feiceál aige ár ndóiġ. Ní raiḃ sé cinnte go raiḃ sé san áit ċéadna ar ċos ar biṫ; is beag áird ḃí aige air agus an imniḋe ḃí