Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
114
ANAM AN EASBUIC

“Má tá naṁaid i n-ár measg féin, agus ní ġéillim go ḃfuil, naċ féidir codlaḋ ċur air agus an ċealg ḃaint as an naṁaid annsin?”

Agus an ċaoi a ċraiṫ an tAṫair Ó Doṁnaill a ċeann agus aduḃairt go bríoġṁar:

“A ṫiġearna, níl leiġeas i ndán do’n tír ċráiḋte seo, aċt píosaí beaga luaiḋe ċur san áit is feileaṁ- naiġe dóiḃ....”

Ċuir sin deireaḋ leis an gcainnt. Ṫuig an t-easboc cé’n áit ar ṁaiṫ leis na “píosaí beaga luaiḋe” a ċur. Níor ċuir an sagart óg aon ċosg ó ṡoin leis an gcleaċtaḋ airm. Níor ġéill sé ḋó féin. Ḃí cion aige féin ar an sagart óg; ċuaiḋ sé air go mór go gcaiṫfeaḋ sé é smaċtaḋ go géar agus go trom; aċt céard eile d’ḟéadfaḋ sé a ḋéanaṁ?

Ṡeas sé ar an mbóṫar agus d’ḟéaċ n-a ṫimċeall. Naċ é ḃí fuar? Agus an ceó ḃí ag eirġe aníos as an maċaire, as Maiġ Life! Ḃí aiṫṁéala air nár ṫug sé cóta mór níos truime leis; an droċṡlaġdán ḃí air ar feaḋ an ġeiṁriḋ naċ mór, ḃí eagla air go dtiocfaḋ sé arís.

Aċt cé’n solus aisteaċ é sin ḃí le feiceál aige sa spéir ṫoir-dtuaiḋ uaiḋ? Ḃí na néalta móra lomraċa ḃí ós cionn an ṁaċaire, ṫoir-dtuaiḋ uaiḋ, an-dearg. Toiteán i n-áit éigin.... árus mór i mBl’ Áṫa Cliaṫ ṫrí ṫeiniḋ b’ḟéidir....

Ḃí an bóṫar roinnt fliuċ agus ṫug sé rian ċáirr faoi deara sa ṗuiteaċ. Ḋearg sé níos géire ar na luirg. Rian ġluaisteáin—ḃí sé cinnte ḋe. A ġluaisteán féin b’ḟéidir—aċt cé’n tubuisde ḃéaḋ ar an tiománaiḋe gur imṫiġ sé leis gan é?