Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/115

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
99
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

Ḋá lá n-a ḋiaiḋ sin fuair an tseanḃean ṁórḋálaċ ṁisneaṁail sin bás. Ḃí Áine agus mé féin ar an tsoċraoid.

“Bean ṁisneaṁail,” arsa Áine liom agus an ḃeirt againn ag imṫeaċt aḃaile.

“Ar nós ṫú féin,” arsa mise léiṫi.

“Ar nós a mic,” arsa Áine.

Tá mé cinnte go raiḃ misneaċ ag an triúr aca: tá misneaċ agam féin freisin—cineál misniġ: aċt ní raiḃ sé de ṁisneaċ agam fós innseaċt d’Áine cé’n gean atá agam uirri.

Céard a ṁolfá ḋom a ḋéanaṁ?