Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
93
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

ceann le aiteas. Ba ṁilse ná mil beaċ léiṫi an molaḋ sin ṫug an tseanḃean aonraic do’n ḟear dá dtugadar beirt gráḋ.

Ṁolas féin é; buiḋeaċas súl Áine an luaċ saoṫair ḃí uaim....

Ṫáinic maor na seanṁná, agus fear óg n-a ċuideaċtain isteaċ, agus mise ag cainnt.

“Seo fear óg,” arsan maor, “agus ḃí sé san Eirġe-Amaċ freisin. Gaḃaḋ é; cuireaḋ ṫar lear é; sgaoileaḋ saor cúpla lá ó ṡoin é. Ṫáinic sé ar cuairt annseo le sgéalaiḃ ḋuitse—”

Ṡíleas go raiḃ deireaḋ leis an mbréag; ḃéad fírinne an sgéil ag an stráinséara. D’innseóċaḋ sé ar ḃealaċ tuataċ míostuamḋa. Brisfiḋe croiḋe na máṫar boiċte ḃí ag súil le n-a mac filleaḋ.

D’ḟéaċ mé ar Áine. Ní raiḃ aon ċosaṁalaċt imniḋe uirri siúd, agus níor ṫuigeas sin.

Ṫosaiġ an stráinséara ar a sgéal.

“Ceiṫre lá ó ṡoin d’ḟágas Frongoċ,” ar seisean, “duḃraḋ liom ṫeaċt annseo ar cuairt. D’eiriġ mé mór le do ṁac Riocárd ann....”

Ġeit mé. Cé’n mearḃall ḃí orm? Arḃ ionann an fear fuair bás le mo ṫaoḃ ar ḃárr an tiġe sin i mBaile Áṫa Cliaṫ agus mac na mná ḃí n-a suiḋe annsin ar nós deilḃ cloiċe?

Lean an stráinséara leis an sgéal.

“B’é croiḋe na cuideaċtain é; b’é tús agus deireaḋ grinn é; b’é an ga gréine i n-uaċais ḋorċa é....”

Lean sé do’n ċainnt agus do’n ṁolaḋ agus an máṫair ag éisteaċt leis gan cor a ċur di.