“.... a trí....” ars an clog.
Ṁoṫuiġeas an luċt aimsire ag riṫ isteaċ orainn. Naċ orra ḃéaḋ an sgáṫ?
“.... a ceaṫair....”
Beirfiḋe orm agus an piostal ’mo ġlaic. Aċt naċ ḃféadfainn a ċruṫuġaḋ ós coṁair coisde ar biṫ go mba leis féin an piostal?
“.... a cuig....”
Ár ndóiġ deirfeaḋ an coiste crónaire gur timpíst ḃí ann, naċ raiḃ ḟios ag ceaċtar againn go raiḃ urċar ann.
“.... a sé....”
Dá gcroċtaiḋe féin mé, an raiḃ doċar mór annsin? Naċ raiḃ ré mo ṁaiṫeasa ṫart ċeana féin?
“.... a seaċt....”
An lúṫġáir ḃéaḋ ar an saoġal Fódla! An bróid ḃéaḋ ortsa, a Ṁuirġéid! An tógḃáil croiḋe ḃéaḋ ort gur ḋíol fear marḃṫa ár mic as a ċuid oibre, agus gur mise rinne an gníoṁ!
“.... a h-oċt....”
Ċloisfiḋe an t-urċar seo ar fud an tiġe; ċlois- fiḋe a ṁac alla ar fud an doṁain ṁóir; ṫógaḋ sé gaċ deáġċroiḋe.
Ċualas cainnt an ḟir a ḃí le caiṫeaṁ agam. Ṡíleas go raiḃ sé an-fada uaim—na mílte míle. Ḃuail na focla sa gcluais mé, aċt níor ċuireas i ndiaiḋ a ċéile iad im’ intinn. Níor ḃaineas aon ċiall ċeart asta. Nuair ḃuail an clog an seaċtaḋ buille, ċualas é ag ráḋ rud éigin faoi ḋoċtúir agus go raiḃ eagla air naċ ḃféadfaiḋe a leiġeas ċoiḋċe. Ḃí ciall a ċuid cainnte ag dul isteaċ ’mo ċeann