Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
111
ANAM AN EASBUIC

“Gaḃfaiḋ mise ar a ṫóir i n-aondtiġ leat má ṫogruiġeann tú?” ars an Sasanaċ, láġaċ go leór; b’é seo an t-eaċtra ba ṁó ḃuail n-a ṫreó ó ṫáinic sé go hÉirinn.

“Téanam,” ars an tiománaiḋe.

Ġluais leó beirt ar ṫóir an easbuic. Ṡiuḃal siad míle gan duine ná deóraiḋe ḟeiceál. Ḃí ceó beag ag eirġe aníos as an maċaire go raiḃ buin na gcrann b’ḟogus dóiḃ i ḃfolaċ orra, agus a mbárr ar nós na gcéadta oileán coillteaċ istiġ i lár loċa airgid.

“Tír áluinn í seo,” ars an Sasanaċ, ag féaċaint anonn uaiḋ ar an maċaire,” ṡílṫeá gur gail airgid atá ag eirġe aníos as an talaṁ....”

“Airgead,” ars an tiománaiḋe, “trí ṗunnt an t-acra tugtar ar an talaṁ sin.”

Ḋearg sé píopa.

“Préaċfar an fear boċt,” ar sé, “cé’n míáḋ ḃí air gur imṫiġ sé mar sin?”

“An imṫiġeann sé go minic?” ars an Sasanaċ.

“Corr-uair. Ḃfuil cipín eile agad?”

“Ta.... a ḃean b’ḟéidir—”

D’ḟéaċ an tiománaiḋe ar an Sasanaċ. Rug sé ar ġualainn air.

“Ná habair é sin arís,” ar seisean go bagarṫaċ.

“Ní abróċad,” ars an Sasanaċ, “ár ndóiġ níl aiṫne ar biṫ agam uirri. Ní fios dom naċ bean ḋeas láġaċ í....”

“Stop!” ars an tiománaiḋe.

“Naċ minic d’ḟág fear maiṫ groiḋe a ḃean, agus d’ḟill arís?”

“Stop!” ars an tiománaiḋe.