Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/129

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
113
ANAM AN EASBUIC

air faoi’n Aṫair Ó Doṁnaill. Ġluais leis sgaṫaṁ eile agus leaṫ-ḃaraṁail aige go ḃfeicfeaḋ sé an gluaisteán gan moill.

Aċt ní hé an gluaisteán is mó ḃí ag cur air aċt ceist an Aṫar Ó Doṁnaill. Dá mbéaḋ cead a gcinn ag a leiṫéidiḃ de ṡagairt óga ṁillfiḋe an tír. An méad d’eiriġ le daoine staidéaraċa ḃaint amaċ do’n tír le gliocas agus le bladar agus le láṁ-istiġ ḃeiṫ aca leis an riaġaltas, ċaillfiḋe arís é. Talaṁ gan cíos—níor ṫaiṫniġ sin leis ariaṁ; ḃí an Eaglais n-a aġaiḋ agus ní gan fáṫ é—“beiḋ na boiċt agaiḃ ċoiḋċe” ar sé leis féin. Aċt tá daoine ann, sa tír seo féin, atá ag cur i n-aġaiḋ an dliġe ṡeanda sin. An tAṫair Ó Doṁnaill, duḃairt sé uair.... Aċt dliġṫe gan cam—d’ḟéadfaiḋe iad sin a ċur i ḃfeiḋm i ndiaiḋ a ċéile—gliocas, stuaim, staidéar—sin é an ċaoi le dliġṫe córa ḃaint amaċ.... Aċt ní raiḃ sé ṫar leaṫṡásta leis féin, ná le n-a leiġeas. Ḃí an ċáin an-trom ar an tír agus ar ḃoċtaiḃ; aċt naċ raiḃ an ċáin dlis- teanaċ? “Taḃair do Ċaesar....” Aċt b’ḟeárr leis go mór naċ mbéaḋ Caesar ċoṁ géar sin orra.

Ċuiṁniġ sé annsin ar an gcoṁráḋ deireannaċ ḃí aige leis an Aṫair Ó Doṁnaill: ḃí sé féin agus an sagart óg sin n-a leaḃarlainn; eisean críona ciall- ṁar staidéaraċ ag iarraiḋ an sagart ċur ar a leas gan é smaċtaḋ go ró-ṁór; an tAṫair Ó Doṁnaill ar a aġaiḋ amaċ, lán de ḋóċas agus de ṁisneaċ agus de ḋánaċt agus de ġráḋ-tíre. Ċuala sé an dá ġlór anois féin agus é ag imṫeaċt roiṁe go mall réiḋ agus go brónaċ: