Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
96
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

duine ḋul ró-ġar ariaṁ do’n dé nó do’n anam atá innti; níl uirri anois aċt go ḃfuil sí ag eirġe cleaċtaċ eólaċ ar ṡaoġal ḋiaṁaraċ na ndall.”

Aċt pé ar biṫ é, ḃí an tsláinte ag dul i ndonaċt uirri. Faoi Ṡaṁain, níor ḟéad sí an teaċ ḟágail. Sa leabaiḋ ċaiṫeaḋ sí an ċuid is mó de’n ló. Is minic sa tráṫnóna go mbuailfinn féin isteaċ ann le coṁráḋ ḋéanaṁ léiṫi. Casfaiḋe Áine liom ann, agus ċaiṫeaḋ an ḃeirt againn cuid de ṫús na hoiḋċe ag cainnt léiṫi go dtuitfeaḋ sí n-a codlaḋ éadtrom bíoḋgaċ.

D’éaluiġeaḋ an ḃeirt againn linn annsin agus aiṁreas orainn céard ḃí i gcroiḋe na seanṁná. Ḃí mo ḃaraṁail féin agamsa—nár ṡáiṫ sí láṁ Áine isteaċ ’mo láiṁ féin uair? Agus nár ċoinniġ sí féin greim ar ár ḋá láiṁ feaḋ sgaṫaiṁ ḃig?

“Cé’n ċiall ḃí aici leis sin má ċeapann sí go ḃfuil Riocárd beó?” arsa Áine, agus an ḃeirt againn ag gaḃail an bóṫar aḃaile an oiḋċe sin.

“Cé’n ċiall ḃéaḋ aici leis,” arsa mise, “aċt go mbéaḋ cumann caradais eadrainn triúr go ḃfilliḋ Riocárd?”

D’ḟéaċ Áine orm. Níor aontuiġ sí leis an mín- iuġad sin ċeapas. Ṫáinic luisne n-a gruaḋ. Ḃí méala uirri gur laḃair sí....

Agus d’éaluiġ an aimsir ṫart ar an dóiġ sin.

Léiġeas ar an bpáipéar maidin go raḃṫas leis na príosúnaiġ ḃí i ḃFrongaċ a sgaoileaḋ aḃaile.